Ceatharlach

baile i gcontae Cheatharlach
Ceatharlach
[[1]]
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Carlow Magnified.png
Daonra ( ) 24,272 (2016)
Airde: 57 m
Contae: Contae Cheatharlach
Cúige: Laighin

Baile i gContae Cheatharlach is ea Ceatharlach (Carlow) in oirhdheisceart na hÉireann, 85 km ó Bháile Átha Cliath. De réir dhaonáireamh 2016, tá daonra 24,272 ann (idir uirbeach agus tuaithe).

Ritheann Abhainn an Bearú trí lár an bhaile, an tseanteorainn stairiúil idir Chontae Laoise agus Contae Cheatharlach. Dá ainneoin sin, áiríodh an baile iomlán mar chuid de Chontae Cheatharlach san Acht Rialtais Áitiúil (Éire) 1898. Bunaíodh an chéad lonnaíocht i gCeatharlach na mílte bliain ó shin, roimh stair scríofa na hÉireann. Tá ról mór ag an mbaile i stair na hÉireann, agus bhí sé mar phríomhchathair na tíre sa 14ú céad.


SanasaíochtCuir in Eagar

Eascraíonn an t-ainm "Carlow" as galldú a tháinig ar Ceatharlach na Sean-Ghaeilge. Go stairiúil, scríobhadh an t-ainm mar Caherlaigh[1], Caterlagh[2], agus Catherlagh[3], atá níos dílise do litriú na Gaeilge. Dár le logainm.ie, eascraíonn tús an ainm ó cethrae (ainmhí eallach, tréada)[4] na Sean-Ghaeilge, a bhfuil baint aige leis an bhfocal ceathar (ceathair), a gcuireann "ceathair-chosach" nó "four-legged" in iúl.[5] Tá an iarmhír -lach sa dara chuid den ainm.

Creideann daoine áirithe gur cheart Ceatharloch ("ceathair loch" nó "quadruple lake")[6] a thabhairt ar an áitreabh, ós rud é go bhfuil na bríonna "four" agus "lake" an Bhéarla ag gabháil leis na focail sin sa Nua-Ghaeilge. Déantar aistriúchán díreach ar na focail mar "Four Lakes", cé nach bhfuil aon fhianaise ann gurbh ann do na lochanna sin sa cheantair.

StairCuir in Eagar

Léiríonn an fhianaise gur cuireadh tús leis an áitiú daonna i gContae Cheatharlach na mílte bliain ó shin. Is é Dolmain Chnoc an Bhrúnaigh an láthair réamhstairiúil is mó le rá – tuama ursanach meigiliteach suite lasmuigh de Bhaile Cheatharlach.

Tá Ceatharlach mar chuid de dheoise Chill Dara agus Leithghlinne inniu, ach tá cúpla lonnaíocht ó Ré na Luath-Chríostaí le braith timpeall an chontae go fóill. Deirtear gur bunaíodh Mainistir Naomh Moiling thart ar an 7ú aois, agus tá fothraigh na mainistreach le feiceáil inniu. Bhí ceann de na láithreacha mainistreacha i mó in Éirinn lonnaithe i Sean Leithghlinn agus sa bhliain 630 AD cuireadh sionad eaglaise ar bun ann inar cinníodh dáta na Cásca. Bhunaigh Naomh Comgall mainistir i limistéir Cheatharlach sa 6ú aois, maireann seanfhoirgneamh eaglaise agus reilig ann inniu ar a dtugtar Mary's Abbey. Go luath sa 19ú aois bhí Ceatharlach iomraíteach as a chuid talmhaíochta, as a d'eascraigh an leasainm "the scallion eaters". Cailleadh níos mó ná leath an daonra le linn aimsir an Drochshaoil ina dhiadh sin.

 
Ardeaglais Cheatharlach

An GhaeilgeCuir in Eagar

Le linn an 19ú aois labhraíodh Gaeilge i ngach contae i gCúige Laighean, a bhfuil Contae Cheatharlach mar chuid dóibh. Bhí an Ghaeilge a labhraíodh i gContae Cheatharlach mar chuid de lárchanúint a shín ó iarthar Chonnacht chomh fada le hinbhear na Life. Bhí saintréithe aici nach bhfuil le feiceáil ach i nGaeilge Chonnacht inniu. Cuireadh béim ar an gcéad siolla ag tús an fhocail, agus tugadh tosaíocht (de réir roinnt logainmneacha) don fhoghraíocht cr san áit ina bhfuil cn le feiceáil sa litriú caighdeánach. Sampla ó Cheatharlach is ea Crukeen (Cnoincín). [7]

Inniu, tá iarrachtaí faoi lánseoil chun úsáid na Gaeilge i gCeatharlach a fhorbairt faoi choimirce na heagraíochta Glór Cheatharlach. Tá Gaelscoil (bunoideachas) agus Gaelcholáiste (oideachas dara leibhéal) i gCeatharlach, a bhfuil a n-acmhainn iomlán bainte amach acu, mar aon le Naíonra lan-Ghaeilge. Bíonn dianchúrsa Gaeilge ann do dhaltaí ó scoileanna lán-Bhéarla le linn an tsamhraidh. Deirtear go labhraítear níos mó Gaeilge i gCeatharlach ná i roinnt ceantair Gaeltachta.[8][9]

MeáinCuir in Eagar

Bunaíodh an nuachtán Carlow Nationalist sa bhliain 1883. Is nuachtán seachtanúil saor in aisce The Carlow People.

OideachasCuir in Eagar

I measc na scoileanna dara leibhéal tá Gaelcholáiste Cheatharlach, Presentation College, Tyndall College (lena n-áirítear an iar-scoil Carlow Vocational School), Tullow Community School, St Leo's College, agus St Mary's Knockbeg College sa cheantar.

I measc na n-institiúidí tríú leibhéal tá an Institiúid Teicneolaíochta, Ceatharlach, Carlow Institute of Further Education, agus Coláiste Phádraig Ceatharlach. Osclaíodh Coláiste Phádraig sa bhliain 1793, an chéad chliarscoil Chaitliceach a tógadh in Éirinn tar éis aimsir na bPéindlíthe.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Christopher Maginn (2016). "[http://dx.doi.org/10.1086/690385 Calendar of State Papers, Ireland: Tudor Period 1566–1567. Bernadette Cunningham, ed. Dublin: Irish Manuscripts Commission, 2009. xxiii + 344 pp. €65. - Calendar of State Papers, Ireland: Tudor Period 1568–1571. Bernadette Cunningham, ed. Dublin: Irish Manuscripts Commission, 2010. xviii + 366 pp. €65. - Calendar of State Papers, Ireland: Tudor Period 1547–1553. Colm Lennon, ed. Dublin: Irish Manuscripts Commission, 2015. xvii + 262 pp. €50.]". Renaissance Quarterly 69 (4): 1516–1519. doi:10.1086/690385. ISSN 0034-4338. 
  2. Edward Hyde, first earl of Clarendon (1888-01-01). "The History of the Rebellion and Civil Wars in England". The History of the Rebellion and Civil Wars in England begun in the Year 1641, Vol. 1: Books I–IV: 1–1. Oxford University Press. 
  3. D. A. Chart (1939-03). "The Civil Survey, A.D. 1654–1656. Vol. III: Counties of Donegal, Londonderry, and Tyrone, with the returns of church lands for the three counties. Prepared for publication by Robert C. Simington. Dublin: Stationery Office. 1937. £1 Is. (Irish Manuscripts Commission.". Irish Historical Studies 1 (3): 303–304. doi:10.1017/s002112140003087x. ISSN 0021-1214. 
  4. "NETWATCH: Botany's Wayback Machine" (2007-06-15). Science 316 (5831): 1547d–1547d. doi:10.1126/science.316.5831.1547d. ISSN 0036-8075. 
  5. Liam Ó Réagáin, Peadar Mac Suibhne (1962). "Rómhánach as ceatharlach". Comhar 21 (10): 26. doi:10.2307/20551328. ISSN 0010-2369. 
  6. Flanagan, Deirdre, -1984.; Flanagan, Laurence. (1994). "Irish place names". Dublin: Gill and Macmillan. OCLC 31374712. 
  7. "Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta" (1994). Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig. OCLC 33101296. 
  8. "'Bilingual town': Carlow steps up efforts to become landmark Irish language destination". www.carlowlive.ie. Dáta rochtana: 2020-02-25.
  9. "Gaeil Cheatharlach ag iarraidh stádas a bhaint amach mar bhaile dátheangach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-25.