Teanga Gearmáinice Iartharach is ea an Ollainnis, nó an Ísiltíris (Fuaim Nederlands), agus í á labhairt ag 24 mhilliún duine, a bheag nó a mhór, san Ísiltír agus sa Bheilg don chuid is mó. Pléimeannais a thugtar ar chanúint Fhlóndrais sa Bheilg. Is deacair a rá, cé acu teanga ar leith nó canúint Ollainnise atá sa Phléimeannais. Is é an caighdeán céanna a úsáidtear sa dá thír, cé go bhfuil an teanga labhartha an-difriúil sa Bheilg. Labhraítear an Afracáinis san Afraic Theas agus sa Namaib. Teanga í a d'fhorbair as an Ollainnis faoi bhrú theangacha eile an réigiúin - canúint a shaothraítear mar theanga ar leith inniu.

Infotaula de llenguaAn Ollainnis
Nederlands, Hollands agus Vlaams
Eapainm theodisk (en) Aistrigh
Cineál teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 23,100,000 (2019)
Dúchasach do Cúige Antuairp, Brabant Fhlóndras, Flóndras, Réigiún Fhlóndras, Limburg, Flóndras Thoir, an Ísiltír, An Bhruiséil, French Flanders (en) Aistrigh, Kleve, Brabant Vallúnach agus Hainaut
Stáit an Ísiltír, An Bheilg, Suranam, An Fhrainc, An Ghearmáin, Arúba, Oileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib, Curaçao, Ríocht na hÍsiltíre agus Sint Maarten
Map of the Dutch World.svg
Aicmiú teangeolaíoch
na teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
teangacha Francóiniacha
Francóinis Íochtarach
Tréithe
Córas scríbhneoireachta aibítir Laidineach agus Dutch Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaithe Dutch Language Union (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1 nl
ISO 639-2 dut
ISO 639-3 nld
Glottolog dutc1256
Linguasphere 52-ACB-a
Ethnologue nld
ASCL 1401
IETF nl
Ceantar na hOllainise san Eoraip Thiar. (Ceantar oifigiúil i ndúghorm)

Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Aruba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo.

Tá gaol réasúnta dlúth ag an Ollainnis leis an nGearmáinis, go háirithe leis an Íseal-Ghearmáinis, is é sin, canúint thraidisiúnta Thuaisceart na Gearmáine. Tá gramadach na hOllainnise níos simplí ná gramadach na Gearmáinise, áfach, nó tá an difríocht idir an bhaininscneach agus an fhirinscneach beagnach imithe san Ollainnis.

Dutch a thugtar ar an Ollainnis as Béarla, ainm atá an-chosúil le hainm na Gearmáinise sa Ghearmáinis féin - Deutsch. (Is é is bunbhrí leis an bhfocal ná "teanga na cosmhuintire", is é sin, caint na ndaoine - le hí a scaradh ón Laidin, teanga na naomh is na n-ollamh.) Bhí na hOllannaigh ag tabhairt an ainm chéanna - dietsduutsch - ar a dteanga féin sna Meánaoiseanna, agus le fírinne, níor aithin siad ach de réir a chéile gur dhá theanga éagsúla a bhí i gceist leis an nGearmáinis agus leis an Ollainnis.

Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.

An Ollainnis taobh amuigh den ÍsiltírCuir in Eagar

Seachas na 16.7 milliún cainteoirí dúchasacha san Ísiltír, tá an Ollainnis labhartha sna tíortha seo a leanas:

An AstráilCuir in Eagar

Sa bhliain 2001 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga ag 40,188 duine san Astráil.

An BheilgCuir in Eagar

Is teanga oifigiúil í an Ollainnis sa Bheilg. Is í an máthairtheanga do thart ar 55% de dhaonra na Beilge. Cónaíonn an chuid is mó de na cainteoirí Ollainnise i bhFlóndras (an réigiúin ina bhfuil Ollainnis mar mháthairtheanga ag formhór an daonra).

CeanadaCuir in Eagar

I 2011 ba í an Ollainnis an mháthairtheanga do 110,490 duine i gCeanada, síos ó 128,900 duine sa bhliain 2006.

An Nua-ShéalainnCuir in Eagar

I 2013 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga do 24,006 duine sa Nua-Shéalainn.

S.A.M.Cuir in Eagar

I 2010 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga do 136,000 duine i S.A.M..

SuranamCuir in Eagar

Is í an Ollainnis an t-aon teanga oifigiúil i Suranam. Is í an mháthairtheanga do thart ar 60% agus tá sí mar dara teanga ag an chuid eile den daonra. Is í an t-aon tír a labhraíonn Ollainnis i Meiriceá Theas.

An FoghareolaíochtCuir in Eagar

ConsainCuir in Eagar

Is neamhchosúil le teangacha Gearmánacha eile í an Ollanais mar níl análú na gconsain aice. Chomh an formhór na teangacha Gearmáineachas, níor ghlac Ollainnis páirt i rith an Dara Iompú Consan Gearmáineach. Úsáideann an Ollainnis na faiceasaigh coghóisiagh na nGearmáinic Ársa, ach caillte nó modhnaithe in a lán teangacha Gearmánacha eile. Chomh an Rúisis, an Ghearmáinis nó an Bhriotáinis, tá deiridheamhghlóracha ag Ollainnis. Sna focail na hOllainis, is neamhghlórach é an deiriadhfuaim. Tugann an ghné seo a lán téarma comhfhuaimneach don Ollainnis, Mar Shampla "hard" (crua) agus "hart" (croí), agus "Golf" (tonn) agus "Golven" (tonnta).

  Débhéalach Béaildeadach Ailbheolach Iarailbheolach Coghóisiach/

Sine Siain

Glotasach
Srónach m n ŋ
Pléascach p b t d k (ɡ)
Cuimilteach  f v s z ( ʃ) (ʒ) x ɣ ɦ
Crá r
Faiceasach ʋ l j

Úsáidtear ( ʃ) (ʒ) agus (g) i bhfocail iasachta amháin.

GutaíCuir in Eagar

Gutaí Gearr
Tosaigh

Neamhchuimsitheach

Tosaigh

Cuimsitheach

Lár Cúil
Neas ɪ ʏ
Lár ɛ ə ɔ
Oscailte ɑ

 

Gutaí Fada
Tosaigh

Neamhchuimsitheach

Tosaigh

Cuimsitheach

Cúil
Neas i ~ iː y ~ yː u ~ uː
Láirneas øː
Lároscailte (ɛː) (œː) (ɔː)
Oscailtr

Úsáídtear (/ɛː œː ɔː/) i bhfocail Fraincis iasachta den chuid is mó.

FoghairtheaicticíCuir in Eagar

Is (C)(C)(C)G(C)(C)(C)(C) é an siollastruchtúr na hOllainis. An focal le an uimhir consain atá brúite le chéile is mó is é "slechtstschrijvend " /ˈslɛxtstˌsxrɛi̯vənt/ (ag scríobh is measa)

An GhramadachCuir in Eagar

Roinneann an Ollainnis a lán cosúlachtaí le an ghramadach na nGearmáinis, agus méid níos lú le an ghramadach na mBéarla.

Tuiseail agus InscníCuir in Eagar

Tá na tuiseal gramadach díofa in Ollainnis den chuid is mó agus tá siad in úsáid le hainmneacha, forainmneacha agus i bhfrásaí de ghnáth.

Tá dhá inscní ag Ollainnis inniu, an neodar agus an comhchoite. (I mBeilg, úsáidtear neodar, baininscne agus an fhirinscne/ comhchoite.)

Úsáideann Ollainnis dhá altaí cinnte, "de" agus "het", tá sin neamhchosúil le na "an" agus "na" i nGaeilge. Ní léiríonn na haltaí uimhir, léiríonn siad inscne

Tuiseal Uatha firinscne Uatha baininscne Uatha neodar Iolra (aon inscne)
Ainmneach de de het de
Ginideach van de / [des] van de / [der] van het / [des] van de / [der]
Tabharthach (aan / voor) de (aan / voor) de (aan / voor) het (aan / voor) de
Cuspóireach de de het de

[Seanfhoirm]

Ord na bhFocalCuir in Eagar

Is teanga ainmní - cuspóir - briathar (ACB) é an Ollainnis. Tá riail bhreise ag ord na bhfocal san Ollainnis. Gluaistear an briathar finideach don dara focal san abairt.

Sna habairtí le briathar amháin úsáideann Ollainnis an tord ABC nó BAC.

Jan hielp zijn moeder

Ian chuidigh a máthair

"Chuidigh Ian lena mháthair."

Gisteren hielp Jan zijn moeder

Inné chuidigh Ian a máthair

"Chuidigh Ian lena mháthair inné."

FoclóirCuir in Eagar

Is Gearmáinic den chuid is mó é an foclóir na hOllainis (timpeall 80%), agus tá 20% focail iasachta ag an stór focail na hOllainis. Is as an Fhraincis iad timpeall 6,8%, os cionn trian don iomlán na bhfocail iasachta. Is as an Laidin iad 6,1%, focail eolaíocht agus reiligiúin de ghnáth. Is as an Ghearmáinis iad 2,7%, ach tá a lán astu i litriú na hOllainis anois. Mar Shampla; Gearmáinis Fremdling → Ollainnis vreemdeling. Is as an Bhéarla iad 1,5%, ach tá ag meadú an uimhir seo.

LitriúCuir in Eagar

Scríobhtar an Ollainnis le an chló Rómhánach.

AibítirCuir in Eagar

 
Aibítir na hOllainis (1560)

Úsáideann an aibítir na hOllainis na 26 litrí don bunaibítir Rómhánach, uaireanta is litir an déghreaf "IJ, ij". Mar scríobhtar é mar cheannlitir, Mar Shampla IJsland "an Íoslann", agus tá sé eochair deighilte ar an méarchlár na hOllainis.

IdirdhealaitheaghCuir in Eagar

Úsáideann Ollainnis an fada a léiríonn béim voor/vóór "roimh" agus an idirphonc idirdhealú a dhéanamh idir gutaí scríofa reëel "réalaíoch" . Úsáidtear Idirdhealaitheagh eile uaireanta i bhfocail iasachta, Mar Shampla; garçon "gasúr", bèta "béite", enquête "suirbhé".

UaschamógCuir in Eagar

Léiríonn an uaschamóg litrí scriosta.

'k (ik)
m'n (mijn) mo
z'n (zijn) a
's avonds (des avonds) san oíche
's winters (des winters) sa gheimhreadh
's-Gravenhage (des Gravenhage) an Háig
A'dam (Amsterdam) Amstardam
  athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE