Titim an droichid Francis Scott Key

Thug an droichead Francis Scott Key i mBaltimore, Maryland, uaidh nuair a bhuail long choimeádán ceann de na piléir thaca ina lár ag thart ar 1.28am, 26 Márta 2024.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTitim an droichid Francis Scott Key
Íomhá
Map
 39°13′N 76°32′W / 39.22°N 76.53°W / 39.22; -76.53
Cineáltimpiste loinge
ship collision (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Márta 2024 (01:27. An tAmchrios Oirthearach) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDroichead Francis Scott Key, Maryland
Baltimore, Maryland, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata, Contae Baltimore, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisbridge strike (en) Aistrigh
timpiste loinge Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna6 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe2 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh2 (15 Aibreán 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí2 Cuir in eagar ar Wikidata
ScriostaDroichead Francis Scott Key Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Haischlib#BaltimoreBridgeCollapse Cuir in eagar ar Wikidata

Meastar gur thit seacht bhfeithicil san abhainn ach níltear cinnte fós cé mhéad duine a bhí iontu.

físeán
físeán

Cúlra cuir in eagar

2.6 ciliméadar ar fhad atá Droichead Francis Scott Key a théann trasna Abhainn Patapsco in iardheisceart Baltimore.[2] Téann an Patapsco isteach i gCuan Chesapeake ar thairseach an Aigéin Atlantaigh.

Droichead cruach trus is ea é a bhfuil ceithre lána ann. Ar ceann de mhórbhealaí stát Maryland is ea é. Osclaíodh é i 1977 agus chuaigh os cionn 11 milliún feithicil thairis sa bhliain 2023.

Tá Baltimore ar cheann de na calafoirt is gnóthaí sna Stáit Aontaithe. Is é Port Baltimore an port is gnóthaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heaspórtáil gluaisteán agus tá sé thar a bheith tábhachtach le haghaidh lasta freisin.

Tubaiste cuir in eagar

Bhuail long choimeádán, atá cláraithe i Singeapór, an droichead i bpríomhphort na cathrach.[3]

Bhí beirt phíolótaí ar bord ag an am. Tharla cliseadh cumhachta ar an long timpeall 1.24am agus seoladh comhartha guaise nóiméad roimh an imbhualadh. Tháinig gach duine den chriú slán sábháilte as.[2]

Dúnadh an droichead timpeall 1.27am-1.28am. Thit an droichead san fharraige de réir a cheile, idir 1.28am agus 1.30am, de bharr an damáiste a rinneadh don tacaíocht nuair a tharla an t-imbhualadh.

Bhí ochtar ag obair ar an droichead nuair a tharla an timpiste agus tugadh tarrtháil ar bheirt acu. Maraíodh an seisear eile.

Tógfaidh sé tamaillín an droichead a atógáil agus tá imní ann faoin tionchar ar shlabhraí soláthair an domhain.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. RnaG ADHMHAIDIN (27 MÁRTA 2024). "Noel Fahy, Na Stáit Aontaithe." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-31.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-03-26). "Daoine ar iarraidh tar éis do dhroichead tabhairt uaidh" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge, Londain (30 Márta 2024). "‎Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-31.