Osclóidh seo an príomhroghchlár
An Taibhdhearc

Amharclann náisiúnta na Gaeilge í Taibhdhearc na Gaillimhe (nó 'an Taibhdhearc' mar is fearr aithne uirthi). Mar aon le nuadhrámaíocht Ghaeilge, léirítear sa Taibhdhearc drámaí a aistrítear go Gaeilge ó go leor leor teangacha, chomh maith le ceoldrámaí agus geamaireacht.

Seanfhocal Ghaeilge is ea an 'Taibhdhearc', atá comhdhéanta de 'taibhsiúil' agus 'dearc'; 'radharc' nó 'áit dhraochtúil' is ciall leis dar le suíomh gréasáin na hamharclainne féin. Maítear freisin gur úsáideadh an focal i ngluais i seancháipéis Laidine a scríobhadh in Éirinn, ag déanamh tagairte do 'teatram' ('amharclann').

StairCuir in Eagar

Bunaíodh i nGaillimh sa bhliain 1929 í, agus tá sí suite ar an tSráid Láir i gcathair na Gaillimhe ó shin i leith. Is é Earnán de Blaghd, an tAire Airgeadais in 1927 a thoil deontas a thabhairt chun go mbunófaí an amharclann an chéad lá riamh.

Ar an 27 Lúnasa 1928, osclaíodh an "Galway Gaelic Theatre", agus “An Taibhdhearc” níos déanaí, le "Diarmuid agus Gráinne", á léiriú ag Micheál Mac Liammóir[1].

Ba é Micheál Mac Liammóir céad stiúrthóir na hamharclainne agus is iomaí sin léirthóir agus aisteoir mór le rá a thosaigh ar a bheith ag obair sa drámaíocht sa Taibhdhearc, leithéidí Siobhán McKenna, Michael Lally, Frank Dermody, Walter Macken, Caitlín Maude. Ar áireamh sna drámadóirí ar léiríodh a chuid drámaí san amharclann tá Eoghan Ó Tuairisc, Mairéad Ní Ghráda, Criostóir O'Flynn, Breandán Ó Beacháin, agus Antaine Ó Flathartha.

Ó bhí na 1960í ann, tá dlúthbhaint ag Seán agus Máire Stafford leis an Taibhdhearc.

FoinsíCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Seán Stafford (2002). Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, Vol. 54 pp. 183-214:"Taibhdhearc na Gaillimhe: Galway's Gaelic Theatre". Dáta rochtana: 2018.