Pádraig Mac Piarais

réabhlóidí Éireannach a cuireadh chun báis i 1916, file, agus scríbhneoir

Oide, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus gníomhaire polaitiúil Éireannach ab ea Pádraig Anraí Mac Piarais, An Piarsach, (as Béarla, Patrick Henry Pearse; (10 Samhain 18793 Bealtaine 1916), agus é ar dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. An teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn an éirí amach, agus b'eisean a chur tús leis nuair a léigh sé Forógra na Poblachta agus iad ag glacadh seilbhe ar Ardoifig an Phoist. Gabhadh an Piarsach agus na fír eile nuair a theip ar an eirí amach, agus cuireadh eisean agus a dheartháir Liam chun báis.

Pádraig Mac Piarais
Patrick Pearse cph.3b15294.jpg
Saol
Ainm iomlán Patrick Henry Pearse
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Samhain 10, 1879
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Baile Átha Cliath, Bealtaine 3, 1916
Áit adhlactha Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás pionós an bháis (bású ag scuad lámhaigh)
Muintir
Athair James Pearse
Máthair Margaret Pearse
Siblíní
Oideachas
Alma mater Ollscoil Ríoga na hÉireann
Teangacha An Béarla
An Ghaeilge
Gairm
Gairm file, scríbhneoir, iriseoir, saighdiúir, polaiteoir agus dlíodóir
Duais
Ballraíocht Bráithreachas na Poblachta
Conradh na Gaeilge
Gluaiseacht Náisiúnachas in Éirinn
Seirbhís mhíleata
Céim ardcheannasaí
Throid sé/sí ag Éirí Amach na Cásca
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach

Tús a ShaoilCuir in Eagar

 
27 Sráid an Phiarsaigh, áit ina rugadh Pádraig agus Liam Mac Piarais.

LuathshaolCuir in Eagar

Rugadh Pádraig Mac Piarais i dteach ag 27 Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh inniu) i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1879. Dealbhóir agus saor cloiche ó Bhirmingham Shasana ó dhúchas a bhí ina athair James, Protastúnach a chuir a ghnó féin ar bun sna 1850idí a bhain rath nach beag amach. Dá bhrí sin, clann compordach meánaicmeach a bhí iontu.

Fuair an Piarsach a chuid bunoideachais ó na na Bráithre Críostaí.

DlíodóirCuir in Eagar

Céimí de chuid Ollscoil Ríoga na hÉireann[1] (BA sna Nuatheangacha 1901) ba ea é. Ag an am céanna glaodh chun Bharra na hÉireann sa bhliain ar bronnadh céim air.

Níor láithrigh sé sa chúirt ach uair amháin áfach, sa bhliain 1905, nuair a bhí sé ina ionadaí (gan rath) do Niall Mac Giolla Bhrígde, duine ar cuireadh ina leith gur thaispeáin sé comhartha "doléite" ar an gcarr asail a bhí aige (is é sin le rá ceann a scríobhadh i nGaeilge).[2][3] Cf. 𝙈𝙘𝘽𝙧𝙞𝙙𝙚 𝙫 𝙈𝙘𝙂𝙤𝙫𝙚𝙧𝙣 [1906] 2 IR 181). Cheap siad go raibh cás láidir acu ach chaill siad. Mhothaigh an Piarsach go ndearnadh éagóir sa chás. Réitigh an bharúil sin a bhealach i dtreo náisiúnachas na láimhe láidre. Agus níor spreag an cás sin é le dul leis an dlí mar cheann dá shlíte bheatha.

GaeilgeoirCuir in Eagar

 
Thóg an Piarsach teach beag ceanntuí dó féin i Ros Muc

Sa mbliain 1898 chaith an Piarsach agus John Milington Synge tamall ar oileáin Arainn ag foghlaim ó Mhairtín O'Conghaile. B’iomaí tréimhse a chaith sé i gConamara ag foghlaim na teanga, go dtí 1915.

I mí an Mharta 1903 chur an Piarsach isteach ar phost mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis (iris Chonradh na Gaeilge) agus fuair sé é. Choinnigh sé an post sin go dtí deireadh na bliana 1909.

I mí Aibreáin 1903 bhí air dul ar thuras go dtí Ros Muc don chéad uair ag obair mar "scrúdaitheoir" do Chonradh na Gaeilge.[4] Bhí muintir na háite ag fanacht leis ag an stáisiún traenach ag an Teach Dóite. Nuair a tháinig an Piarsach chomh fada leo thug siad faoi deara nach mbeadh aon áit le fanacht aige, mar sin, shocraigh siad go bhfanfadh sé Tí Mháille áit a bhfuil an siopa agus Oifig an Phoist fós ann.

Chaith an Piarsach an t-am san áit ag cur daoine "faoi scrúdú Gaeilge". Chuaigh an áit go mór ar an bPiarsach agus gur fhan sé cúpla lá sa mbreis sa gceantar. Is ag an scoil a chur an Piarsach aithne ar Colm O’ Gaora a bhí ina príomhoide ag an am i scoil an Ghoirt Mhóir. (Ba fhear é a bhí an-pháirteach leis an éirí amach é Colm níos déanaí).

 
óráid cois uaighe, Sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa, Lúnasa 1915

Thóg an Piarsach teach beag ceanntuí dó féin i Ros Muc (ar an Turloch, a bhí ag breathnú amach ar Loch Eiriulach agus Cnoc an Dámh áit a bhfuil an mhéanscoil, séipéal, stáisiún gardaí thíos faoi). Chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na háite. Sna 1910idí, nuair a cuireadh na hÓglaigh ar bun, bhí lámh aige san obair sin, freisin - bhunaigh sé buíon acu i Ros Muc.

 
óráid cois uaighe, Sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa, Lúnasa 1915

OideachasóirCuir in Eagar

Bhunaigh an Piarsach Scoil Éanna sa mbliain 1908 i Raghnallach, arbh í an chéad scoil dhátheangach (do bhuachaillí am) sa tír le blianta fada. Léirigh sé a dhearcadh faoin oideachas ina leabhar 'The Murder Machine', agus b'í an Scoil Náisiúnta an "meaisín" a bhí i gceist aige, ó bhí sé barúlach gurb í an scoil sin a bhí ag déanamh cabhóg na Gaeilge. Bhí suim aige sa nGaeilge ó thús a óige. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge sa bhliain 1896 agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois.

Ba iad aidhmeanna na scoile ná:

Instruct pupils in a love of the Irish language, Educate pupils in a love of chivalry and self-sacrifice, Teach pupils to have “charity towards all”, a sense of civic social duty.
 
Padraic Pearse ar chlé agus Peter Slattery ar dheis i Scoil Éanna

Scoil dátheangach buachaillí a bhí ann. D’fhoghlaim na daltaí Stair agus Tír Eolas na hÉireann, staidéar ar an dúlra, agus eolaíocht. Bhí an drámaíocht i bhfad chun tosaigh i gcomparad le scoileanna eile ag an am.

Bhog an scoil go dtí Rath Farnáin sa mbliain 1910. Ar bhalla na scoile bhí nath cainte ó laoch na bhFiann Cú Chulainn

“I care not though I were to live but one day and one night if only my fame and my deed live after me”.

Baineadh úsáid as Teach Feadha Cuileann mar scoil dhátheangach do chailíní Scoil Íde (1910-1912).

Bhain deacrachtaí airgid le gnó mheánscoileanna na linne sin. Chaith an Piarsach trí mhí (8 Feabhra-7 Bealtaine) sna Stáit Aontaithe ag bailiú thart ar £1,000. Ba é ‘Robert Emmet and the Ireland of Today’ ábhar na léachta a thug sé in Nua Eabhrach.

 
Forógra na Poblachta (Leagan Gaeilge)

Éirí Amach na CáscaCuir in Eagar

Ba bhall gníomhach de Bhráithreachas na Poblachta (The Irish Republican Brotherhood) é an Piarsach.

I mí Iúil 1914 tháinig gúnnaí agus urchair isteach ag cuan Bhinn Éadair; is sa Scoil Eanna a cuireadh iad i bhfolach.

Ar an 1 Lúnasa 1915 thug an Piarsach an óráid cháiliúil ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, is i Ros Muc a scríobh:

They think they have foreseen everything, think that they have provided against everything, but, the fools, the fools, the fools,! They have left us our Fenian dead, and while Ireland holds these graves, Ireland unfree shall never be at peace”.

Ghlac an Piarsach páirt in Éirí Amach na Cásca in Éirinn i 1916. Toghadh é ina uachtarán ar Phoblacht na hÉireann agus léigh sé Forógra na Poblachta lasmuigh de Ardoifig an Phoist ag tús an Éirí Amach. Mhair an tÉirí Amach ar feadh seachtaine tar éis nar cheap duine ar bith go mbeadh na hÓglaigh in ann fanacht chomh fada sin mar bhí rudaí ag dul in olcas. Ach nuair a chonaic an Piarsach an slad a bhí á dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath de bharr na troda chinn sé géilleadh d'Arm na Breataine. Bhí ollscriosadh déanta ar chathair na tíre, agus is ar mhaithe leis na daoine gur ghéill an Piarsach “To prevent the further slaughter of unarmed people and in the hope of saving of our followers”. Ar an 29 Aibreán 1916 ag 3.30 ghéill siad d’arm Shasana.

 
géilleadh gan choinníoll

Daoradh an Piarsach chun báis; cuireadh é féin agus a dheartháir Liam (Willie) chun báis i gclós Phríosún Chill Mhaighneann chomh maith le dáréag eile de cheannairí an Éirí Amach.

 
Dealbh, Tralaí, Ciarraí

An oíche a raibh sé ag fanacht lena bhás, scríobh sé litir chuig a mhatháir, chuig a dheartháir Liam, agus scríobh cuntas ar a thriall. Cuireadh chun báis é ar an 3 Bealtaine 1916 i bpríosún Chill Mhaighneann. Cuireadh a dheartháir chun báis an lá dár gcionn. Cuireadh é agus na Ceannairí Óglaigh eile i mBairic Mhileata sna glasáin.

“When the position of Ireland’s language as her greatest heritage is once fixed, all other matters will insensibly adjust themselves. As it develops, And because it develops, it will carry all kindred movements with it. When Ireland’s language is established, her own distinct culture is assured. To preserve and spread the language, then, is the single idea of the Gaelic League.”

ScríbhneoireachtCuir in Eagar

 
Cuimneachán, The Pearse Centre, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC

Scríobh an Piarsach dánta agus scéalta agus drámaí i nGaeilge, m. sh. An Mháthair, Íosagán, an Rí, srl. Scríobh sé cuid mhaith i mBéarla, chomh maith, ag gríosadh na nGael chun troid a chur ar son na saoirse.

Bhí an-tóir ag an bPiarsach ar Iarthar na hÉireann agus feictear é sin ina chuid scéalta agus filíochta.

Chreid an Piarsach go raibh dlúthbhaint ag an gcúltúr le féiniúlacht na tíre. Nath cainte a chloistear go fíormhinic ná ‘tír gan teanga tír gan anam’ cuireann sé seo go mór leis an meon deafach faoi Éirinn. Chun scoilt cuimsitheach a dhéanamh idir Éire agus Sasana ba cheart an dá chultúr a scaipeadh chomh fada óna chéile agus gur féidir.

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. de chuid an Choláiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath inniu
  2. Scoil Dlí, COBÁC. "An Piarsach" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-11.
  3. Seán Ó Conaill (2013). "[https://orca.cf.ac.uk/58843/1/2014oconaillsPhd.pdf The Irish Language and The Irish Legal System:- 1922 to Present ( PhD at the School of Welsh at Cardiff University)]". Dáta rochtana: 2020.
  4. Darragh Murphy. "Patrick Pearse’s cottage: a cultural visit to Ros Muc" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-11.



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh