Cathair Pheadair

Is cathair sa Rúis í Cathair Pheadair (Rúisis: Санкт-Петербу́рг), agus í ar an dara cathair is mó sa tír. Ba é an Sár Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703, agus í ina príomhchathair ar an tír go dtí an bhliain 1918, nuair a rinneadh príomhchathair de Mhoscó.

Infotaula de geografia políticaCathair Pheadair
Sankt Petersburg (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Saint Petersburg Armas Saint Petersburg
Bratach Saint Petersburg Cuir in eagar ar Wikidata Armas Saint Petersburg Cuir in eagar ar Wikidata
Peter & Paul fortress in SPB 03.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiún Anthem of Saint Petersburg (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Leasainm Питер agus Piter Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómós Naomh Peadar Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Saint Petersburg in Russia (detail, special marker).png
 59°57′N 30°19′E / 59.95°N 30.32°E / 59.95; 30.32
Stát ceannasachAn Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 5,384,342 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Rúisis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Northwestern Federal District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 1,439 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Neva, Murascaill na Fionlainne, Griboyedov Canal (en) Aistrigh, Obvodny Canal (en) Aistrigh, Abhainn Okhta, Abhainn Bolshaya Nevka, Ekateringofka (en) Aistrigh, Kronverksky Strait (en) Aistrigh, Krjukov Canal (en) Aistrigh, Abhainn Malaya Neva, Abhainn Bolshaya Neva, Abhainn Slavyanka, Krestovka, Abhainn Okkervil, Abhainn Fontanka, Abhainn Moyka agus Abhainn Srednyaya Nevka Cuir in eagar ar Wikidata
Airde 3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Leningrad Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í) Peadar Mór Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú Bealtaine 27, 1703
Eachtra barrthábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtach Legislative Assembly of Saint Petersburg (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Gobharnóir Saint Petersburg Cuir in eagar ar Wikidata Alexander Beglov (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 199406 agus 190000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód 812 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáin gov.spb.ru Cuir in eagar ar Wikidata

AinmCuir in Eagar

Athraíodh ainm na cathrach cúpla uair i rith na mblianta.

  • Rinneadh Petrograd (Петрогра́д) (19141924) di nuair a chuaigh na Rúisigh chun cogaidh in aghaidh na nGearmánach, agus blas na Gearmáinise ar an ainm a bhí ar an áit go dtí sin.
  • Ina dhiaidh sin, tugadh Leningrad (Ленингра́д) (19241991) uirthi i ndilchuimhne ar Vlaidímír Léinín, ceannaire na mBoilséiveach. Nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas mar idé-eolaíocht oifigiúil, fuair an chathair a seanainm ar ais, siúd is go bhfuil an cúige (oblast) atá ina timpeall ainmnithe as Leningrad i gcónaí.

Is é Piter (Питер) an t-ainm a thugann muintir na háite féin uirthi sa ghnáthchaint, áfach. Cé nach bhfuil sí ina príomhchathair a thuilleadh, is gnách le muintir na Rúise "an Phríomhchathair Thuaidh" nó b'fhéidir "Príomhchathair an Tuaiscirt" a thabhairt uirthi (северная столица an leagan Rúisise).

StairCuir in Eagar

Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703 ar thailte a ghabh sé ó na Sualannaigh. Iascairí Fionlannacha ba mhó a bhí ina gcónaí sna bólaí seo roimhe sin, agus bhí daingean Sualannach, Nyenskans, ann go dtí gur scrios na díormaí Rúiseacha é.

 
Cearnóg an Pháláis i gCathair Pheadair. Tá colún cuimhneacháin an tSáir Alastair ina sheasamh i lár na cearnóige. B'é an t-ailtire Francach Auguste de Montferrat a dhear an colún. Tógadh an colún sna 1830idí.

An chathair Shualannach, Nyen, a bhí bunaithe i lár na seachtú haoise déag in aice leis an daingean, bhí sí tréigthe agus dóite ag na Sualannaigh roimh ionsaí na Rúiseach féin.

Chaith Peadar blianta a óige ag déanamh staidéir san Ollainn, agus é an-tugtha do theanga na tíre sin. Mar sin, thug sé ainm ar an áit a raibh blas na hOllainnise air - Sankt-Peterburg, nó fiú Sint-Pieterburch. Ar dtús, ní raibh ann ach daingean - an daingean céanna ar a dtugtar Daingean Pheadar agus Phóil, nó Petropavlovskaya Krepost, air inniu. Ansin draenáladh na portaigh ina thimpeall, agus thosaigh tógáil na cathrach féin. Bhí innealtóirí ón nGearmáin i bhfeighil na n-oibreacha draenála, agus seirfigh Rúiseacha ag déanamh an chuid ba throime den obair.

 
Metro

Thairis sin, chuir Peadar d'fhiacha ar shaoir chloiche na tíre go léir teacht go dtí Cathair Pheadair, agus choisc sé aon teach cloiche a thógáil in aon chuid eile den Rúis.

Bhí Cathair Pheadair ceaptha mar "fhuinneoig na Rúise roimh an Iarthar", mar a scríobh Aileacsandar Púiscín, file náisiúnta na Rúise. Bhí sí ina cuan tábhachtach trádála, go háirithe nuair a thosaigh trádáil na Rúise agus na Breataine Móire ag fás, agus ina bunáit ag loingeas Baltach na Rúise. Go gairid i ndiaidh bhunú na cathrach féin, tógadh daingean Kronstadt in Oileán Kotlin in aice leis an gcathair, daingean atá ina chuan cogaidh inniu féin.

San 18ú agus san 19ú haois, thóg na maithe is na móruaisle páláis as éadan a chéile i gCathair Pheadair, agus is cuid súl iad inniu féin ag na cuairteoirí. Os a choinne sin, dhéanadh na tuilte an-dochar.

Sa bhliain 1861, chuir an Sár Alastair a Dó an seirfeachas ar ceal, agus saoradh seirfigh na Rúise ón mbráca.

Ar an 27 Aibreán 1906, osclaíodh an Chéad Duma sa Rúis i gCathair Pheadair.

Sa 19ú haois, huaigh na mílte scológ go dtí Cathair Pheadair ar lorg oibre, agus thosaigh na tionóntáin ag fás aníos timpeall na cathrach. Ó bhí idir lucht oibre agus chaipiteal ann, ní díol iontais é gur tháinig borradh ar an tionsclaíocht. Sna sálaí air sin tháinig an radacachas agus an Sóisialachas.

Tógadh an tIonad Lakhta sa bhliain 2018. Is é an foirgneamh is airde san Eoraip, beagnach leathchiliméadar ar airde, nó 462 méadar[1]. Tá oifigí agus pláinéadlann ann.

OideachasCuir in Eagar

Sa bhliain 2006/2007 bhí 1,024 naíonra,716 scoileanna poiblí agus 80 gairmscoileanna. Bhí Saint Petersburg State University an ollscoil poiblí is mó le 32,000 daltaí.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Eleathanach 272. 9 Deireadh Fómhair 2017