Pionós an bháis
Is éard atá i gceist le pionós an bháis nó marú na ndaoine a bhfaightear ciontach as coireanna áirithe, trí próis bhreithiúnach. Tá stair an nóis seo ar fud an domhain ag dul i bhfad siar roimh thús na staire scríofa. Tá go leor conspóide ag baint leis anois, áfach. Is iomaí tír nach n-úsáideann pionós an bháis anois.
Dar le lucht tacaíochta an chleachtais, is pionós maith é agus díspreagann sé coireanna eile.
Deir an lucht fhreasúra nach ceart pionós an bhás a ghearradh ar aon duine, nach mbíonn sé éifeachtach agus go maraítear daoine neamhchiontacha.
In Éirinn
cuir in eagarAr 25 Márta 1964, chuir an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1964 teorainn mhór ar phionós an bháis.[1]
Ón lá sin amach in Éirinn, ní dhlífear duine a chur chun báis mar gheall ar aon chion seachas
- tréas, dúnmharú comhalta den Gharda Síochána, nó dúnmharú oifigigh phríosúin
- nó dúnmharú arna dhéanamh, i gcúrsa, nó ag saothrú, ciona den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939
- nó dúnmharú, arna dhéanamh laistigh den Stát chun tucaide polaitiúla ar chomhalta de rialtas Stáit choigríche.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1964" (ga). achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-24. Dáta rochtana: 2020-03-25.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |