Osclóidh seo an príomhroghchlár
Imircigh ag Fágáil na hÉireann, greanadóireacht le Henry Doyle. Imircigh ag tabhairt a n-aghaidhe ar na Stáit de bharr an Drochshaoil.

Ón 16ú haois amach tháinig na mílte cainteoir Gaeilge i dtír i Meiriceá, agus in áiteanna éigin mhair an teanga ar feadh i bhfad. Anois féin tá scata Gaeilgeoirí i Meiriceá ag iarraidh an teanga a chothú agus a neartú mar chaint agus mar mheán scríbhneoireachta, agus tá cuimhne na hÉireann le fáil fós sna hIndiacha Thiar.

An Ghaeilge i MeiriceáCuir in Eagar

 
Roimh an Réabhlóid: Dath bándearg atá ar na Trí Choilíneacht Déag

Teacht na GaeilgeCuir in Eagar

Ón mbliain 1565 amach bheadh roinnt Éireannach le fáil i ngarastún Spáinneach Fhlorida,[1] agus is é is dóichí go raibh Gaeilge ó dhúchas acu, mar a bheadh ag saighdiúirí Éireannacha de chuid na Portaingéile a cuireadh chun na Brasaíle sa bhliain 1605, áit ar mharaigh na hIndiaigh cuid mhaith acu.[2]

Tháinig na hÉireannaigh chomh fada le hAbhainn na hAmasóine, agus ba dheacair dóibh gan Gaeilge a thabhairt leo. Beirt deartháir darbh ainm Philib agus Séamas Purcell ba chúis leis an eachtra, agus bunaíodh daingean agus plandáil cois Chainéal Thuaidh na hAmasóine sa bhliain 1612. Bhí seachtó Éireannach ann faoin mbliain 1625, agus iad ag réiteach go maith leis na hIndiaigh agus le trádálaithe eile ó Shasana agus ón Ísiltír. Ach bhí doicheall ar na Portaingéalaigh roimh strainséirí, agus scriosadh an phlandáil go hiomlán sa bhliain 1631.[3]

Sa 17ú haois, go bhfios dúinn, is túisce a bhain na hÉireannaigh Meiriceá Thuaidh amach, agus Gaeilge ag a bhformhór mór. Bunaíodh plandálacha i gcoilíneacht Virginia go luath sa 17ú haois, agus tháinig ceithre dhream dhifriúla go dtí an choilíneacht ó Éirinn dá bharr: tionóntaithe nó sclábhaithe arbh ó Shasana ó dhúchas iad agus iad míshásta lena saol in Éirinn; sclábhaithe Éireannacha; amhantraithe talún ó Chúige Mumhan; uaisle díshealbhaithe de chuid na nGall-Ghael.[4]. Tháinig cuid eile ina n-iarsheirbhísigh ó oileáin Mhuir Chairib. Le linn Chromail cuireadh na mílte an loch amach chun na n-oileán sin agus chun Meiriceá féin. Sa bhliain 1653, mar shampla, tugadh cead do cheannaí as Bristol 100 fear a thabhairt leis go dtí na plandálacha i Virginia mar sheirbhísigh dhintiúr; sa bhliain chéanna tugadh cead do cheannaí as Bostún 400 páiste a thabhairt go dtí Virginia agus go dtí Sasana Nua.

Tá cuntas againn ar dhuine acu, seanbhean níocháin darbh ainm Ann Glover (Goody Glover mar a thugtaí uirthi). I gCorcaigh a rugadh í agus cuireadh í chun Barbadós le linn Chromail. Thug sí tamall maith ann agus tugadh chun Bostúin í mar sheirbhíseach. Sa bhliain 1688 tugadh í chun trialach i Salem, Massachusetts, as a bheith ina cailleach feasa. Bhí mearbhall na haoise uirthi agus bhí a cuid Béarla imithe as a cloigeann. B'éigean ateangairí a fháil di; daoradh agus crochadh í.[5]

Ré na RéabhlóideCuir in Eagar

Ba iad Pennsylvania agus Maryland na coilíneachtaí ab fhearr leis na hÉireannaigh, mar b'fhurasta príosúnacht a ghearradh ar Chaitlicigh a chleacht a gcreideamh sna coilíneachtaí eile sa chéad chuid den 18ú haois; théití sa tóir ar shagairt i Massachusetts.[6] B'fhéidir gurbh Éireannaigh 60% de na hinimircigh sa 17ú haois agus 36% san 18ú haois. B'fhéidir freisin gur 6% de na daoránaigh a cuireadh chun Meiriceá sa 17ú haois iad agus 15% san 18ú haois. Bhíodh an-tóir ar a leithéidí, idir dhaoránaigh agus shearbhóntaí dintiúr, i réigiún Chesapeake agus sna Carolinas sa 17ú haois. San 18ú haois thagadh formhór na nÉireannach i dtír i gcalaí Abhainn Delaware, Philadelphia agus Newcastle; bhí pobal mór Éireannach in Philadelphia agus a lán searbhóntaí dintiúr ina measc. Agus théadh na hÉireannaigh siar ar lorg ceantar nua, cé gur ghnách dóibh imeascadh leis an bpobal mór dá bharr. Tháinig méadú mór ar líon na n-inimirceach ó Éirinn tar éis an Chogadh Seacht mBliana agus díreach roimh an Réabhlóid; b'fhéidir gur tháinig 40,000 i dtír. [7] D'fhágfadh sin go raibh neart Gaeilge á labhairt i gceantair áirithe.

Anuas go dtí na 1750í bhí neart Éireannach ag teacht ina seirbhísigh dhintiúr nó mar "redemptioners". Bhí téarmaí seirbhíse an lucht dintiúr socraithe roimh ré - tréimhse 4-7 mbliana, agus cultacha, uirlisí, gunna agus 50 acra le fáil acu ina dhiaidh sin (nó socrú eile de réir 'nós na tíre'). Thugtaí na "redemptioners" anall gan socrú ar chostas an chaptaein; murarbh fhéidir leo an costas a chúiteamh "dhíolfaí" iad. Sna 1720í bhí formhór an dá dhream seo le fáil i bPennsylvania, i Maryland agus in Virginia. Tá fógraí coilíneacha ann i dtaobh searbhóntaí dintiúr ó Éirinn a d’éalaigh agus nach raibh Béarla ar a dtoil acu.[8]

 
Bá Chesapeake, Maryland.

I bPennsylvania, bhí saoirse creidimh ann, a bheag nó a mhór, a bhuíochas sin ar William Penn, bunaitheoir na coilíneachta. I gcontaetha Lancaster agus Cumberland ba mhó a chuaigh na hÉireannaigh chun chónaithe. Bhainidís feidhm as leabhair urnaí i nGaeilge agus i Laidin, agus ba nós acu dul go dtí séipéal Liútarach Dé Domhnaigh, cheal séipéil Chaitlicigh. I ndiaidh na seirbhíse, deiridís an Paidrín Páirteach i nGaeilge.[9]

 
"Conradh Uilliam Penn leis na hIndiaigh." Benjamin West a rinne.

Rinne Donncha Rua Mac Con Mara, file Muimhneach, liosta de na rudaí a líonfadh “cófra doimhin” an imircigh ina dhán Eachtra Ghiolla an Amaráin:

Do bhí seacht bhfichid ubh circe is éanlaith ann
Le haghaidh a n-ite chomh minic is ba mhéin liom,
Cróca ime do dingeadh le saothar
Is spóla saille ba throime ná déarfainn,
Bhí tuilleadh is naoi gclocha de mhin choirce glanchréartha ann…

Agus rudaí eile: prátaí agus leann, jackets, léinteacha breaca agus bróga.[10]

Tá fianaise ann go raibh neart Gaeilge á labhairt i reisimintí Meiriceánacha i rith Chogadh an Neamhspleáchais: dúirt Luke Gardiner (arbh é Lord Mountjoy é ina dhiaidh sin) i bParlaimint na Breataine ar 2 Aibreáin 1784 gur trí imircigh Éireannacha a cailleadh Meiriceá: ‘I have been assured on the best authority that Irish was commonly spoken in the American ranks’. Ó oifigeach a bhí ag troid i bPennsylvania a fuair sé an t-eolas.ref>Parliamentary Register 1784, lch 125: féach Mac Aonghusa, lch 15.</ref> Ní ghlacann gach scoláire leis an ráiteas seo, ach is minic a dúradh a leithéid ag an am.[11]

Soiléiríonn cás Samuel Burke taobh eile den scéal. Nuair a bhí an namhaid ag teannadh go crua ar na Briotanaigh thosaigh siad ag earcú saighdiúirí gorma, agus ina measc siúd bhí an Búrcach, fear a rugadh i South Carolina timpeall na bliana 1755 agus a tógadh i gCorcaigh. D'fhill sé ar Mheiriceá le Mountford Browne, feidhmeannach Ríoga. Bhí Gaeilge ar a thoil aige agus bhain sé feidhm aisti chun oibrithe duga i Nua-Eabhrac a earcú do reisimint Ríoga, reisimint a ndeachaigh sé inti é féin.[12].

 
Arm Briotanach ag géilleadh tar éis léigear Yorktown, rud a chuir dlús le críoch Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá

Beirt NótáltaCuir in Eagar

San 18ú haois rugadh beirt eachtránaithe a shaothraigh an Ghaeilge go díograiseach i Meiriceá: Maitias Séamas Ó Coinmhí agus Pádraig Phiarais Cúndún. Foclóirí ba ea Ó Coinmhí agus feirmeoir ba ea an Cúndúnach; chuidigh siad araon le scríbhneoireacht na Gaeilge a choinneáil beo sna Stáit.

SclábhaitheCuir in Eagar

I gcomhthéacs sóisialta áirithe is ceart úsáid na Gaeilge a mheas, agus ag dul i gcastacht a bhí cúrsaí sóisialta i Meiriceá sa 19ú haois.

Ba é an Drochshaol i ndaichidí an 19ú haois a thug ar na sluaite a n-aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá Thuaidh. Is cosúil go raibh Gaeilge ag a bhformhór (Gaeilge amháin go minic), agus ba iad na bochtáin iad, dream gan cheird gan oideachas. Seanlonga pollta a thug anall iad agus mharaigh an fiabhras na mílte; phlódaigh siad isteach sna ceantair bhochta chathrach, saol nach raibh taithí acu air; ach bhí cuideachta a gcineáil féin acu agus caidreamh acu ar a chéile. Agus lean orthu ag teacht ar feadh an chuid eile den aois sin.[13][14]

Bhain 1,187,000 Éireannach, idir mhná, fhir agus pháistí, Meiriceá amach idir 1847 agus 1854, an tríú cuid de na hinimircigh a tháinig ó Éirinn sa 19u haois. Tháinig 1,300, 000 idir na seachtóidí agus na nóchaidí. Daoine óga neamhphósta ba ea a bhformhór, agus mná ba ea a leath, beagnach, iad ag imeacht leo féin. Ar na cathracha, áit a raibh cuideachta Ghaelach, a bhí a n-aghaidh. Thaispeáin daonáireamh na bhliana 1870 nach mór an céatadán a bhíodh ag obair ar an talamh; bhíodh cuid mhaith acu ag obair sa tionsclaíocht nó sa déantúsaíocht - 26% díobh seachas 21% den lucht oibre ina n-iomláine. D'oibrigh cailíní ó Éirinn na meaisíní i monarchana fíodóireachta nó bróg mura raibh siad ar aimsir, agus ba rogha leis na fir óga na bóithre iarainn nó na láithreacha tógála. Bhí na mílte cainteoir dúchais ina measc.[15]

Is minic nach bhfuil le fáil ach blúirí fánacha fianaise faoi úsáid na teanga, ach is léir gur mhair an teanga tamall sna sráidbhailte agus sna bailte móra ansiúd is anseo. Bhí sí á húsáid sna 1830í i Lowell, Massachusetts; bhí gá le sagairt le Gaeilge in iarthar Virginia, agus bhaintí feidhm aisti i gcúrsaí toghchánaíochta san iarthar agus sa lár-iarthar.[16]

Bhí Gaeilge á labhairt i Minnesota ag daoine ó Chonamara.[17] Tá cuntas ar “breathless silence” a bheith ann agus an tAthair Seosamh de Barra ag seanmóireacht i nGaeilge Lá ‘le Pádraig sa bhliain 1846 in Eaglais Naomh Colm Cille i Nua Eabhrac; agus bhí Gaeilge le cloisteáil sa Deisceart, go háirithe i gCarolina Theas.[18]

Mar a dúradh thuas, bhí Gaeilge go leor le cloisteáil i bPennsylvania go háirithe. As Cúige Uladh is mó a tháinig na chéad chainteoirí Gaeilge sa chuid dheireanach den 18ú haois, agus sa 19ú haois thagaidís ó Ghaeltachtaí Chúige Mumhan agus Chúige Connacht – Contae Chorcaí, Contae Thiobraid Árann, Contae Chiarraí, Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo.[19] D’úsáidtí an teanga sna cúirteanna sna sráidbhailte guail timpeall Wilkes-Barre, agus is fiú a chuimhneamh gur sna bólaí sin a bhunaigh Pádraig Ó Tighearnaigh an chéad chumann Gaeilge i Meiriceá sa bhliain 1853.[20] Bhí sí á húsáid láimh le Chester freisin, sna sráidbhailte feirmeoireachta agus muilinn.[21] In Philadelphia féin bhí sí á labhairt ag na gualadóirí i bPort Richmond, agus ag na dugairí agus ag sclábhaithe eile i Southwark (áit atá in South Philadelphia anois).[22] Rinne an teangeolaí John Neumann, Easpag Philadelphia, staidéar ar an teanga le go bhféadfadh sé comhrá a dhéanamh le pobal na háite.[23]

Tríd is tríd, áfach, ní úsáidfí an teanga ach i lúb chuideachta; ní raibh meas uirthi sna hinstitiúidí a bhunaigh na hÉireannaigh – na scoileanna, mar shampla.[24]

Ciníocha agus CogadhCuir in Eagar

 
Cath Fredericksburg (1862)

Ar dhuganna Nua-Eabhrac agus Baltimore bhí achrann fíorghránna idir sclábhaithe Éireannacha (ar dócha gur chainteoirí dúchais Gaeilge cuid mhaith acu) agus na fir ghorma a bhíodh ag obair ann. Ba é comhrac na mbochtán eatarthu féin é agus ba líonmhaire na Gaeil.

Faoin mbliain 1863, nuair a bhí an Cogadh Cathartha faoi lán seoil, bhí greim daingean ag na hÉireannaigh ar na duganna agus ceardchumann scaoilte curtha ar bun acu. D'éirigh siad amach in éadan an choinscríofa agus i gcoinne fhuascailt na ndaor (níor theastaigh breis coimhlinte uathu i gcúrsaí oibre). D'ionsaigh siad oifigí liostála, stórais chogaidh, tithe na dtoicithe, misin Phrotastúnacha agus na fir ghorma féin - liosta cuimsitheach naimhde a shoiléiríonn aigne na mbochtán i Nua-Eabhrac. Thóg siad baracáidí agus b'éigean do shaighdiúirí a bhí tagtha ar ais ó chath Gettysburg na sráideanna a ghlanadh faoi chumhdach gunnaí móra. (Os a choinne sin, bhí na hÉireannaigh agus na hoibrithe gorma sásta seasamh le chéile i gcuanta an deiscirt tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.)[25]

 
An Ginearál Tomás Ó Meachair agus saighdiúirí Éireannacha ag Cath Fair Oaks, 1 Meitheamh 1862.

Ach cibé doicheall a bhí ar Ghaeil Nua-Eabhrac roimh an gcoinscríobh, b'fhearr bualadh an druma ná an t-ocras. Dá ndeoin féin a chuaigh Éireannaigh isteach sa 69ú Reisimint de Chos-Slua (Óglaigh Stát Nua-Eabhrac), agus an náisiúnaí Éireannach Tomás Ó Meachair i gceannas orthu. Chruthaigh siad go maith, agus d’fhill Ó Meachair ar Nua-Eabhrac chun an Bhriogáid Éireannach a thógáil, dream a raibh neart cainteoirí dúchais ina measc – fir óga a rugadh roimh an Drochshaoil, agus amhráin Ghaeilge á rá acu sna campaí chomh maith le hamhráin Bhéarla.[26]

Rinne an Bhriogáid an-saighdiúireacht, ach is beag duine acu a fágadh beo tar éis Chath Antietam (áit a raibh “Fág an Bealach” á scairteadh acu[27]) agus Chath Fredericksburg sa bhliain 1862.[28]

 
Sagart Caitliceach in Arm an Aontais ag léamh an Aifrinn

Athrach SaoilCuir in Eagar

Is féidir a rá gur thosaigh tréimhse nua i stair na nGael-Mheiriceánach timpeall na bliana 1870; bhí glúin nua ag teacht isteach agus bhí rath éigin ag teacht ar an dream a bhí i Meiriceá cheana. Ach is léir gur mhíchothrom an rud é an dul chun cinn sin. D'fhág seo a rian ar shaothrú na teanga, ós daoine a tháinig gan ghustal is mó a chuir suim sa teanga i Meiriceá.

Roimh an gCogadh Cathartha bhí formhór na nGael ina gcailíní aimsire agus ina náibhithe; i ndiaidh an Chogaidh bhí ceirdeanna á bhfoghlaim acu, cuid mhaith acu ina gcléirigh, agus méadú ag teacht ar lucht gairmiúil agus gnó. Bhí an dara glúin ag teacht chun cinn agus meánaicme nua ag teacht aníos. Ach an t-inimirceach nach raibh cara sa chúirt aige agus é gan scileanna gan Bhéarla, bheadh sé ag streachailt le saol a d'fhéadfadh a bheith dian go leor. Go fiú an té a raibh scolaíocht mhaith air agus éirim ann, níor chóir dó talamh slán a dhéanamh de go mbeadh rath air. Agus chomh déanach leis an mbliain 1915 bhí ráta báis na nGael-Mheiriceánach i gceantair bhochta Nua-Eabhrac uafásach ard, go háirithe i gcás na mban agus na bpáistí. Os a choinne sin, áfach, bhí Gael-Mheiriceánach ina ndlíodóirí, ina n-eagarthóirí, ina n-airgeadaithe agus eile ar fud na tíre: an-éagsúlacht sa phobal céanna.

Roimh an mbliain 1870, b'as Cúige Mumhan d'fhormhór na n-inimirceach - 42% idir 1861 agus 1870, agus an chuid is mó acu as ceantair láidre Gaeilge. 15% a tháinig ó Chúige Chonnacht, agus neart Gaeilge, arís, ina bpluc acu. Idir 1891 agus 1900 tháinig athrú ar an gcomhréir: 41% as Cúige Mumhan agus 27% as Cúige Connacht. Bhí an Ghaeilge ag trá sa bhaile, ach bhí cuid mhaith di ag teacht anoir go fóill - dá roghnódh a cuid cainteoirí í a úsáid. Is minic nár roghnaigh, agus bhí baint aige sin, ní hamháin le nua-aoiseachas na Stát, ach le nuachóiriú na hÉireann chomh maith. Bhí flosc chun nuachta ar dhaoine, agus mheall na Stáit mná óga go háirithe. B’fhurasta an tseanteanga a chaitheamh i dtraipisí i dtír nua.[29]

 
Conamara

Ní mór a chuimhneamh gurbh iad na Connachtaigh an dream ba bhoichte go fóill sa dara tréimhse seo, an dream ba lú oideachas agus ba lú eolas ar an saol. Bhí misneach iontu, ach bhí a lán acu ar bheagán Béarla, rud a choinneodh thíos sa tír nua iad, cibé beocht a d’fhan sa Ghaeilge ann dá bharr.

Colúin agus CumainnCuir in Eagar

Cé nach raibh scríobh agus léamh na Gaeilge á múineadh sna Scoileanna Náisiúnta in Éirinn is léir go raibh an cumas sin ag roinnt bheag Gael-Mheiriceánach ar a laghad, go fiú i lár an 19ú haois. Ón mbliain 1857 amach bhíodh colún Gaeilge ó am go chéile ar an nuachtán The Irish-American, agus ó 1869 bhí The Gaelic Department ann go rialta sa nuachtán céanna le ceachtanna gearra agus scéalta beaga i dtaobh an tseansaoil.

 
Boston, 1841

Sa bhliain 1873 bunaíodh an Philo-Celtic Society of Boston le deis a thabhairt do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim; cuireadh scoileanna Gaeilge ar bun ar fud an cheantair dá bharr, agus ón mbliain 1879 bhí giotaí Gaeilge le léamh go rialta ar The Irish World, nuachtán eile. (An Boston Type Foundry a rinne an cló Gaelach.)

Bhí na cumainn féin ag dul i líonmhaireacht: sa bhliain 1874 bhunaigh an Gaillimheach Mícheál Ó Lócháin agus roinnt daoine eile an Brooklyn Philo-Celtic Society, bunaíodh an New York Society for the Preservation of the Irish Language sa bhliain 1878, agus tamall ina dhiaidh sin an Philadelphia Philo-Celtic Society. Is dócha gur cuireadh breis is caoga cumann Gaeilge ar bun idir 1878 agus 1886.

Ó Lócháin a bhunaigh An Gaodhal, nuachtán dátheangach míosúil a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1881 “chum an teanga Ghaeidhilge a chosnadh agus a shaorthughadh agus chum Féinriaghla Chinidh na h-Éireann”. Foilsíodh scéilíní, litreacha, véarsaíocht agus corrphíosa béaloidis i nGaeilge; foilsíodh nuacht agus tráchtaireacht i mBéarla. Tionscadal tráchtála a bhí ann; bhí fógraí ann agus baint ag cuid acu le cúrsaí gnó an Lóchánaigh féin. Bhíodh “An Ghaodhal” á léamh go forleathan agus mhair sé beagán níos faide ná an Lógánach; cailleadh seisean sa bhliain 1899 agus tháinig deireadh leis an nuachtán sa bhliain 1904.

Bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i Nua-Eabhrac sa bhliain 1898, agus bunaíodh craobh eile ina dhiaidh sin i mBostún. Ba ghearr go raibh an Conradh agus na cumainn Philo-Celtic dulta in iomaíocht le chéile, rud a mhúscail éad agus achrann. Roghnaigh oidí éigin an Conradh thar na cumainn eile, agus d’fhág roinnt daoine an ghluaiseacht ar fad. Agus bhí na gnáthdheacrachtaí ann i gcónaí: easpa oidí oilte agus (cheal caighdeáin) aighneas faoi chanúnachas.[30]

LámhscríbhinníCuir in Eagar

D’ainneoin a raibh de Ghaeilge á chur i gcló i Meiriceá sa dara cuid den 19ú haois, bhí daoine ag léamh agus ag bailiú lámhscríbhinní Gaeilge go fóill.[31]

Bhí seachadadh an léinn Ghaeilge ón mbliain 1700 amach ag brath ar na lámhscríbhinní. Scríobhaithe, máistrí scoile agus feirmeoirí féin a scríobhadh iad, agus bhíodh meascán ábhair iontu: scéalta (Bodach an Chóta Lachtna), stair (Cath Cluana Tarbh), ginealaigh, filíocht (Cúirt an Mheán Oíche) agus ábhar cráifeach. Uaireanta, dá mbeadh éirim sa scríobhaí chuige, bheadh maisiúcháin iontu.

Bhí éileamh ar leith ar shaothar le Seathrún Céitinn, Foras feasa ar Éirinn (a dó nó a trí de chóipeanna i ngach paróiste, b’fhéidir), agus bhí éileamh freisin ar na laoithe Fiannaíochta agus ar fhilíocht sna mheadarachtaí aiceanta ón 17ú haois. Bhí raidhse bailiúchán ann, agus b’fhéidir go mbeadh ceathrar scríobhaithe nó mar sin ag cur píosaí isteach i ngach ceann acu. Dá mbeadh aon toirt i mbailiúchán is minic a thabharfaí bolg an tsoláthair air.

Do phátrúin áitiúla a scríobhadh cuid de na lámhscríbhinní – daoine uaisle agus eile a raibh suim acu sa litríocht agus léamh na teanga go maith acu. Cheannódh daoine iad nó gheobhaidís ar iasacht iad, agus léifeadh “Gaeilgeoir” (duine a raibh léamh na teanga aige) os ard iad i dteach tórraimh nó i dteach feirmeora nuair a bhí daoine cruinnithe chun oibre nó chun cuideachta.

 
Butte Montana 1942

Tháinig cuid mhaith bailiúchán chun Meiriceá leis na hinimircigh. Sa bhliain 1886, mar shampla, fuair cumann Gaeilge ocht n-imleabhar de lámhscríbhinní ó Phádraig Terry as Somerville. Fear eile, an Ciarraíoch Pádraig Feirtéar, cheannaíodh sé lámhscríbhinní agus é i Meiriceá, agus bhí ocht gcinn is tríocha díobh ina sheilbh nuair a cailleadh é i Chicago sa bhliain 1924.

Na Gaeil i mButte, MontanaCuir in Eagar

Tháinig lonnaitheoirí isteach i Montana ina sluaite tar éis Chogadh na gCarad, agus iad ag éileamh talaimh nó oibre. Bhí a lán treibheanna bundúchasacha rompu, agus rinne na hIndiaigh iarracht mhór ar a gcuid talaimh a chosaint ar na hEorpaigh. (Tá a lán caomhnuithe Indiacha fós ann, cé go bhfuil a gcuid teangacha i mbaol.) Is beag aird a thug formhór na lonnaitheoirí ar chearta an chéad chine, ach rinne cuid de na hÉireannaigh imeascadh leis na hIndiaigh. As sin a fáisceadh na Méti, dream de phór na mbundúchasach agus de lucht labhartha Gaeilge.

 
Teaghlach de threabhchas Assiniboine i Montana, 1890-91

Bhí baint mhór ag na hÉireannaigh le tógáil Butte, cathair mhór thionsclaíoch an Iarthair, agus í suite ar na Sléibhte Garbha (na Rockies). Ba í an mhianadóireacht príomhghnó Mhontana, agus tarraingíodh oibrithe as gach cearn - Éire, an Breatain Bheag, Sasana, Ceanada, an Liobáin, an Fhionlainn, an Ostair, an tSeirbia, Montainéagró, an Chróit, an Iodáil, an tSín, an tSiria, Meicsiceo agus gach taobh de na Stáit.

I ndeireadh an 19ú haois bhí an-éileamh ar chopar de bharr úsáid an leictreachais go háirithe. Chuaigh roinnt toicithe i ngleic le chéile chun greim a fháil ar shaibhreas na mianach, agus d’éirigh le Marcas Ó Dálaigh, cainteoir dúchais as Contae an Chabháin, a chion féin a tabhairt leis, é á iompar féin mar phátrún as an seansaol agus lé aige lena chineál féin, na Gaeil.[32] D’íocadh sé airgead maith, rud a choinníodh na hoibrithe suaimhneach; a mhalairt de scéal a bhí ann tar éis na bliana 1917, nuair a tháinig máistrí nua a isteach agus a thosaigh na stailceanna. Ina dhiaidh sin bhí ainm an achrainn ar an áit. I gceann dhá scór blianta tháinig tochailt na claise oscailte, agus b’in deireadh an ratha.

Mar a luadh thuas, ní raibh sna hÉireannaigh ach cuid de phobal measctha, ach bhí mórán díobh ann – 26% sa bhliain 1900, sin 8,026 duine as 30,420, agus an chuid ba mhó díobh ina mianadóirí. Bhí an chuid eile ina n-innealtóirí, ina siúinéirí, ina lucht caidéalaithe, ina ngaibhne agus mar sin de.

Ina sclábhaithe ó iarthar na hÉireann agus ina n-athmhianadóirí copair as Baile Chaisleáin Bhéarra go háirithe a bhí a bhformhór, mar is léir ó na sloinnte atá le fáil sna heolairí cathrach sna blianta 1886, 1892, 1899, 1902, 1908 agus 1914,[33] agus d'fhág sin go raibh Gaeilge ag mórán acu, gan trácht ar a raibh den teanga ag daoine ó chontaetha eile. Chuir an Dálach óstán ar bun le haghaidh núíosach, áit a dtugtaí ‘An Long Mhór’ uirthi agus ar chainteoirí dúchais iad a lán den fhoireann.[34] Bhí doicheall éigin roimh na hÉireannaigh sa phobal mór, mar sin féin; thugtaí ‘savages’ agus ‘harps’ orthu, ach sheas siad an fód. Bhí sé de bhuntáiste ag na Corcaígh go háirithe go raibh taithí acu ar an mianadóireacht ina gcontae féin sa bhaile.

 
Missouri Breaks - réigiún i lár Mhontana

Is iad na heagraíochtaí cultúrtha agus polaitiúla a mheall ceannairí náisiúnaíocha ó Éirinn agus iad ag siúl na Stát ag iarraidh airgid, ar nós Dubhghlais de hÍde agus Éamon de Valéra; fuair siad pobal rompu i mButte a chloígh le nósanna na hÉireann i gcúrsaí teanga, ceoil, peile agus nuachta.

Sa bhliain 1997 bunaíodh The Montana Gaelic Cultural Society, cumann a chuir roimhe Gaeilge a chur á múineadh go rianúil trí dheirí seachtaine tumoideachais agus trí mhúinteoirí a thabhairt anall ó Éirinn. Spreag an obair seo cuid d’fhoireann Ollscoil Mhontana chun clár Léinn Éireannaigh a bhunú: múintear Gaeilge, déantar staidéar ar dhúchas na hÉireann agus tugtar aird ar leith ar an gcaoi a ndeachaigh na Gael-Mheiriceánaigh i bhfeidhm ar chúrsaí na hÉireann.'

 
Butte, 1942

Aois NuaCuir in Eagar

Meastar go raibh 40,000 cainteoir Gaeilge in Philadelphia i ndeireadh an 19ú haois, 30,000 in Chicago, 70,000 i Nua-Eabhrac agus 30,000 i mBostún. Tháinig laoch an Chonartha, Dubhghlas de hÍde, chun Meiriceá sa bhliain 1905 le haghaidh turas léachtanna. D’éirigh leis $12,400 a bhailiú don Chonradh in Éirinn – airgead mór ag an am; ach b’fhéidir nach mbainfeadh sé Meiriceá amach ar chor ar bith murach dícheall beirte – Tomás Bán Ó Coincheanainn agus John Quinn. Ba dhlíodóir é Quinn, fear a thacaigh leis na healaíona agus a raibh aithne aige ar a lán daoine mór le rá in Éirinn. Thug de hÍde a chéad léacht i Harvard agus ar aghaidh leis ar fud na tíre. (I Nebraska bhuail sé le dlíodóir darbh ainm Holmes: “Rugadh agus tógadh in Meiriceá é ach mar sin féin bhí togha na Gaeilge aige”.) Bhí na ghluaiseacht i mbuaic a réime agus bhí sé in am buntáiste a bhaint as; i gceann fiche bliain bheadh an díograis ag lagú.

 
an pobal Gael-Mheiriceánach

Mar sin féin, bhí daoine ann i gcónaí ar mhian leo an Ghaeilge a chaomhnú sna Stáit. D’áitigh an Éire Society of Boston ar Roinn Oideachais Massachusetts cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil, rud a rinne sí idir na blianta 1937 agus 1944; bhí a ranganna Gaeilge féin ag an Éire Society ó 1950 go dtí 1953. Déarfá, faoin am sin, gur beag duine a raibh suim aige sa teanga: ní raibh gá ag Gael-Mheiriceánaigh le Gaeilge.

Faoin mbliain 1945 ní raibh ach aon Chumann "Philo-Celtic" amháin ann – cumann Nua Eabhrac. Faoi na seachtóidí bhí sé dulta i léig agus níor tháinig sé ar a sheanléim go dtí an bhliain 2004, cé go raibh Gaeilge á múineadh idir an dá linn ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín. Sa bhliain 1981 bunaíodh Daltaí na Gaeilge, eagraíocht dheonach ar chuspóir di ranganna a chur ar bun.

Scéal eile a bhí ann i gcúrsaí ardléinn. Tá Gaeilge á múineadh in Ollscoil Harvard ón mbliain 1896 i leith agus i mBerkeley (Ollscoil Chalifornia) ón mbliain 1909, agus anois tá sí le fáil mar ábhar céime ina lán ollscoileanna eile.

Ní mór tagairt a dhéanamh don Irish American Cultural Institute, foras a bhunaigh an Dr Eoin Mac Tighearnáin sa bhliain 1962 d’fhonn léargas cruinn a thabhairt ar Éirinn agus ar Ghael-Mheiriceánaigh. Tá aird ag an bhforas ar an nGaeilge agus airgead bronnta aige ar scríbhneoirí Gaeilge.

 
Irish American Heritage Center, Irving Park, Chicago, IL

Tá borradh éigin faoin nGaeilge sna Stáit faoi láthair. Formhór na ndaoine a chuireann suim sa teanga is Gaeilgeoirí iad seachas cainteoirí dúchais, cé go bhfuil na mílte díobh siúd ina gcónaí sna Stáit. Tá baint ag an scéal leis an rath atá ag teacht ar an teanga in Éirinn le beagán blianta anuas; tá airgead le fáil ó Rialtas na hÉireann, tá áiseanna nua teagaisc agus cumarsáide ann (féach a bhfuil ann anois de bhlaganna Gaeilge), tá a bhfad níos mó daoine ann a fuair oideachas trí Ghaeilge agus cuid acu ag obair sna Stáit, agus tá tuiscint úr ag scoláirí ar fhónamh na teanga i gcúrsaí léinn.

Muir ChairibCuir in Eagar

Tá stair dá cuid féin ag an nGaeilge i Muir Chairib, cé nach labhraítear an teanga anois ann. Is dócha go raibh Gaeilge á labhairt sna hIndiacha Thiar roimh na 1640í de thoradh inimirce na nÉireannach, agus is cinnte gur neartaíodh í le linn Chromail (ón mbliain 1649 amach) de bharr na mílte a dhíbirt as Éirinn.

Bhí Éireannaigh ag saothrú tobac i San Críostóir go luath sa 17ú haois; sa bhliain chuaigh siad go dtí Nimheas, agus is beag nach ndearnadh coilíneacht Éireannach den áit.

Bhí mórán Éireannach in Montsarat agus in Antigua freisin. Na hÉireannaigh a tháinig mar sheirbhísigh dhintiúr, fuair a lán acu píosa talaimh agus a dtéarma istigh; chuaigh cuid eile ar seachrán. Bhí Éireannaigh eile ina máistrí ó thús agus cuid acu sin ina dtoicithe, plandálacha acu agus mórán daor.

Bhí na hÉireannaigh ag teacht go fóill san 18ú haois, agus sa 19ú haois féin. Ó thaobh na staire de, is iomaí duine a tháinig ó iarthar agus ó iardheisceart na hÉireann, áit a raibh an Ghaeilge i dteann a réime fós sa chéad chuid den 17ú haois agus láidir go leor ina dhiaidh sin. Níl fianaise chinnte le fáil ar mhaireachtáil na teanga sna hIndiacha Thiar, ach tá roinnt eolais ann ar Ghaeilge oileán Mhontsarat, áit a raibh sí le cloisteáil, b'fhéidir, chomh déanach le lár an 19ú haois.

Féach freisinCuir in Eagar

LeabhairCuir in Eagar

  • Brack, Oscar T. and Lefler, Hugh T., Colonial America. Macmillan, New York & London, 1968 (2nd ed.).
  • Corkery, Daniel, The Hidden Ireland: A Study of Gaelic Munster in the Eighteenth Century. M.H. Gill and Son, Dublin 1925.
  • Emmons, David M., The Butte Irish: Class and ethnicity in an American mining town, 1875–1925. Urbana and Chicago: University of Illinois Press, 1989. ISBN 0-252-06155-1
  • Ihde, Thomas W. (eag.), The Irish Language in the United States: a historical, sociolinguistic and applied linguistic survey. Bergin & Garvey 1994. ISBN 089789331 X
  • Ó hAnnracháin, Stiofán (eag.), Go Meiriceá Siar. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1979.
  • Ó Madagáin, Breandán, An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1980 (an dara cló).
  • Uí Fhlannagáin, Fionnuala, Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1990.

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Quin, David B., Ireland and America: Their Early Association 1500-1640, Liverpool University Press, 1991, ISBN 0-85323-297-0, lch 11.
  2. Quin, lch 18.
  3. Quin, lgh 41-42.
  4. Quin, lch 21.
  5. Mac Aonghusa, Proinsias, ‘An Ghaeilge i Meiriceá’ in Go Meiriceá Siar, Stiofán Ó hAnnracháin (eag.), An Clóchomhar Tta 1975, lch 14.
  6. Meagher, Timothy, The Columbia Guide to Irish American History, Columbia University Press, 2005, lch 31. ISBN 0-231-12070-2
  7. Meagher, lgh 32-37.
  8. Kallen, Jeffrey L., ‘Irish as an American ethnic language’ in The Irish Language in the United States, Thomas W. Ihde (eag.), Bergin & Garvey 1994, lch 31.
  9. Mac Aonghusa, lch 15.
  10. Féach Corkery, Daniel, The Hidden Ireland, M.H. Gill & Son, Ltd 1925, lch 269.
  11. Kallen, lch 31. Dearcadh éigin polaitiúil a bhí i gceist anseo, mar a deir Kallen.
  12. Rodgers, Nini, ‘The Irish in the Caribbean 1641-1837: An Overview,’ IV, Irish Migration Studies in Latin America, http://www.irishargentine.org/0711rodgers4.htm
  13. Ó Gráda, Cormac, ‘Thar Farraige Siar’ in Go Meiriceá Siar, lch 106.
  14. Montgomery, David, ‘Na Gaeil agus Gluaiseacht an Lucht Oibre’ in Go Meiriceá Siar, lch 141.
  15. Féach Montgomery, lgh 138-153.
  16. Kallen, lch 32.
  17. McGowan, Lynn, ‘The Irish language in America’ in The Irish Language in the United States, lch 6.
  18. McGowan, lch 6.
  19. Callahan, Joseph, ‘The Irish language in Pennsylvania’ in The Irish Language in the United States, lgh 21-22.
  20. Callahan, lch 22.
  21. Callahan, lch 23.
  22. McGowan, lch 6.
  23. McGowan, lch 6.
  24. Callahan, lch 21
  25. Montgomery, lch 143, lch 147.
  26. Tucker, Phillip Thomas, God Help The Irish: The History of the Irish Brigade, McWhinney Foundation Press, 2007, lch 60. ISBN 978-1-893114-50-0
  27. Tucker, lch 84
  28. http://en.wikipedia.org/wiki/Meagher,_Thomas_Francis
  29. Féach Doyle, David, ‘Inimircigh Nua agus Meiriceá Tionsclaíoch 1870-1910’ as Go Meiriceá Siar, lgh 159-187.
  30. Féach Ó Dochartaigh, Liam, ‘Nótaí ar Ghluaiseacht na Gaeilge i Meiriceá, 1872-1891’ as Go Meiriceá Siar, lgh 65-90.
  31. Ó Madagáin, Breandán, An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900, An Clóchomhar Tta 1980 (an dara cló), lgh 45-48. Cuntas ann ar ghnéithe den traidisiún seo.
  32. Emmons, David M., The Butte Irish: Class and ethnicity in an American mining town, 1875–1925. Urbana and Chicago: University of Illinois Press, 1989, ISBN 0-252-06155-1, lgh 19-22.
  33. Emmons, lch 15
  34. Emmons, lch 24.