Osclóidh seo an príomhroghchlár

I ndeireadh an 18ú haois a thosaigh scéal na Gaeilge san Astráil agus bhí na mílte cainteoir Gaeilge le fáil in oirdheisceart na hAstráile faoi sheascaidí an 19ú haois - cuid mhór de na hÉireannaigh a bhí sa tír ag an am. Chuaigh a líon i laghad ina dhiaidh sin, cé go raibh athbheochan ar siúl i Melbourne timpeall na bliana 1900 faoi thionchar Athbheochan na Gaeilge in Éirinn, agus roinnt foghlaimeoirí ag tabhairt faoin teanga. Bhí suim ag Astrálaigh éigin sa Ghaeilge anuas go dtí na caogaidí ar a laghad. Tháinig borradh faoin líon foghlaimeoirí sna hochtóidí agus an t-ilchultúrachas faoi lán seoil. Tá ranganna agus daonscoileanna ann anois agus taighde acadúil á dhéanamh ar stair na teanga san Astráil. Ina theannta sin, tá Astrálaigh ag cur le hiriseoireacht agus litríocht na Gaeilge.

Tús ScéilCuir in Eagar

Bhí roinnt cainteoirí Gaeilge i measc na ndaoránach agus na saighdiúirí[1] a tháinig i dtír ag Botany Bay in New South Wales i ndeireadh an 18ú haois chun pianchoilíneacht a bhunú.

Sa bhliain 1791 tháinig an Queen ó Éirinn agus daoránaigh ar bord: 135 fear agus 22 bean. De réir gach dealraimh bhí Gaeilge ag cuid acu ar a laghad i bhfianaise an eolais atá ar fáil ar staid na teanga in Éirinn ag an am, agus an Ghaeilge thar a bheith láidir i gCúige Mumhan go háirithe.[2]

Tá fianaise éigin ann gur fhág an Ghaeilge lorg ar chultúr na mBundúchasach. Bhí idir 250–300 teanga le 600 canúint á labhairt ag Bundúchasaigh nuair a tháinig na hEorpaigh [3] (níl ach fiche ceann acu ó bhaol anois)[4] agus b'fhéidir gurbh í an Ghaeilge an chéad teanga Eorpach a chuala Bundúchasaigh áirithe in oirthear na tíre. Tá fianaise ann go ndeachaidh an Ghaeilge i bhfeidhm anois agus arís ar a gcaint siúd.[5]

Bhí clú na ceannairce ar na hÉireannaigh i dtús an 19ú haois, agus léiríonn cuntas ón mbliain 1800 gurbh ábhar imní labhairt do na húdaráis na Gaeilge sa choilíneacht nua: braitheadh uisce faoi thalamh a bheith ag baint léi.[6] Admhaíodh sna 1820í nárbh fhéidir le sagairt a gcuid oibre a dhéanamh gan Ghaeilge.[7] Bhíodh Gaeilge á labhairt ag cuid de na ceithearnaigh choille féin, athdhaoránaigh a théadh amach ag creachadh agus ag marú agus dearg-ghráin acu ar na Bundúchasaigh.[8]

Coilínigh shaoraCuir in Eagar

Ba ghearr go raibh coilínigh shaora ag teacht ó Éirinn. Bhain siad le gach aicme - miondream oilte deisiúil, dream a raibh an cúpla punt acu, dream nach raibh acu ach riar a riachtanais. I ndeireadh na 1830í agus anonn sna 1840í ba mhinic ina sclábhaithe bochta iad, daoine a fáisceadh as contaetha a raibh an teanga láidir fós – Contae Chorcaí, Contae an Chláir, Contae Luimnigh agus Contae Thiobraid Árann (bhí deisceart an chontae sin ina Ghaeltacht theann ag an am) agus áiteanna eile.

Bhaineadh na hÉireannaigh tairbhe a bhaint as an inimirce mhaoinithe (assisted immigration), scéim a thosaigh sa bhliain 1829 agus a bhí ag brath ar airgead rialtais. Bhíodh an-eolas ag na hÉireannaigh ar bheartais inimirce na gcoilíneachtaí éagsúla agus dhéanfaidís beart dá réir. Dhéanadh na himircigh, a muintir agus a gcomharsana an scéal a phlé agus a shocrú eatarthu féin le cúnamh litreacha.[9] B’Éireannaigh iad 48% de na hinimircigh mhaoinithe a tháinig idir 1829 agus 1851 – sin 37,306 duine.[10] Ba chainteoirí Gaeilge mórán acu, aithne acu ar a chéile agus na canúintí chéanna acu, rud a chuideodh le caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail san Astráil. Sa tréimhse 1851-1860 a tháinig an líon is mó - 101,540. Fiú sna 1880í tháinig 55,476, cé go raibh laghdú mór ar a líon ina dhiaidh sin.[11]

Scaipeadh an Ghaeilge de réir mar a scaip na hÉireannaigh - ar fud New South Wales, chun Queensland, ó dheas chun Port Phillip District (ar tugadh Victoria air ina dhiaidh sin), níos faide ó dheas chun Van Diemen’s Land (An Tasmáin anois) agus siar amach. Ar New South Wales agus ar Victoria, áfach, is mó a thugaidís a n-aghaidh. Meastar gurbh Éireannaigh iad 35% ar a laghad de na hinimircigh a bhain an Astráil amach sna 19ú haois.

I seascaidí an 19ú haois ba threise ná riamh an inimirce ó Éirinn. Siopadóirí, feirmeoirí agus daoine eile den aicme sin a bhí i gcuid acu; clann feirmeoirí a bhí ina bhformhór, idir fhir agus mhná, agus iad óg agus láidir. In Victoria bhí Gaeilge (de réir mar a mheastar) ag a leath agus an oiread sin acu fáiscthe as Contae na Gaillimhe agus as Cúige Mumhan.[12]

Ag seo na figiúirí a bhaineann le labhairt na Gaeilge in iarthar agus in iardheisceart na hÉireann sa 19ú haois mar léiriú ar staid na teanga i ré mhór na hinimirce - sin líon na gcainteoirí dúchais a rugadh, mar chéatadán, i gcontaethe áirithe laistigh de thréimhsí deich mbliana.[13]

  • Contae an Chláir: 1771-81, 92%; 1801-11, 90%; 1831-41, 72%; 1861-71, 38%.
  • Contae Luimnigh: 1771-81, 76%; 1801-11, 73%; 1831-41, 34%; 1861-71, 3%.
  • Contae na Gaillimhe: 1771-81-81, 91%; 1801-11, 89%; 1831-41, 78%; 1861-71, 56%.

Áitriú agus ÓrCuir in Eagar

 
Oifig an Phoist ag Sandhurst (Bendigo) sa bhliain 1856

Tháinig na mílte as gach cearn i gcaogaidí an 19ú haois agus an órthóraíocht ar siúl, agus neart Éireannach ina measc. Bhí láithreacha móra óir in Ballarat agus in Bendigo i Victoria, agus an oiread sin cainteoirí Gaeilge sa dara háit gur ceapadh sagart le Gaeilge, an tAthair Stac, d’aonghnó chun freastal orthu. Thug sé seanmóir mhacarónach uaidh timpeall na bliana 1852, ag gabháil buíochais leis na fir a chosain ar phaca dian-Phrotastúnach é. Ag seo a línte deiridh:

Imídh libh abhaile agus ná déanaidh dearúd
Ar an mbailiúchán eile Dé Domhnaigh seo chúinn.[14]

Bhí Éireannaigh chun tosaigh i gceannairc áitiúil in aice le Ballarat sa bhliain 1854, ag cur in aghaidh mhursantacht na n-údarás. De réir cosúlachta bhí Gaeilge ag cuid mhaith acu. Tógadh bábhún i limistéar Eureka, agus bhí comhrac gearr fuilteach ann idir na mianadóirí agus na saighdiúirí. Is cosúil go raibh roinnt cainteoirí Gaeilge i measc na saighdiúirí féin.[15]

 
Ag déanamh móid dílseachta do bhratach na Croise Theas ag Bábhún Eureka ar 1 Nollaig 1854 — uiscedhath le Charles Doudiet

Tá fianaise ann faoi labhairt na Gaeilge in oirdheisceart na tíre sa dara leath den 19ú haois. Bhíodh Gaeilge á labhairt i lár Victoria agus ar an gcósta theas thimpeall Warrnambool, agus bhí leithéidí Phádraig Uí Fhearghail ann, fear a mbíodh cruinnithe sóisialta aige in Sebastopol, Ballarat, áit a mbítí ag cíoradh chúrsaí an tsaoil i nGaeilge. Bhíodh sé ar a dhícheall ag fáil síntiúsóirí d’Irisleabhar na Gaedhilge.[16] Bhíodh Gaeilge á labhairt in Bungaree, Victoria, áit a raibh clú an Ghaelachais uirthi.[17]

Iarracht ar AthbheochanCuir in Eagar

I ndeireadh an 19ú haois, agus líon na gcainteoirí dúchais ag laghdú, bhí scata díograiseoirí le fáil i Sydney agus i Melbourne, agus tionchar ag Athbheochan na Gaeilge in Éirinn orthu. Cuireadh craobhacha de Chonradh na Gaeilge ar bun agus bhí daoine ag múineadh na teanga.

Rinne corrdhuine san Astráil teagmháil le lucht na hAthbheochana, mar shampla, an Duinníneach a scríobh san aiste aige 'Irish Love of Learning' mar gheall ar "[a] man who, at the age of three, had emigrated from Clare in the famine time, wrote to me recently from Australia in the Irish language and character".[18]

I Sydney bhí Eoghan Ó Riain le fáil, múinteoir agus scoláire a rugadh i dTiobraid Árann agus é ar a dhícheall ag cothú na teanga san Astráil. Chruinníodh daoine d'aonghnó in Óstán an Rianaigh chun an Ghaeilge a chleachtadh. Fuair sé bás sa bhliain 1903. Ag an am céanna, bhí an Ghaeilge ("the Celtic") á múineadh ag mná rialta Éireannacha sna bunscoileanna acu, cuir i gcás, OLMC Parramatta, NSW, go dtí 1912, mar is léir ó litreacha Bhrigid Shelly (an tSiúr M. Alphonsus Shelly).[19]

I Melbourne, cathair mhór eile na tíre, bhíodh an Dr Nioclás Ó Domhnaill agus a chairde ag obair ar son na teanga. Rugadh an Domhnallach sa bhliain 1862 in Bullengarook i lár Victoria. Bhí Gaeilge ó dhúchas ag a máthair agus ag a aintín. Níor thug sé cuairt ar Éirinn riamh, ach bhí Gaeilge ar a dtoil aige. Ba scoláire Gaeilge agus bailitheoir é. Scríobhadh sé colún Gaeilge do nuachtán áitiúil agus bhí sé ar na daoine a bhunaigh an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge in Melbourne. Tar éis a bháis tugadh a leabharlann, a raibh timpeall 700 leabhar agus 300 paimfléad inti agus mórán acu i nGaeilge, do Choláiste Newman in Ollscoil Melbourne mar bhailiúchán Uí Dhomhnaill.[20]

In iarthar an oileáin seo, bhí craobh den Chonradh faoi lánseol in Perth sa bhliain 1902 nuair a thug Mr James Healy léacht uaidh i dtaobh na Gaeilge agus d'aithris sé dánta sa teanga chomh maith. Mr John Horgan a bhí sa chathaoir agus chan 'the Gaelic League choir' amhrán leis.

Lámhscríbhinní GaeilgeCuir in Eagar

Tá fáil ar chúig lámhscríbhinn Ghaeilge san Astráil.[21] Ní fios an iad seo amháin a tháinig chun na hAstráile, nó ar cailleadh roinnt eile.

Tá dhá lámhscríbhinn de chuid an 19ú haois le fáil i mbailiúchán Uí Dhomhnaill: leagan de Táin Bó Cuailgne ó lámh Sheosaimh Uí Longáin sa bhliain 1862, agus cnuasach finscéalta (Brisleach Mhór Mhuighe Muirtheimhne) ó lámh a dhearthár Peadar.

Tá tri lámhscríbhinn i Leabharlann Stáit Victoria. Fuarthas iad idir na blianta 1863 agus 1888. Dhá chnuasach litríochta agus leabhar urnaithe atá i gceist. Fuarthas ceann acu ón Athair Seán de Barra, fear a bhféadfadh gaol a bheith aige leis an scríobhaí Dáibhí de Barra, ar 12 Bealtaine 1863, ceannaíodh ceann eile sa bhliain 1867 ó dhíoltóir seanleabhar agus tháinig an tríú ceann mar bhronntanas ó Matthew O’Shanassy, mac an Ridire Seán Ó Seachnasaigh (1818-1883), polaiteoir a rugadh i gContae Thiobraid Árann.

Tá lámhscríbhinn urnaithe i gcartlann mhainistir New Norcia san Astráil Thiar. Ba é Seán Ó hUmhair an scríobhaí.

Idir-réCuir in Eagar

Bhí a lán díograiseoirí Gaeilge in Melbourne tar éis an Chéad Chogadh Domhanda agus ranganna ar siúl ag cuid acu. Ar na díograiseoirí sin bhí Fodhla Ní Chuileagáin, an tAthair Séamas Ó Maoileoin, J.A. Uí Cheallaigh, Cáit Nic Inéirí agus an tAthair Séamas Ó Duibhir. Ba mhinic baint acu leis an bpoblachtachas in Éirinn. Gníomhaí eile ba ea Sibéal Ní Mhearáin, bean a rugadh in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach agus a bhain Melbourne amach sa bhliain 1912. Chuidigh sí le craobhacha nua de Chonradh na Gaeilge a bhunú ann. Bean mhiotalach oilte í a bhíodh ag obair mar iriseoir agus a phós Arthur Calwell, Gaeilgeoir eile a bheadh ina pholaiteoir suntasach níos déanaí. [22] Bhí Gaeilge á múineadh i gcúpla scoil de chuid Shiúracha na Trócaire in Melbourne sna 1920í.[23]

Sa bhliain 1928 bhí daoine as gach taobh den Astráil páirteach i seisiún faoi chultúr na Gaeilge ag comhdháil Chaitliceach in Sydney. Foilsíodh cuntas trí leathanach i nGaeilge ar an seisiún in imeachtaí na comhdhála mar An Roinn Ghaodhalach.[24]

Sna 1920í bhí lámh ag Mícheál Ó Síothcháin, cóidiútar ardeaspaig Sydney agus scoláire cáiliúil Gaeilge, agus ag daoine eile in The Gael: An Dord Féinne, iris dhátheangach a mhair seacht mbliana ar a laghad.

Sa bhliain 1933 bhí dhá scór daoine ag freastal ar ranganna Chonradh na Gaeilge in Sydney.[25]

Bhí scata beag sna 1940í agus sna 1950í in oirthear na tíre a raibh suim acu sa teanga. Bhí tábhacht le Tomás Ó Cathaláin (1891-1969) mar nasc idir na glúine. Bhain an Astráil amach sa bhliain 1927. B’as Contae Luimnigh dó agus bhíodh sé ina thimire de chuid Chonradh na Gaeilge sa chontae sin agus i gContae Chiarraí. Bhí MA sa Léann Ceilteach aige agus d’fhan sé i mbun an léinn sa tír nua. Is iomaí alt a scríobh sé don Advocate, nuachtán Caitliceach, agus chothaigh sé gréasán de Ghaeilgeoirí in Melbourne go deireadh a shaoil.[26]

Ré nuaCuir in Eagar

Ar éigean a bhí aird ar an teanga sna 1960í. Ní raibh aon ghrúpa Éireannach in Melbourne ag plé leis an nGaeilge.[27] Músclaíodh suim sa teanga agus borradh ag teacht faoin gceol Éireannach sna 1970í. In Melbourne bhí baint mhór aige sin le hEibhlín Ní Bheaglaoich (cainteoir dúchais ó Chontae Chiarraí) agus lena fear céile Vincent Loughnane, beirt a bhunaigh craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Sna 1980í bhí ranganna Gaeilge ar siúl, ceann do dhaoine fásta in Ollscoil Melbourne agus cuid eile in áiteanna eile ó am go ham.

Sa bhliain 1983 cuireadh clár raidió i mBéarla agus i nGaeilge ar bun faoi cheannas Margaret Coffey ar 3 EA, stáisiún do phobail eitneacha a raibh a leithéid eile, 2 EA, le fáil in Sydney. Nuair a bunaíodh an Special Broadcasting Service (SBS) bhí clár lán-Ghaeilge ann a mhair anuas go dtí an bhliain 2003 agus é á chraoladh faoi seach ó Sydney agus Melbourne.

Bunaíodh Cumann Gaeilge na hAstráile in Melbourne sa bhliain 1992 chun an Ghaeilge a chur chun cinn le ranganna agus daonscoileanna. Timpeall an ama chéanna bhí grúpa díograiseoirí i mbun oibre in Sydney faoi anáil Mháirtín Uí Dhubhlaigh.

Faoi láthair tá ranganna Gaeilge á reachtáil in Sydney agus in Melbourne agus bíonn daonscoil ar siúl gach bliain in New South Wales agus in Victoria.

Maidir le NSW de, tháinig cor nua ann sa bhliain 1978 .i. Carnivale 1978 , féile ileitneach, nuair a labhair Al Grassby, ( 'Commissioner for Community Relations' ) cupla abairt as Gaeilge agus é ag caint ar stair na nGael san Astráil. D'fhoilsigh Oifig an Choimisinéara leabhar cuimhneacháin ina raibh leagan Gaeilge de fhógra oifigiúil an rialtais.

ScríbhneoireachtCuir in Eagar

Tá méid éigin scríbhneoireachta i nGaeilge a bhaineann leis an Astráil. Chaith Mícheál Ó Tiománaidhe, a bhí ina bhailitheoir béaloideasa in Éirinn, tamall san Astráil, agus sa bhliain 1907, i mBaile Átha Cliath, d’fhoilsigh sé Féidhlim Ó Néill, gearrscéal a bhí suite san iargúil in Queensland. Idir na blianta 1987 agus 1996 bhí an file Louis de Paor ina chónaí san Astráil agus é ag cumadh filíochta i cónaí. D'fhoilsigh sé 30 Dán sa bhliain 1992 (Coiscéim).

Tá roinnt scríbhneoirí Gaeilge ag gabháil don iriseoireacht nó don litríocht san Astráil faoi láthair. Scríobhann Bearnaí Ó Doibhlin colún rialta faoin Astráil don iris Beo.[28] Tá dírbheathaisnéis foilsithe ag Muiris Ó Scanláin, cainteoir dúchais ó Chorca Dhuibhne atá ina chónaí san Astráil le fada an lá.[29] Tá a lán gearrscéalta agus dánta foilsithe ag Colin Ryan sna hirisí Gaeilge,[30] agus cuireann sé amach An Lúibín, nuachtlitir Ghaeilge a scaiptear tríd an Astráil agus chun roinnt tíortha eile.[31]

Staid na Gaeilge faoi láthairCuir in Eagar

Sna cathracha is mó atá Gaeilgeoirí le fáil san Astráil, cé nach bhfuil ach smeareolas le fáil ó na figiúirí oifigiúla. De réir dhaonáireamh na bliana 2011 (na staitisticí is déanaí atá le fáil) bhí 1,895 duine ag úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus a bhformhór in Sydney agus in Melbourne.[32] Níl staitisticí ar fáil maidir le daoine a shaothraíonn an teanga lasmuigh den bhaile.

Tá taighde acadúil á dhéanamh ar stair na teanga san Astráil agus leabhair nó ailt á bhfoilsiú dá bharr.[33] Bíonn éileamh ar ranganna agus ar na "daonscoileanna" (deirí seachtaine Gaeilge).[34]

Tá idir Ghaeilge agus Bhreatnais ar fáil mar ábhar céime ag Ollscoil Sydney,[35] agus soláthraíonn Ollscoil Melbourne áiseanna taighde ar nós seimineár agus leabharlann.[36][37]

Ós rud é go bhfuil an Astráil scoite amach ón gcuid eile den domhan, is mór an tairbhe do Ghaeilgeoirí na tíre na hacmhainní atá ar fáil ar líne (an chuid is mó acu suite in Éirinn). Ina measc siúd tá Raidió na Gaeltachta (a bhfuil Astrálaigh faoi agallamh air ó am go ham),[38] na hirisí,[39][40][41] agus seirbhís díolta leabhar.[42]

NótaíCuir in Eagar

  1. Ar na saighdiúirí úd bhí Patrick Geary agus é ina ateangaire cúirte ar 20 Lúnasa 1808 ar son Phádraig Henchan, a raibh gadaíocht curtha ina leith. Hall 2008, lch 238
  2. Féach an scrúdú a dhéantar ar an scéal in Fitzgerald 1984; de Brún 2009, lgh 11-14.
  3. "Australian Social Trends" Australian Bureau of Statistics, 1999. Aimsíodh ar 17 Meitheamh 2012
  4. Nathan, D: "Aboriginal Languages of Australia", Aboriginal Languages of Australia Virtual Library, Dnathan.com 2007
  5. Lonergan 2005, lch 9: The Irish shared both language and music with the Aborigines, and there are traces of this contact today, as in a pidginised Irish language song in New South Wales Pidgin, and in a word for 'shoe' from the Irish of the Aran islands that entered the Ngiyampa language.
  6. O’Farrell 1987, lch 27
  7. O’Farrell, 1987, lch 27
  8. Tá cuntas ar thriúr ceathearnach coille in Van Diemen’s Land go luath sa 19ú haois, beirt Éireannach darbh ainm Ó Scanláin agus de Brún, agus Sasanach darbh ainm Richard Lemon. D’éirigh Lemon bréan den bheirt eile a bheith ag labhairt Gaeilge eatarthu féin agus mharaigh an Scanlánach nuair a bhí de Brún as láthair. Lean sé féin agus de Brún orthu ag creachadóireacht agus ag marú coilíneach agus Bundúchasach nó gur maraíodh iad féin. Féach Hughes 2003, lch 227
  9. Fitzpatrick 1991, lgh 133-152
  10. O'Farrell 1987, lch 69
  11. O'Farrell 1987, lch 63
  12. Noone 2012, lch 12
  13. Fitzgerald 1984
  14. Noone 2012, lch 41
  15. Féach, mar shampla, i measc saighdiúirí de chuid an 2ú/40ú Reisimint de Choisithe, na daoine a leanas: Timothy Galvin a rugadh i gContae Chorcaí, John Hall a liostáil i gCill Chainnigh i gContae Luimnigh, John Hovlin as Contae Sligeach agus John Sullivan, athsclábhaí, as Contae Phort Láirge: http://freepages.history.rootsweb.ancestry.com/~garter1/eureka.htm Eureka Stockade, December 3rd 1854 - December 3rd 2004, 150 years
  16. Noone 2012, lgh 101-102
  17. Noone 2012, lch 44
  18. Dinneen 1914, lgh 38-43, nota bene lch 42
  19. McGrath
  20. Ó Nuadháin 2009
  21. http://www.isos.dias.ie/irish/index.html – cnuasach lámhscríbhinní scanáilte agus í curtha ar fáil ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
  22. Noone 2012, lgh 111-116.
  23. Noone 2012, lch 125
  24. Noone 2012, lch 129
  25. Noone 2012, lch 128
  26. Noone 2012, lgh 141-143
  27. Noone 2012, lch 146
  28. http://www.beo.ie
  29. Muiris Mossie Ó Scanláin, An Mám ó Dheas, An Sagart 2010.
  30. Féach Feasta: http://www.feasta.ie.
  31. Le fáil ar shuíomh Chumann Gaeilge na hAstráile: https://gaeilge.org.au .
  32. Tá achoimre ar na torthaí ar shuíomh an Special Broadcasting Service (SBS): http://www.sbs.com.au/news/census/: roghnaigh 'Location' (pé stát atá i gceist - NSW/ACT agus msd.) > 'All other languages' > ‘Irish’ > aimsigh áiteanna áirithe ar an léarscáil.
  33. Féach Noone, 2012.
  34. Féach suíomh Chumann Gaeilge na hAstráile: https://gaeilge.org.au .
  35. http://sydney.edu.au/handbooks/arts/subject_areas/celtic_studies.shtml The University of Sydney: Celtic Studies. Aimsíodh ar 21 Meitheamh 2012.
  36. Féach Academic Centre, St Mary’s College and Newman College, University of Melbourne: http://www.snac.unimelb.edu.au/
  37. Baillieu Library, University of Melbourne: http://cat.lib.unimelb.edu.au/
  38. http://www.rte.ie/rnag/
  39. http://www.feasta.ie/ Feasta
  40. http://www.iriscomhar.com/ Comhar
  41. http://www.angaelmagazine.com
  42. http://www.litriocht.com/

TagairtíCuir in Eagar

  • An Lúibín, nuachtlitir choicísiúil Ghaeilge (féach suíomh Chumann Gaeilge na hAstráile thíos).
  • de Brún, Pádraig, Scriptural Instruction in the Vernacular: the Irish Society and Its Teachers 1818-1827, Dublin Institute for Advanced Studies 2009
  • Dinneen, Rev. P.S., 'Irish Love of Learning', in The Glories of Ireland , eds. Dunn, Joseph and Lennox, P.J., Phoenix Ltd, Washington, 1914. (An bhfuil an litir seo i measc pháipéirí an Ath. Dinneen i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann?)
  • Fitzpatrick, David, ‘ ’Over the Foaming Billows’: The Organisation of Irish Emigration to Australia,’ Poor Australian Immigrants in the Nineteenth Century, Eric Richards (ed.), Canberra: Australian National University 1991
  • Fitzgerald, Garrett, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy 1984
  • Hall, Barbara, Death or Liberty: The Convicts of the Britannia, Ireland to Botany Bay, 1797, Hall 2006
  • Hughes, Robert, The Fatal Shore, Vintage 2003
  • Lonergan, Dymphna, Sounds Irish, Lythrum Press 2005
  • McGrath, M.S., These Women? Women Religious in the History of Australia - The Sisters of Mercy Parramatta 1888 - 1988 , UNSW Press, Kensington, NSW, gan dáta [1988?]
  • Noone, Val, Hidden Ireland in Australia, Ballarat Heritage Services 2012
  • Office of the Commissioner for Community Relations, The Irish Contribution To Australia : Seiminéar 'Lá Muintir na hÉireann'/Proceedings of the Irish Day Seminar 22 September 1978, Canberra, 1979
  • Ó Nuadháin, Val agus Ryan, Colin: 'Nioclás Ó Domhnaill: Laoch na Gaeilge san Astráil' in Feasta, Bealtaine 2009
  • O'Farrell, Patrick, The Irish in Australia, New South Wales University Press 1987
  • Ó Súilleabháin, Amhlaoibh, Cín Lae Amhlaoibh, eag. Tomás de Bhaldraithe, An Clóchomhar Tte 1970 (léiriú comhaimseartha ar an nGaeltacht roimh an Drochshaol)
  • Ryan, C. ‘The Irish Australian Church: A Melbourne Study’, in Abe (I.) Wade Ata, Religion and Ethnic Identity: an Australian Study, vol.1, Melbourne: Spectrum 1988: lgh 10, 12, 24
  • The West Australian, Monday, 17 November 1902, p.4 (www.trove.nla.gov.au.digitalnewspapers Ceadaithe 24.8.12)

Ar líneCuir in Eagar

NaiscCuir in Eagar