Is leabhar a mheascann an stair agus finscéalta é Foras Feasa ar Éirinn an príomhshaothar a scríobh Seathrún Céitinn. Foilsíodh sa bhliain 1634 é agus scríobhadh é sa Nua-Ghaeilge Mhoch. Rianann sé stair na hÉireann ó bhunú na cruinne go hIonradh na Normannach ar Éirinn sa 12ú haois agus bunaíodh ar thraidisiúin dúchais agus traidisiúin leathstairiúla é, ina measc stair shliocht Mhíl Espáine, filíocht stairiúil, annála agus taifeadtaí eaglasta. Níor tugadh cead an leabhar a fhoilsiú agus a scaipeadh i bhfoirm láimhscríbhinne de bharr go raibh argóintí ar son na gCaitliceach ann. Tá 140,000 focal ann éacht nach beag ag scríbhneoir le linn an Cheitinnigh an líon focal ann. Leabhar mór-rachairte ba ea é in am nach mbíodh díol ach ar dhornán éigin. Is bunchúrsa ar stair agus ar shaíocht na hÉireann é. Caitheann sé solais ar amanna anallód. Ba do mhuintir na séú haois déag a scríobhadh i dtús báire é. Ní féidir a mhaíomh gur téacs gan locht a chruthaigh an Céitinneach. Go dearbh thuig sé féin cuid de na laigí a bhí ann.

WD Bosca Sonraí LeabharForas Feasa ar Éirinn
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarSeathrún Céitinn Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Féach freisin cuir in eagar

Dá chluais Chapaill ar Labhraidh Loingseach

Tagairtí cuir in eagar