Baltimore, Maryland
Baltimore | |
![]() | |
---|---|
![]() | |
Rialtas | |
Tír | ![]() |
Stát | Maryland |
Méara | Catherine Pugh (D) |
Déimeagrafaic | |
Achar | 238.5 km² |
Daonra | 637,418 |
Dlús daonra | 3,045.7/km² |
Crios ama | EST/EDT (UTC-5/-4) |
www.baltimorecity.gov |
Is an chathair is mó i stát Maryland sa Stáit Aontaithe Mheiriceá é Baltimore. Is é an chathair is mó sa SAM gan aon chontae - chun críocha staitistiúil a mheastar an chathair féin mar chontae amháin. Bunaíodh í sa bhliain 1729 ar an gcuid thaoidmhear den abhainn Patapsco in aice leis an áit a dtéann sí isteach i mBá Chesapeake. Calafort mór tábhachtach é atá ceangal níos fearr aige le margaí an Midwest ná mar atá ag aon chalafort eile ar chósta thoir na tíre úd. Ba é an calafort céanna an dara bealach isteach ba mhó d’imircí sna Stáit Aontaithe (i ndiaidh cuan Nua-Eabhraic) chomh maith. Lárionad mór déantúsóireachta a bhíodh ann, tráth, ach seirbhísí an earnáil is tábhachtaí i ngeilleagar na cathrach inniu. Measadh 637,418 duine a bheith ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2009.[1]
Ainmníodh an chathair i ndiaidh an Tiarna Baltimore, ball de Theach na dTiarnaí i bParlaimint na hÉireann agus bundílseánach de chuid Choilíneacht Maryland. Fuair an duine seo a theideal as Baile an Tí Mhóir (arb é Baltimore an leagan Béarla de) i bparóiste Bharr na Cúile i gcontaetha Liatroma agus Longfoirt. Níl aon bhaint ag ainm na cathrach le Baltimore, nó Dún na Séad, i gContae Chorcaí.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |