Virginia
Is stát é Virginia (go hoifigiúil, Commonwealth of Virginia nó Comhlathas Virginia) atá suite in oirdheisceart na Stát Aontaithe. Is é Richmond príomhchathair an stáit, ach is é Virginia Beach an chathair is mó. Úsáidtear an giorrúchán VA don phost.
Virginia | |||||
---|---|---|---|---|---|
Commonwealth of Virginia (en) | |||||
|
|||||
Aintiún | Our Great Virginia (Iúil 2015) | ||||
Mana | «Sic semper tyrannis» «Virginia is for Lovers» | ||||
Siombail oifigiúil | Cairdinéal tuaisceartach agus Virginia Quadricentennial tartan (en) | ||||
Leasainm | Old Dominion agus Mother of Presidents and the Mother of Statesmen | ||||
Ainmnithe in ómós | Coilíneacht Virginia | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Príomhchathair | Richmond | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,631,393 (2020) | ||||
• Dlús | 77.86 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 3,184,121 (2020) | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha South Atlantic states (en) | ||||
Achar dromchla | 110,862 km² | ||||
• Uisce | 7.68 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Airde | 290 m | ||||
Pointe is airde | Mount Rogers (en) (1,825 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | Carolina Thuaidh District of Columbia (en) Maryland Kentucky (1792–) Tennessee (1796–) Virginia Thiar (1863–) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Coilíneacht Virginia | ||||
Cruthú | 25 Meitheamh 1788 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Virginia | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Ginearálta Virginia | ||||
• Gobharnóir de Virginia | Glenn Youngkin (2022–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Virginia | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | US-VA | ||||
ID GNIS | 1779803 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | virginia.gov |
Stair
cuir in eagarB'iad na Spáinnigh an chéad dream ón Eoraip a tháinig i dtír san áit a bhfuil Virginia inniu, sa bhliain 1565. D'éirigh siad mór le fear óg de threibh na bPowhatan, agus rinne siad Críostaí de. Nuair a chuaigh an tonn bhaiste air, is é an t-ainm a fuair an buachaill ná Don Luis. Thoiligh Luís aghaidh a thabhairt ar an Spáinn agus oiliúint an tsagairt a tharraingt air féin, ionas go mbeadh sé ina mhisinéir i measc a mhuintire. Nuair a d'fhill Don Luis go tír na bPowhatan sa bhliain 1570, áfach, is é an rud a rinne sé ná nósanna na Spáinneach a thréigean agus feall a imirt orthu: mharaigh na Powhatan faoi cheannas Don Luis ochtar Íosánach a bhí ina misinéirí sa réigiún. Nuair a chuala rí na Spáinne iomrá air seo, chuir sé fórsa sluaíochta go tír na bPowhatan le díoltas a imirt ar na bundúchasaigh. Chroch na saighdiúirí Spáinneacha daoine de na cogaithe a bhí páirteach sa dúnmharú, ach níor tháinig siad riamh ar Don Luis. Creidtear gurbh ionann Don Luis agus Opechancanough, taoiseach a bhí i gceannas ar chónaidhm na bPowhatan nuair a tháinig na coilínithe ó Shasana lena n-áitreabh féin a bhunú i Virginia.
D'éirigh na Spáinnigh as a gcuid iarrachtaí coilínithe i ndiaidh fheillbheart Don Luís. Sa bhliain 1584, rinne Sior Walter Raleigh an chuid seo de chósta thoir Mheiriceá Thuaidh a thaiscéaladh, agus baisteadh "Virginia" ar an réigiún toisc go raibh Éilís a hAon, an Virgin Queen nár phós riamh, ag rialú Shasana san am. Sa bhliain 1607, bhunaigh an Captaen Christopher Newport agus an Captaen John Smith an chéad choilíneacht Shasanach i Virginia, ar ar tugadh Jamestown, in ómós do Shéamus a hAon.
B'é Jamestown an chéad phríomhchathair a bhí ag Virginia. Sa bhliain 1698, i ndiaidh dhóiteán Áras an Stáit i Jamestown, chaill an chathair an chéimíocht seo, agus rinneadh príomhchathair nua de Middle Plantation, a fuair an t-ainm nua Williamsburg in ómós don Rí Uilliam a Trí, nó "Bullaí", is é sin, Liam Oráisteach.
Ar an 12 Meitheamh 1776, d'eisigh lucht rialtais Virginia Forógra na gCeart, doiciméad a raibh an-tionchar aige ar ar Bhille na gCeart agus ar Bhunreacht na Stát Aontaithe. Ar an 29 Meitheamh, d'fhógair siad neamhspleáchas ar an mBreatain Mhór, mar Chomhlathas Virginia. Bhí Patrick Henry ar an chéad Ghobharnóir ar Virginia, ach sa bhliain 1779, tháinig Thomas Jefferson i gcomharbas air. D'aistrigh Jefferson feidhmeanna na príomhchathrach go Richmond, ó bhí eagla air go bhféadfadh na Sasanaigh Williamsburg a ionsaí ón bhfarraige.
I bhFómhar na bliana 1781, cuireadh Cath Yorktown i Virginia, a chinntigh neamhspleáchas d'iar-choilíneachtaí na Breataine Móire san Oileán Úr. B'é George Washington a bhí i gceannas ar na fórsaí Meiriceánacha sa chath tábhachtach seo.
Le linn Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe, bhí Virginia ar ceann de stáit an Deiscirt a fuair scarúint ón Aontas agus a rinne iarracht a gCónaidhm féin a bhunú. D'fhógair Virginia neamhspleáchas ar an 17 Aibreán 1861, agus chuaigh sí sa Chónaidhm i Meitheamh na bliana céanna. Sa bhliain 1863, d'fhág ocht gcontae is dhá scór in iarthuaisceart an stáit slán ag Virginia le stát nua a chur ar bun - Virginia Thiar. Bhí Richmond ina príomhchathair ag an Deisceart le linn an chogaidh chathartha, agus cuireadh an chuid ba mhó de chathanna an chogaidh i Virginia. Mar sin, rinneadh an-damáiste don stát seo le linn an chogaidh.
Tíreolaíocht
cuir in eagarContaetha in Virginia
cuir in eagarBailte in Virginia
cuir in eagar
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |