Ionad nó cáipéis ina gcaomhnaítear taifid stairiúla is cáipéisí tábhachtacha eile is ea cartlann. Is iad cartlanna ná ‘bunfhoinsí’, ábhair scríofa nó taifeadta ón am a tharla rud. Ina measc tá pleananna, líníochtaí, léarscáileanna, tuairiscí is miontuairiscí cruinnithe, réimí gnóthaí, grianghrafanna, cláracha, cáipéisí airgeadais, dialanna, lámhscríbhinní, póstaeir, cíosa, taifid bhéil, agus ábhair eile.[1]

Northern Ireland Music Archive, Belfast Central Library
Cartlann Chontae Lú

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an chéad chartlann náisiúnta sa bhFrainc i 1787. Cruinnítear cáipéisí oifigiúla an náisiúin in oifigí taifead poiblí mar seo i gcuid mhaith tíortha eile anois.

Déantar a leithéid go háitiúil freisin maidir le cáipéisí baile, cathrach nó réigiúin.

Úsáidtear an téarma le cur síos ar chúltaca comhaid sonraí ríomhaire freisin.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. donegalcoco.ie. "Bailiúchán Chartlann Chontae Dhún na nGall". Dáta rochtana: 2023.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cartlann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 119.