Dubhghlas de hÍde

Uachtarán na hÉireann

Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde ((Douglas Hyde as Béarla) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949).[1] Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945.

Dubhghlas de hÍde
Douglas Hyde - Project Gutenberg eText 19028.jpg
bunaitheoir eagraíochta


Uachtarán (teideal corparáideach)


Uachtarán (teideal corparáideach)

1893 - 1915
Uachtarán (teideal corparáideach)

1894 - 1895
Seanadóir na hÉireann

Feabhra 4, 1925 - Nollaig 6, 1925
Toghchán: fothoghchán
Seanadóir na hÉireann

Aibreán 27, 1938 - Bealtaine 4, 1938
Dúiche: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann
1. Uachtarán na hÉireann

Meitheamh 25, 1938 - Meitheamh 24, 1945 - Seán Tomás Ó Ceallaigh
Saol
Ainm iomlánDouglas Ross Hyde
Eolas breitheAn Caisleán Riabhach, 17 Eanáir 1860
NáisiúntachtÉire
Saorstát Éireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBaile Átha Cliath, 12 Iúil 1949
Cúis bháis (niúmóine)
Muintir
AthairArthur Hyde
MáthairElizabeth Oldfield
Céile/CéilíLucy Cometina Kurtz (en) Aistrigh  (1893 -  1937)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Ríoga na hÉireann
Leibhéal oideachaisBaitsiléir Ealaíon
Legum Doctor (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
an Ghaeilge
Gairm
Gairmpolaiteoir, file, aistritheoir, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, teangeolaí agus staraí
Duaiseanna
BallraíochtCumann na Scríbheann nGaedhilge
National Literary Society (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaSinn Féin
Discogs ID3676623
Douglas Hyde Signature.svg

CúlraCuir in Eagar

Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige.

Conradh na GaeilgeCuir in Eagar

Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.

Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".

Ina UachtaránCuir in Eagar

Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin ná le gluaiseacht na saoirse, ach bhí sé sásta suíochán a ghlacadh i Seanad Éireann. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a chuir Bunreacht Oifig an Uachtaráin ar bun sa bhliain 1937, ba é de hÍde an chéad duine a toghadh.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar


  1. president.ie. "Childrens Section - Stair / Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.