Stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Maryland (AIF: [ˈmæɹ.ɪ.lənd]) atá suite i lár chósta thoir na tíre, i Réigiún an Lár-Atlantaigh. Tá teorainneacha ag Maryland le Pennsylvania ar an taobh ó thuaidh, le Virginia Thiar ar an taobh thiar, le Delaware agus leis an Aigéan Atlantach ar an taobh thoir agus le Virginia ar an taobh ó dheas. Tá teorainn aige freisin leis an gceantar feidearálach Washington, D.C. arb í príomhchathair na tíre í. Ba le Maryland an talamh sin go stairiúil. Ba é Maryland an seachtú stát a dhaingnigh Bunreacht Mheiriceá. Uaireanta, tugtar mar leasainmneacha air The Old Line State agus The Free State.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaryland
State of Maryland (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiúnluach ar iarraidh (2021) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Strong deeds, gentle words» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilÓiréal tuaisceartach agus Quercus alba Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmOld Line State Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósHenrietta Maria na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 39°00′N 76°42′W / 39°N 76.7°W / 39; -76.7
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAnnapolis Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán6,177,224 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús192.25 hab./km²
Líon na dteaghlach2,205,204 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dena Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha
South Atlantic states (en) Aistrigh
Réigiún an Lár-Atlantaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla32,131 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce21.8 % Cuir in eagar ar Wikidata
Imeallbhord3,190 mi Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceChesapeake Bay (en) Aistrigh, Potomac, Abhainn Susquehanna, Abhainn Patuxent, Abhainn Anacostia agus An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde105 m-350 ft Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeHoye-Crest (en) Aistrigh (3,360 ft) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Atlantach (0 ft) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síProvince of Maryland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú28 Aibreán 1788
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól Ginearálta Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
• Gobharnóir Maryland Cuir in eagar ar WikidataWes Moore (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Achomhairc Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód301, 410, 240, 443 agus 667 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2US-MD Cuir in eagar ar Wikidata
ID GNIS1714934 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmaryland.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Maryland an chéad áit i Meiriceá ina raibh an tsaoirse reiligiúnach[1][2][3], prionsabal a tugadh isteach i dtréimhse choilíneach an stáit. Shocraigh George Calvert[2][3], an chéad Tiarna Baltimore, go mbeadh Maryland ina thearmann do Chaitlicigh Shasanacha a bhí faoi ghéarleanúint.

Is é Maryland ceann de na stáit is lú achar agus is dlúithe daonra sna Stáit Aontaithe. Is í Annapolis príomhchathair an stáit ach is í Baltimore an chathair is mó. Cé go maítear go hoifigiúil gur ainmníodh an stát in ómós don Bhanríon Henrietta Maria[4], creideann go leor staraithe gur in ómós do Mhuire, máthair Íosa, a d'ainmnigh George Calvert i ndáiríre é sular bhásaigh sé in 1632.[5] Is é Maryland an stát is rachmasaí sa tír, óir is ann atá an meánioncam teaghlaigh is airde.[6]

Tíreolaíocht cuir in eagar

32,133.2 ciliméadar cearnach achar Maryland, figiúr is inchomparáide le hachar na Beilge (30,530 km2). Is é an 42ú stát is mó, nó an 9ú stát is lú, beagnach ar cóimhéid le Haváí.

Cé go bhfuil Maryland ar na stáit is lú achar, tá ilghnéitheacht topagrafaíochta agus réimse leathan timpeallachtaí nádúrtha le fáil ann. Tugtar 'Mionsamhail Mheiriceá' nó America in Miniature[7] mar leasainm eile air dá bharr. Tá oileáin fhada chúnga cois cósta agus dumhcha breactha le féar mara. Tá talamh íseal riascach isteach faoin tír agus mórthimpeall an Chesapeake, ceantar atá ag cur thar maoil le fiadhúlra. Is é an Chesapeake an t-inbhear is mó sa tír agus is beag nach ngearrann sé an stát ina dhá leath. The Eastern Shore a thugtar ar na contaetha sin lastoir den bhá. Is ar bhruach thiar na bá atá formhór mór an daonra. I lár an stáit, tá coillte darach agus talamh réchnocach sa réigiún a dtugtar an Píodmantach air. Tá iarthar an stáit lonnaithe sna Sléibhte Apaláiseacha.

Ritheann formhór mór na n-aibhneacha sa stát síos go dtí an Chesapeake, ach is i ndobhardhroim na Mississippi atá cuid d'iarthar Chontae Garrett, an contae is sia siar sa stát. Tá an pointe in airde sa stát, Sliabh Chnámh DromaBackbone Mountain, lonnaithe i gcúinne iardheiscirt Chontae Garrett chomh maith, gar d'uiscí uachtair na Potomac.

Contaetha i Maryland cuir in eagar

Aeráid cuir in eagar

Stair cuir in eagar

Déimeagrafaic cuir in eagar

Geilleagar cuir in eagar

Iompar cuir in eagar

Dlí agus rialtas cuir in eagar

Oideachas cuir in eagar

Spóirt cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Religious Freedom Byway Would Recognize Maryland's Historic Role", Megan Greenwell, Washington Post, Thursday, August 21, 2008 http://www.washingtonpost.com/wp-dyn/content/article/2008/08/15/AR2008081504104.html
  2. 2.0 2.1 "George Calvert and Cecilius Calvert, Barons Baltimore" William Hand Browne, Nabu Press (August 1, 2010), ISBN 117662539X ISBN 978-1176625396
  3. 3.0 3.1 "Reconstructing the Brick Chapel of 1667" Page 1, See section entitled "The Birthplace of Religious Freedom" http://stmaryscity.org/wp-content/uploads/2013/07/Chapel-Reconstruction.pdf
  4. "Maryland's Name". Catholic History of Maryland. Simon & Schuster. Retrieved July 20, 2012.
  5. Manual, State of Maryland. 1900.
  6. "State Median Household Income Patterns: 1990–2010". U.S. Census Bureau. Retrieved August 6, 2012.
  7. "Maryland Facts". Kids Room. Maryland Office of Tourism. Archived from the original on April 26, 2008. Retrieved May 19, 2008.

Naisc sheachtracha cuir in eagar


Stáit Aontaithe Mheiriceá  
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming