Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige
Tá Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige (Breatnais: Llyfrgell Genedlaethol Cymru; IPA: ˈɬəvrgeɬ geneˈdlaɪθol kəmˈrɪ) suite in Aberystwyth. Bunaíodh i 1907 é. Coimeádann an leabharlann níos mó ná 4 milliún leabhar agus tá 30,000 lámhscríbhinn ann atá tearc agus luachmhar.
I measc na leabhar clúiteach, tá an chéad leabhar a bhí scríofa sa Bhreatnais ann, foilsithe i 1546.[1] Tá an chéad aistriúchán ar an mBíobla, ón bhliain 1588, le feiceáil freisin. Feictear lámhscríbhinní mar Leabhar Dubh Caerfyrddin (Breatnais: Llyfr Du Caerfyrddin), an ceann is sine (timpeall is 1250) scríofa go hiomlán sa Bhreatnais,[2] agus Leabhar Taliesin (Breatnais: Llyfr Taliesin) le filíocht as an 14ú haois.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Yny lhyvyr hwnn
- ↑ Daniel Huws de Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige (Llyfrau Cymraeg 1250-1400, Aberystwyth 1993).
Nascanna seachtrachaCuir in Eagar
- Suíomh oifigiúil Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige
- Bunachar sonraí na Leabharlainne ar an Idirlíon
- Digital Mirror Pictiúir, mapaí, agus lámhscríbhinní.
- Leabhar Dubh Caerfyrddin i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige.
- Leabhar Taliesin i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige.