Is éard atá i gceist leis an Rómánsachas ná gluaiseacht chultúrtha a tháinig ar an bhfód ag deireadh an 18ú haois i Sasana agus sa nGearmáin, agus a chuaigh ar fud na hEorpa le linn an 19ú haois go dtí na 1850idí. Tugtar Rómánsaithe ar na daoine - idir ealaíontóirí, scríbhneoirí agus smaointeoirí - a bhí páirteach sa Rómánsachas, nó a bhfuil tionchar an Rómánsachais le feiscint i saothair dá gcuid.

Der Wanderer über dem Nebelmeer (Gaeilge: 'An Luaineadóir, lastuas de mhuir na néalta'), Caspar David Friedrich a dhein é sa mbliain 1818. Tá an pictiúr seo ar cheann desna saothair ealaíne is cáiliúla dá mbaineann leis an Rómánsachas.

Dhiúltaigh an Rómánsachas don Réasún agus ghlac sé leis an mothúchán go fonnmhar. Ag an am céanna, mhól sé an Sublime (Gaeilge: An Uasdiamhair), mar a tugtaí air - b'in é gach a raibh idir dhiamhracht agus an rud fantaiseach, idir bhrionglóid agus thromluí, idir uafás agus uaisleacht.

Tá tionchar an Rómánsachais le feiscint i réimse na n-ealaíon (.i. sa Litríocht, sa bPéintéireacht, sa nDealbhóireacht agus sa gCeol) agus i réimse na smaointe (.i. sa bPolaitíocht agus sa bhFealsúnacht) araon.

Is í saintréith an Rómánsachais ná an fonn a bhíodh ar an Rómánsaí gach a raibh istigh ina chroí agus a anam a chur in iúl. I réimse na n-ealaíon, rinne ealaíontóirí Rómánsacha iarracht cur le cumas na n-ealaíon sa tslí is go bhféadfaidís gach a mothaídís a nochtadh. I réimse na smaointe, murab ionann is smaointeoirí móra na hEagnaíochta, chuir smaointeoirí Rómánsacha béim ar laige an Réasúin.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar