Pádraig Phiarais Cúndún

file as Contae Chiarraí (1777-1857)

Rugadh Pádraig Phiarais Cundún (1777-1857) gar do Bhaile Mhac Óda, Contae Chorcaí, agus tháinig clú air mar fhile agus mar fhear grinn. Bhí feirm aige in Uíbh Mac Coille láimh le hEochaill, ach sa bhliain 1826, in aois a naoi mbliana is daichead, thug sé a mhuirín leis go dtí Stát Nua-Eabhrac agus d’fhódaigh sé é féin in Utica, áit a raibh gaolta leis cheana. Bhí Canáil mhór Erie á ghearradh ann timpeall na bliana 1826 agus Gaeilge ag mórán de na hoibrithe. Chuir an Cundúnach aithne ar a lán acu.

Pádraig Phiarais Cúndún
Saol
Eolas breithe1777
Bás1857
Gairm
Gairmfile
SeanChanáil Erie 1832: cainteoirí Gaeilge a thochail cuid mhaith di, agus aithne ag an gCundúnach orthu.

Cheannaigh an Cundúnach feirm ar cairde; sa bhliain 1834, nuair a bhí an costas íoctha aige, thosaigh sé ag scríobh abhaile. Idir na blianta 1834 agus 1857 chuir sé neart litreacha agus dánta abhaile i nGaeilge, agus tóir orthu ar fud a cheantair dhúchais. Ag seo sliocht as litir leis (30 Márta 1852):

Féach feirmeoirí na tíre seo, bíonn bia is deoch gach uile lá insan bhliain acu chomh maith is a bheadh ag aon duine uasal. Ní bhíonn aon scorn orthu iad féin, a mná is a gclann do chaitheamh a gcoda ar aonchlár lena lucht oibre: aonbhia is aonchlár a bhíonn acu uile. Ní dheinid siad dála Sheáin an scadáin, a chognadh a chuid a chuid insan seomra go hamplach doicheallach. Agus samhailt eile Sheáin de chineál daoine, is beag an dolaidh iad a bheith mar atáid, go cúthail cráite faoi láimh daoirse Gall, óir is follas go bhfáiscfidís féin an tsnaidhm ar an mbocht chomh docht is a dhéanfadh an Gall nó fós níos measa dá mbeadh ar a gcumas.[1]

Chuir Risteard Ó Foghludha (Fiachra Éilgeach) an cnuasach go léir in eagar sa bhliain 1932.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ó Buachalla, Breandán, ‘Litreacha Phádraig Phiarais Cundún,’ as Go Meiriceá Siar, Stiofán Ó hAnnracháin (eag.), An Clóchomhar Tta 1979, lch 36.

NaiscCuir in Eagar

An Ghaeilge i Meiriceá

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar