Garda Síochána

seirbhís phóilíneachta Phoblacht na hÉireann

Is é An Garda Síochána an fórsa póilíneachta náisiúnta i bPoblacht na hÉireann.

Badge of An Garda Síochána.svg

StairCuir in Eagar

Ar an 22 Feabhra 1922, bunaíodh an “Civic Guard”. An Garda Síochána a tugadh orthu ar an 8 Lúnasa 1922.[1]
D'éirigh na Gardaí neamharmtha níos déanaí. Ainmníodh Eoin Ó Dubhthaigh (nó Eoin O’Duffy) ina choimisinéir ar an nGardaí ar an 11 Meán Fómhair 1922.

Ar an 17 Iúil 1924,[2] achtaíodh Acht an Ghárda Síochána, 1924, bonn dlíthiúil buan don fhórsa.[3]

Ar an 22 Feabhra 1933, tugadh bata agus bóthar do O’Duffy.[4]

Is é Drew Harris an Gharda Síochána ó Meán Fomhair 2018. Bhí taithí ag Harris ar seirbhís phóilíneachta a chur ar mhalairt treo. Chuaigh sé san RUC i 1983 agus d’fhan sé sa tseirbhís nuair a bunaíodh an PSNI ina áit.[5],[6] Bhí os cionn deich mbliana curtha isteach aige i gceannaireacht an PSNI mar Phríomhchonstábla Cúnta agus mar Leas-Phríomhchonstábla ó 2014 go dtí 2018.

 
Cór Tráchta na nGardaí

EagraíochtCuir in Eagar

Is iad na príomhfheidhmeann atá ag An Garda Síochána ná:[7]

  • An choiriúlacht a aimsiú agus a chosc;
  • Slándáil na tíre a chinntiú;
  • Méid na ngortuithe marfacha agus dáiríre ar á mbóithre a ísliú agus sábháilteacht bhóthair a fheabhú;
  • Obair a dhéanamh le pobail chun cosc a chur ar iompar frithshóisialta
  • Cur chuige idirghníomhaireachta maidir le réiteach fadhbanna agus caighdean na beatha i gcoitinne a chur chun cinn.

Tá Coimisinéir an Gharda Síochána ceaptha ag an Rialtas agus freagrach don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

 
Aonad Práinnfhreagartha

Roinntear an tír i sé réigiún a bhfuil gach ceann díobh faoi smacht Choimisinéara Cúnta. Tá méid áirithe Rann i ngach réigiún agus gach ceann díobh faoi cheannas Ard-Cheannfoirt. Laistigh de gach Roinn tá roinnt Ceantar a bhfuil Ceannfoirt i gceannas ar gach ceann díobh.

Ar an 31 Nollaig 2005, bhí 12,265 Gardaí (gach grád) ar an bhfórsa.

Céim Méid fostaithe
(31 Nollaig 2015)
Coimisinéir 1
Leas-Choimisinéir 2
Cúntóir-Choimisinéir 5
Príomh-Cheannfort 42
Ceannfort 160
Cigire 247
Sáirsint 1,835
Gardaí 10,524
Gardaí Ionaid
Mac Léinn Ghardaí

Tá Ceanncheathrú an Gharda Síochána i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.


Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

   
Garda Síochána na hÉireann Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann

TagairtíCuir in Eagar

  1. National Library of Ireland. "Eoin O'Duffy Papers (lch 4)". Dáta rochtana: 2020.
  2. Scoil Dlí, COBAC (2020-07-17). "Acht an Ghárda Síochána, 1924, bonn dlíthiúil buan don fhórsa" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-07-18.
  3. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA, 1924" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-07-18.
  4. Ó 20 Iúil 1933 amach, bhí Eoin Ó Duffy, i gceannas ar an "Garda Náisiúnta", eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí nó "na Léinte Gorma", an mílíste a chuir cosaint ar fáil do bhaill Chumann na nGaedheal
  5. "Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
  6. "Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
  7. "Eagraíocht" (en). Garda. Dáta rochtana: 2020-02-22.