La Sylphide (bailé)

bailé

Ar 12 Meán Fómhair 1832, léiríodh an bailé rómánsúil, La Sylphide, de chuid  Filippo Taglioni den chéad uair.[1] Gailtean (spiorad) agus / nó sliseog (bean) is ea an Sylphide (Sylph i mBéarla).

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilLa Sylphide
Sylphide -Marie Taglioni -1832 -2.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilbailé Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirJean Schneitzhoeffer (en) Aistrigh
LeabhrógaíAdolphe Nourrit
Suíomh scéalaíochtaNa Garbhchríocha
An chéad taibhiú
Dáta na chéad feidhmíochta12 Márta 1832
Suíomh an chéad léiritheParis Opera (en) Aistrigh
TaibheoirMarie Taglioni
IMSLP: La_Sylphide_(Schneitzhoeffer,_Jean-Madeleine)
Marie Taglioni, iníon Filippo Taglioni agus an príomh-dhamhsóir in 1834

CúlraCuir in Eagar

Les Sylphides, Rachel Cameron, ag caitheamh tútú, agus Henry Legerton ón Kirsova Ballet, Sydney, idir 1941-1944

Mar a tharla i gcás an cheoil, na litríochta, agus na n-amharcealaíona, bhí tionchar an-mhór ag an Rómánsachas ar an mbailé.[2] Chuidigh dul chun cinn nua san ealaín, amhail forbairt na teicníce pointe,[3] níos mó airde ar an gceol agus béim ar mhothú leis na damhsóirí a ullmhú do na héilimh a tháinig isteach leis an dá léiriú is tábhachtaí de ré an bhailé rómánsaigh: La Sylphide agus cúpla bliain níos déanaí, Giselle (de Théophile Gautier sa bhliain 1841).[2]

Príomhalt: Rómánsachas

An chéad léiriúCuir in Eagar

B'ócáid stairiúil í. Cur chuige nua-aimseartha amach is amach a bhí annː

  • Nochtadh an plota tarraingteach de réir a chéile.
  • Bhain an feisteas stáitse an anáil den lucht féachana
  • Chaith na bailéiríní an tútú trédhearcach (an feisteas damhsa nó gúna) don chéad uair riamh agus bhí siad ar a mbarraicíní an t-am ar fad, éacht nua.

Chuir August Bournonville leagan eile ar an stáitse sa bhliain 1836, Marius Petipa (le Varvara Nikitina) i Cathair Pheadair in 1892, agus Pierre Lacotte i bPáras in 1972.

In ÉirinnCuir in Eagar

Cuirfidh scolairí Regina Rogers School of Ballet féile bailé i láthair sa Taibhdhearc, le sleachta ó La Sylphide a bhliain 2020.

NaiscCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. lisapascaretti (2021-01-09). "Histoire d’un ballet : La Sylphide …" (fr-FR). Plumes, pointes, palettes et partitions. Dáta rochtana: 2022-09-13.
  2. 2.0 2.1 artscouncil.ie (Samhain 2013). "AN CHOMHAIRLE EALAÍON ATHBHREITHNIÚ AR AN MBEARTAS BAILÉ". Dáta rochtana: 2022.
  3. ar bharr na ladhracha  nó ar na barraicíní
  4. an Royal Ballet, Londain, ar Youtube (timpeall 1971). "Rudolph Nureyev rehearsing" (as en).