Eoghan Ó Tuairisc

scríbhneoir Éireannach

File, drámadóir, úrscéalaí agus criticeoir nótáilte ab ea Eoghan Ó TuairiscEugene Rutherford Watters (3 Aibreán 1919 i m Béal Átha na Sluaighe - 24 Lúnasa 1982).[1] Is iad an dá úrscéal stairiúla - L'Attaque, a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, agus Dé Luain, ina bpléitear Éirí Amach na Cásca - is mó a thuill cáil d'Eoghan Ó Tuairisc i measc lucht na Gaeilge.

Infotaula de personaEoghan Ó Tuairisc
Beathaisnéis
Breith3 Aibreán 1919
Béal Átha na Sluaighe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Lúnasa 1982
63 bliana d'aois
Ceatharlach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge

Bhí a athair, Thomas Watters, sna Connaught Rangers. Gortaíodh ag an Somme é. Bhí gnó tacsaí aige i ndiaidh an chogaidh. Scéalaí maith ba ea é

 
Coláiste Ghearrbhaile

Fuair Eoghan Ó Tuairisc a chuid oideachais i gColáiste Ghearrbhaile i mBéal Átha na Sluaighe. Trí Ghaeilge a dhéantaí na scrúduithe go léir ann.[1]

D'fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, ó 1939 go 1945, agus bhain sé amach dioplóma san oideachas. Bhí sé ina mhúinteoir i bhFionnghlas, ó 1940 go dtí 1960.[1]

I rith na hÉigeandála 1940-45, chaitheadh sé an chuid is mó dá laethanta saoire samhraidh mar oifigeach coimisiúnta san arm.

Sa bhliain 1947, bhain sé amach céim M.A. i litríocht an Bhéarla i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Sa bhliain 1960, d'éirigh sé as a phost i bhFionnghlas le bheith ina scríbhneoir lánaimseartha agus bhí ganntanas ioncaim ag cur air go síoraí.[1]

Bhí sé ina eagarthóir ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, sna blianta 1962-1965.

Fuair sé bás tobann; bhuail taom croí é ar 24 Lúnasa 1982, in aois 63 dó.

Scríbhneoireacht

cuir in eagar

Scríobh sé lear mór ábhair, idir Bhéarla agus Ghaeilge: aistí, filíocht, drámaí agus úrscéalta. Anuas go 1960 b’fhéidir gurbh i mBéarla agus faoina ainm Eugene Watters is mó a bhíodh sé ag scríobh.[1]

Ba é Murder in Three Moves a chéad shaothar mór le rá (1960). Ina dhiaidh sin foilsíodh L'Attaque (as Gaeilge) agus Week-End.

Is iad an dá úrscéal stairiúla - L'Attaque (1962), a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, agus Dé Luain (1966), ina bpléitear Éirí Amach na Cásca - is mó a thuill a cháil dó i measc lucht na Gaeilge.

  • Murder in Three Moves, 1960.
  • L’Attaque, BÁC: Allen Figgis, 1962.
  • Dé Luain, 1966
  • An Lomnochtán. Autobiography, BÁC & Corcaigh: Mercier, 1978.
  • [The Story of a] Hedgeschool Master, 1975.

Aistriúcháin

cuir in eagar
  • John Jordan (eagarthóir), "Dialann Deoraí", in: The Pleasures of Gaelic Literature (1977).
  • Máirtín Ó Cadhain, The road to Brightcity: and other stories, Swords: Poolbeg Press, 1981.
  • Pádraic Ó Conaire, 15 Short Stories, Swords: Poolbeg Press, 1982.
  • Dialann sa Díseart, BÁC: Coiscéim, 1981.
  • Rogha an Fhile, dánta le haistriúcháin. 1974.
  • New Passages, 1973.
  • Dé Luain, BÁC: Allen Figgis 1966.
  • The Weekend of Dermot and Grace, BÁC: Allen Figgis & Son, 1964; arís in "Eugene Watters Special Issue" Poetry Ireland Review 13 (1985)@.
  • Lux Aeterna, including Hiroshima Mass, BÁC: Allen Figgis, 1964.

Drámaíocht

cuir in eagar
  • Fornocht do Chonac, BÁC: Foilseacháin an Rialtais, 1981.
  • Lá Fhéile Michíl, BÁC: Clódhanna Teo., 1967.
  • Religio Poetae agus Aistí Eile, eagarthóir Máirín Nic Eoin, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1987.
  • Focus, (le Desmond Egan), 1972.
  • "Christian names", in Encyclopaedia of Ireland, BÁC: Figgis 1968, 119-21.
  • "Infinite Variety - Dan Lowrey's Music Hall 1879-97" (Eugene Watters & Matthew Murtagh)Gill&Macmillan 1975

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "Ó TUAIRISC, Eoghan (1919–1982)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-08-24.
  2. "Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-11. Dáta rochtana: 2019-08-24.