Gorsedd y Beirdd
Is cumann filí, scríbhneoirí, ceoltóirí agus daoine mór le rá eile i saol cultúrtha na Breataine Bige é Gorsedd Cymru nó Yr Orsedd. Bhunaigh Iolo Morganwg é mar Gorsedd Beirdd Ynys Prydain i Londain sa bhliain 1792 agus baintear leas as an teideal iomlán seo mar ainm searmanais.[1] I mí Lúnasa 2019 socraíodh an t-ainm Gorsedd Cymru a ghlacadh seachas Gorsedd y Beirdd.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gorsedd |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | https://www.gorsedd.cymru https://www.gorsedd.org/ |
Tá trí ghrúpa de bhaill a bhaineann leis an Gorsedd agus tá a dhath féin ar gach grúpa. Bíonn an tArd-Draoi as measc na ndaoine a chaitheann bán i gcónaí. Is féidir leat a bheith i do bhall ach pas a fháil i scrúdú, a bheith roghnaithe le bheith i do bhall nó tríd an gcathaoir, an choróin nó an Bonn Próis ag an Eisteddfod Náisiúnta a bhuachan. Chomh maith le bheith ar stáitse an Eisteddfod Náisiúnta tagann an Orsedd le chéile i gCiorcal an Orsedd. Uair amháin, reáchtáladh cruinniú den Ghorsedd, thar sáile sa Bhriotáin.