Melbourne
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Tá tagairtí in easnamh agus tá roinnt Béarlachais san alt
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Is é Melbourne an phríomhchathair stáit agus an chathair is mó in Victoria. Is é an dara cathair is mó san Astráil é tar éis Sydney. Tá timpeall is 3.9 milliún duine ina gcónaí i ngar do lár na cathrach agus 69,670 ina gcónaí i gcathair Melbourne féin.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Ainmnithe in ómós | William Lamb ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Ríocht comhlathais | An Astráil | ||||
State of Australia (en) ![]() | Victoria ![]() | ||||
Príomhchathair de | Victoria (1901–) ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 4,529,500 (2015) ![]() | ||||
• Dlús | 2,656.6 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 1,705 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Yarra ![]() | ||||
Airde | 31 m ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | Lúnasa 30, 1835 | ||||
Eachtra barrthábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 0370, 0371, 0372, 0374, 0376, 0377, 0378, 0379, 0383, 0385, 0386, 0390, 0391, 0392, 0393, 0394, 0395, 0396, 0398 agus 0399 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | melbourne.vic.gov.au… ![]() |
StairCuir in Eagar
Ba é Melbourne príomhchathair na hAstráile ó 1901 go dtí 1927.
Fógraíodh roinnt blianta ó shin gurbh é Melbourne an chathair is fearr ar domhan le maireachtáil inti, de réir suirbhé idirnáisiúnta.
Is cathair ilchultúrtha é Melbourne, a bhfuil daoine as 41 tír dhifriúil ina gcónaí ann. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda tháinig na mílte inimirceach ón nGréig agus ó thíortha eile chun na hAstráile. Chuir beagnach leath na nGréagach úd fúthu in Melbourne.
SpórtCuir in Eagar
Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, (Peil Astrálach) ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair. Bunaíodh an chéad chomórtas peile Astrálaí in Melbourne go déanach sa 19ú haois, agus ar feadh thart ar chéad bliain ina dhiaidh sin, bhí an comórtas peile Astrálaí is fearr sa tír ar siúl sa chathair.
AeráidCuir in Eagar
Melbourne – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Teocht is airde (°C) | 45.6 | 46.4 | 41.7 | 34.9 | 28.7 | 22.4 | 23.1 | 26.5 | 31.4 | 36.9 | 40.9 | 43.7 | 46.4 |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 25.9 | 25.8 | 23.9 | 20.3 | 16.7 | 14.0 | 13.4 | 14.9 | 17.2 | 19.6 | 21.9 | 24.2 | 19.8 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 14.3 | 14.6 | 13.2 | 10.7 | 8.6 | 6.9 | 6.0 | 6.7 | 7.9 | 9.5 | 11.1 | 12.9 | 10.2 |
Teocht is ísle (°C) | 5.5 | 4.5 | 2.8 | 1.5 | −1.1 | −2.2 | −2.8 | −2.1 | −0.5 | 0.1 | 2.5 | 4.4 | −2.8 |
Meán-bháisteach (mm) | 47.6 | 47.3 | 50.2 | 57.3 | 56.2 | 49.2 | 47.7 | 50.2 | 57.9 | 66.2 | 59.5 | 59.2 | 648.5 |
Foinse: Bureau of Meteorology[1] Eanáir 2011 |
ComhchathrachaCuir in Eagar
- Osaka, An tSeapáin, 1978
- Tianjin, An tSín, 1980
- Thessaloniki, An Ghréig, 1984[2]
- Boston, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 1985
- Cathair Pheadair, An Rúis, 1989
- Milan, An Iodáil, 2004
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ (Béarla) "Climate statistics for Australian locations - Melbourne Regional Office", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).
- ↑ (Béarla) "Twinning Cities" Curtha i gcartlann 2009-03-31 ar an Wayback Machine, City of Thessaloniki.
Is síol faoi thíreolaíocht na hAstráile é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |