An Astráil
| |||||
Mana: - | |||||
Amhrán náisiúnta: Advance Australia Fair (Ar Aghaidh Leis an Astráil Álainn) | |||||
![]() | |||||
Príomhchathair | Canberra 35°15′ Thuaidh 149°28′ Thoir | ||||
An chathair is mó | Sydney | ||||
Teangacha oifigiúla | Ní aon (Béarla an teanga náisiúnta) | ||||
Rialtas | Monarcacht Bhunreachtúil (Daonlathas Parlaiminteach) Eilís II Sir Peter Cosgrove Malcolm Turnbull | ||||
Neamhspleáchas Comhlathas na hAstráile Reacht Westminster Acht na hAstráile |
1 Eanáir, 1901 11 Mí na Nollag, 1931 3 Márta, 1986 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
7,686,850 km² (6ú) 1% | ||||
Daonra • Meas. ó Eanair 2018 • Daonáireamh 2011 • Dlús |
24,978,330 (53ú) 21,507,717 3.2/km² (191ú) | ||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2013 $1,052.6 billiún (CAI) (19ú) $43,544 (An Banc Domhanda) (18ú) | ||||
Airgeadra | Dollar na hAstráile ($) (AUD )
| ||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
(UTC+8-+11) (UTC+8-+10) | ||||
Fearann Idirlín | .au | ||||
Glaochód | +61
| ||||
Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan. Is é Scott Morrison an Príomh-Aire faoi láthair.
Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí.
Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.
De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga[1]. Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas.
Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha. Tá timpeall os cionn 20 milliún duine sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de na cathracha. Is í an Bhanríon Eilís II ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.
TíreolaíochtCuir in Eagar
Tá beagnach leath na hAstráile ina fásach agus tá cuid mhaith den fhuílleach neamhthorthúil. Tír ársa shíonchaite atá i gceist, agus ní maith an fód atá ar an gcuid is mó di. Ní raibh ach 15% den talamh oiriúnach don fheirmeoireacht nuair a tháinig na hEorpaigh i ndeireadh an 18ú haois, agus ní bheadh ach 10% insaothraithe anois. San Oirthear atá an talamh is méithe agus an méid uisce is mó, ach rinne na chéad fheirmeoirí díobháil mhór don timpeallacht. Anois, áfach, tá feirmeoirí na hAstráile an-oilte ar thairbhe a bhaint as a gcuid talaimh.
Bhíodh coillte móra in oirdheisceart na tíre, ach leagadh an chuid ba mhó díobh sa 19ú haois. Crainn eoclaipe (a dtugtar crainn ghuma orthu) an cineál is coitianta, agus iad ag cur go maith le tír thirim agus le tinte coille. In oirthuaisceart na tíre tá iarsmaí na gcoillte fearthainne. Meastar gur fhág modhanna cliste dóiteáin na mBundúchasach rian buan ar leagan amach agus ar nádúr na gcoillte.
Tá aird ag an bpobal agus ag na polaiteoirí araon ar chúrsaí comhshaoil anois, ach is cosúil go mbeidh an tír thíos go mór leis an téamh domhanda, agus a laghad sin uisce ann.
Na StáitCuir in Eagar
- New South Wales, príomhchathair: Sydney
- Queensland, príomhchathair: Brisbane
- Deisceart na hAstráile, príomhchathair: Adelaide
- An Tasmáin, príomhchathair: Hobart
- Victoria, príomhchathair: Melbourne
- An Astráil Iartharach, príomhchathair: Perth
Na Críocha IntíreCuir in Eagar
- Críocha an Tuaiscirt, príomhchathair: Darwin
- Críoch Phríomhchathair na hAstráile, príomhchathair: Canberra
Daonáirimh na hAstráileCuir in Eagar
De réir na mblianta a leanas:
- Beirtear duine amháin gach dhá nóiméad:
- Faigheann duine amháin bás gach trí nóiméad agus dó is tríocha soicind;
- Tagann inimirceach nua gach dhá nóiméad agus cúig soicind;
- Mar gheall air seo tá an daonra ag fás san Astráil de réir aon duine amháin gach dhá nóiméad is dhá shoicind déag. [2]
Flóra na hAstráileCuir in Eagar
LeabhairCuir in Eagar
- Denoon, Donald, et al. (2000). A History of Australia, New Zealand, and the Pacific. Oxford: Blackwell. ISBN 0-631-17962-3.
- Hughes, Robert (1986). The Fatal Shore: The Epic of Australia's Founding. Knopf. ISBN 0-394-50668-5.
- Macintyre, Stuart (2000). A Concise History of Australia. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-62359-6.
- Powell JM (1988). An Historical Geography of Modern Australia: The Restive Fringe. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-25619-4.
- Robinson GM, Loughran RJ, and Tranter PJ (2000) Australia and New Zealand: economy, society and environment. London: Arnold; NY: OUP; 0-340-72033-6 páipéar 0-340-72032-8 crua).
Féach freisinCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- About Australia ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
- Governments of Australia Entry Point (Federal, State & Territory)
- Australia UCB Libraries GovPubs
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Níl Béarla bhfuil stádas dlíthiúil mar theanga oifigiúil sa Bunreacht.
- ↑ Australian Bureau of Statistics Population Clock 08.01.15
Comhlathas na Náisiún | ||
---|---|---|
Antigua agus Barbúda • An Astráil
• Na Bahámaí • An Bhanglaidéis • Barbadós • An Bheilís • An Bhotsuáin • Brúiné • Camarún• Ceanada • An Chipir • Doiminice • Fidsí • Gána • Grenada • an Ghuáin • India • Iamáice • An Chéinia • Cireabaití • Leosóta • An Mhaláiv • An Mhalaeisia • Oileáin Mhaildíve • Málta • Oileán Mhuirís • Mósaimbíc • An Namaib • Nárú • Nua-Shéalainn • An Nigéir • An Phacastáin • Nua-Ghuine Phapua • Ruanda • San Críostóir-Nimheas • San Lucia • San Uinseann agus na Greanáidíní • Samó • Na Séiséil • Siarra Leon • Singeapór • Oileáin Sholamón • An Afraic Theas • Srí Lanca • An tSuasalainn • An Tansáin • Tonga • Oileán na Tríonóide agus Tobága • Tuvalu • Uganda • Vanuatú • An tSaimbia |