Scrúdú poiblí sinsearach dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann is ea an Ardteistiméireacht, nó Scrúdú na hArdteistiméireachta. Bíonn sí á stiúradh ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit[1].

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtArdteistiméireacht
CineálSecondary school leaving examination (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Lár-Oifig Iontrála
foghlaim de ghlanmheabhair

Roghnaíonn an chuid is mó de scoláirí na hArdteistiméireachta an Ardteistiméireacht Bhunaithe[2]. Is clár 2 bhliain é an Ardteistiméireacht Bhunaithe. Tá réimse leathan ábhar ar fáil ann.

Déantar staidéar ar na hábhair go hiondúil ag gnáthleibhéal nó ardleibhéal. Is féidir staidéar a dhéanamh ar dhá ábhar (Matamaitic agus Gaeilge) ag bunleibhéal. Tá an bunleibhéal bunaithe ar riachtanais scoláirí a mbeadh deacracht acu leis an gnáthleibhéal nó ardleibhéal sna hábhair sin.

Go hiondúil déanann scoláirí staidéar ar 6 nó 7 ábhar sa tSraith Sinsearach. Caithfidh siad 5 ábhar ar a laghad, Gaeilge san áireamh a roghnú le haghaidh na Ardteistiméireachta Bunaithe.

Measúnacht agus scrúduithe

cuir in eagar

Déantar an Ardteistiméireacht bhunaithe a mheasúnú le scrúdú scríofa ag deireadh an chláir 2 bhliain. Tá scrúduithe praiticiúla agus obair thionscadail i gceist in ábhair áirithe mar shampla Ealaíon, Staidéar Foirgníochta agus Innealtóireacht. Tá béaltrialacha ann sa Ghaeilge agus i dteangacha na Mór-Roinne. Tarlaíonn na scrúduithe praiticiúla agus na béaltrialacha i rith bliana deiridh an chláir.

Bíonn an scrúdú scríofa ann i Mí an Mheithimh gach bliain.

Gach bliain ar an dara Céadaoin de Lúnasa, bíonn na torthaí ar fad ar fáil ar líne (examinations.ie[3]) ó uair an mheán-lae, ach i bpearsan ó na scoileanna ó 09.00 ar maidin.

Córas marcála le haghaidh grád scrúduithe

cuir in eagar

Tá 8 ngrád ag an scála, an grád is airde ná Grád 1, agus an grád is ísle ná Grád 8.

Tagann an scála grádaithe nua de 8 bpointe in áit an scála 14 pointe ag Ardleibhéal agus Bunleibhéal araon.

Roinntear marcanna idir 100% go 30% i seacht rann gráid (1-7). Tá gach rann 10% leathan.

Oideolaíocht

cuir in eagar

Cinneann an tAire Oideachais, a fhaigheann comhairle ón Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an curaclam do scoileanna na hÉireann.

De réir taighde[4] ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, is ag brath ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair agus an tabhairt chun cuimhne a bhíonn daltaí na hArdteiste seachas a bheith ag réiteach fadhbanna as a stuaim féin. Mar sin, is beag tástáil a dhéantar i scrúdú na hArdteiste ar scileanna a bhaineann le réiteach fadhbanna, smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht.

 
Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Ábhair ar fáil

cuir in eagar

Tá na hábhair atá liostaithe thíos ar fáil do mhic léinn Ardteistiméireachta, cé nach n-ofrálann formhór na scoileanna ach líon teoranta. Tá na hábhair i gcúig ghrúpa, agus baineann formhór na n-ábhar le grúpa amháin.

Teangacha éigeantacha

cuir in eagar
  • T1, An Béarla (éigeantach le heisceachtaí)
  • T2, An Ghaeilge (ag teastáil ó roinnt ollscoileanna le haghaidh máithreánach, éigeantach le heisceachtaí)

Teangacha neamhéigeantacha

cuir in eagar

Teangacha neamh-churaclaim Ní féidir na teangacha seo a leanas a thógáil ach amháin má tá an mac léinn ó bhallstát den Aontas Eorpach, má labhraíonn sé/sí an teanga ina roghnaíonn sé/sí a bheith curtha faoi scrúdú mar mháthairtheanga, gur lean sé/sí clár staidéir as a dtáinig an Ardteistiméireacht agus má tá sé/sí ag tógáil English san Ardteistiméireacht freisin. Coinníoll eile is ea gur féidir le hiarrthóir scrúdú a dhéanamh in ábhar teanga neamh-churaclaim amháin.[5]

Eolaíocht

cuir in eagar

Matamaitic

Eolaíochtaí saotharlainne

  • Fisic †
  • Ceimic †
  • Bitheolaíocht
  • Fisic agus ceimic (comhcheangailte) † (sa ghrúpa Eolaíochta Feidhmí freisin)

Staidéir ghnó

cuir in eagar
  • Cuntasaíocht
  • Eacnamaíocht talmhaíochta †
  • Gnó
  • Eacnamaíocht †

Eolaíocht feidhmeach

cuir in eagar
  • Eolaíocht talmhaíochta
  • Staidéar tógála
  • Innealtóireacht
  • Eacnamaíocht bhaile, eolaíoch agus sóisialta (sa ghrúpa Staidéar Sóisialta freisin)
  • Fisic agus ceimic (comhcheangailte) † (sa ghrúpa Eolaíochta freisin)
  • Grafaicí dearaidh agus cumarsáide ("líníocht theicniúil" roimhe seo)
  • Teicneolaíocht
  • Ríomheolaíocht
  • Corpoideachas

Staidéir shóisialta

cuir in eagar
  • Ealaín
  • Tíreolaíocht
  • Stair
  • Eacnamaíocht Bhaile, eolaíoch agus sóisialta (sa ghrúpa Eolaíochta Feidhmeach freisin)
  • Ceol
  • Polaitíocht agus an tSochaí
  • Oideachas reiligiúnach

Féach Freisin

cuir in eagar
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2017-05-25.
  2. citizensinformation.ie. "An Ardteistiméireacht Bhunaithe". Dáta rochtana: 13 Lúnasa 2018.
  3. Examinations.ie. "[ttps://www.examinations.ie/?l=ir&mc=se&sc=sh Examinations.ie]". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
  4. tuairisc.ie (2018). "An lámh in uachtar ag an bhfoghlaim de ghlanmheabhair ar an smaointeoireacht chriticiúil san Ardteist – taighde nua". Dáta rochtana: 14 Lúnasa 2018.
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-06-30. Dáta rochtana: 2021-02-24.