Eoin Mac Tighearnáin

staraí Éireannach (1915-2004)

I Nua-Eabhrac a rugadh Eoin Mac Tighearnáin M.A., Ph.D., D. Litt. (10 Bealtaine 1915 – 18 Iúil 2004), agus deirtear gurb í a mháthair Bríd, bean as Contae an Chláir, a mhúscail a shuim sa Ghaeilge agus a shuim i gcultúr na hÉireann i gcoitinne. Sna tríochaidí bhain sé amach Rosmuc i gContae na Gaillimhe ar scoláireacht, agus as sin amach bhíodh sé siar agus aniar idir an dá thír.

Infotaula de personaEoin Mac Tighearnáin
Beathaisnéis
Breith10 Bealtaine 1915
Bás18 Iúil 2004
89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
GairmCeiltíoch, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Nua-Eabhrac, Geneseo Cuir in eagar ar Wikidata
Conamara

Ba mhúinteoir suntasach é, agus sa bhliain 1960 ceapadh é ina chathaoirleach ar an Roinn Béarla in Ollscoil San Tomás, Minnesóta. Sa bhliain 1962 bhunaigh sé an Irish American Cultural Institute (IACI) ann – foras oideachasúil neamhpholaitiúil.

Bhí Mac Tighearnáin gnóthach go leor i rith na seascaidí agus é ag scríobh scripteanna do scannáin agus do chláir theilifíse faoi stair agus faoi litríocht na hÉireann ar theilifís phoiblí Mheiriceá. Sa bhliain 1975 chuir sé an clár Irish Way ar bun – clár samhraidh a ligeann do dhaltaí Meiriceánacha cúig seachtaine a chaitheamh in Éirinn. Déanann siad staidéar ar chúrsaí staire, litríochta agus teanga, cuireann siad eolas ar cheol agus ar rince agus fanann le teaghlach áitiúil. Bhunaigh sé an Irish News Service, Irish Books and Media (seirbhís dáiliúcháin), agus Irish Educational Services, comhlacht a mhaoinigh cláir theilifíse i nGaeilge do pháistí. Tá saothar scríbhneoirí Gael-Mheiriceánacha le léamh ar Éire/Ireland, iris ráithiúil.

Campas Naomh Pól, cuid d'Ollscoil San Tomás, Minnesóta

Is iomaí rud eile a rinne sé féin agus a bhean Jeanette. Bunaíodh agus maoiníodh cláir a thug na céadta míle dollar do na healaíona in Éirinn agus a chuir ar chumas lucht ealaíne na hÉireann léachtanna a thabhairt ar fud na Stát. Agus ní cúrsaí cultúrtha amháin atá i gceist: maoiníonn an IACI Trees for Ireland, clár athfhoraoisithe.

Ba í an teanga a phríomhchúram, agus bhí súil aige go dtiocfadh rath ar leith ar an nGaeilge i dTuaisceart Éireann. Dá chomhartha sin d’fhág sé uacht ag Iontaobhas na Gaeilge chun scoileanna lán-Ghaeilge a chothú.

Ag seo liosta de dhuaiseanna agus eile a bhaineann le saothar Mhic Thighearnáin:

  • An O’Malley Art Award (tá an O’Malley Collection le fáil in Ollscoil Luimnigh).
  • An Muriel Gahan Scholarship d’ealaíontóirí.
  • Na scoláireachtaí a thugtar do bheirt gach bliain chun dul go dtí an Willy Clancy Summer School i gContae an Chláir.
  • Irish Perceptions Series: Sraith léachtanna agus léirithe a mbíonn ealaíontóirí, staraithe, scéalaithe agus daoine nótálta ó Éirinn ina mbun. Bíonn an tsraith ar siúl san Fhómhar agus san Earrach trí ghréasán náisiúnta an IACI.
  • Duaiseanna IACI: Iad á mbronnadh gach bliain ar ealaíontóirí, ar scríbhneoirí agus ar eagraíochtaí in Éirinn de bharr a ndearna siad i gcúrsaí staire, litríochta agus ealaíne.
  • Irish Research Fund: clár duaiseanna a chuir an IACI ar bun sa bhliain 1988 chun taighde a chur á dhéanamh ar shaol na nGael-Mheiriceánach agus léargas buan a thabhairt dá bharr ar an tábhacht atá leis an dúchas Gaelach.
  • IACI/NUIG Visiting Fellowship in Irish Studies: Bronntar é seo ar scoláire léinn Éireannaigh (a bhíonn ina chónaí sna Stáit, de ghnáth). Ligeann sé dó seimeastar a chaitheamh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
  • Clár Cónaithe: Clár a chuireann IACI agus Comhairlí Ealaíon na hÉireann ar fáil agus a ligeann d’ealaíontóir Éireannach a bheith páirteach sa chlár ealaíne comhaimseartha Location One i Nua-Eabhrac.

Féach freisin cuir in eagar

  • 'A Monument More Lasting Than Bronze: Eoin McKiernan, 1915-2004,' New Hibernia Review - Volume 8, Number 3, Fómhar/Autumn 2004, lgh 9-11. ISSN 10923977

Naisc sheachtracha cuir in eagar