Alexander Pushkin
Scríbhneoir Rúiseach a bhí in Aleksandr Sergeyevich Pushkin (Rúisis: Алекса́ндр Серге́евич Пу́шкин). Rugadh Pushkin i Moscó sa bhliain 1799 agus fuair sé bás sa bhliain 1837. Is eisean file náisiúnta na Rúise. [1][2][3] Chruthaigh sé stíl éasca nádúrtha atá cosúil le caint uasalaicme a linne féin. D'fhéadfá a rá, fiú, gurbh é Pushkin, thar aon duine eile, a chaighdeánaigh an Rúisis liteartha. Chum sé na céadta de dhánta, ach ba iad na laoithe móra eipiciúla - na húrscéalta faoi rím agus rithim - a thuill a chlú dó. Ní raibh an oiread sin ratha ar a chuid próis, áfach. Chríochnaigh sé úrscéal stairiúil amháin i stíl Walter Scott, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), agus chum sé roinnt gearrscéalta.[4]
Alexandr Sergeyevich Pushkin | |
![]() | |
Portráid le Vasily Tropinin | |
Dáta breithe | 6 Meitheamh, 1799 |
Moscó, An Rúis | |
Dáta báis | 10 Feabhra, 1837 |
Cathair Pheadair, Impireacht na Rúise | |
Gairm | File, úrscéalaí, drámadóir |
Síniú![]() |
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |