Pádraic Ó Conaire

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir Éireannach ab ea Pádraic Ó Conaire (20 Feabhra 1882 - 6 Deireadh Fómhair 1928), agus duine de na scríbhneoirí ba thábhachtaí i luath-ré na hAthbheocana ba ea é.[1][2][3] Bhí an Conaireach gníomhach, freisin, san iriseoireacht, rud a raibh an-bheagán di le fáil as Gaeilge i dtús an 20ú haois.

Pádraic Ó Conaire
Statue of Pádraic Ó Conaire in Eyre Square Galway.jpg
Saol
Eolas breithe Gaillimh, Feabhra 28, 1882
Náisiúntacht Saorstát Éireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Baile Átha Cliath, Deireadh Fómhair 6, 1928
Oideachas
Teangacha An Ghaeilge
Gairm
Gairm iriseoir agus scríbhneoir
Saothar iomráiteach Deoraíocht (úrscéal)
Pádraic Ó Conaire.gif

Uaireanta, tugtar "Sean-Phádraic Ó Conaire" air le hé a aithint thar Phádhraic Óg Ó Conaire (bhí Pádhraic Óg ag scríobh úrscéalta éadroma faoi shaol na tuaithe i gConamara).

SaolCuir in Eagar

Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i nGaillimh sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháireacha aige, Isaac agus Michael.

 
Tír na n-Iongantas, Tír na n-Íontas, 1919

Thug a athair a aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a theip ar a ghnó i nGaillimh agus cailleadh é go gairid ina dhiaidh sin. D'éag máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893.

Mar sin bhí a mháthair agus a athair marbh faoin am a raibh sé aon bhliain déag d’aois. Dá bhrí sin, bhí ar na dílleachtaí óga, Pádraic óg agus a bheirt dheartháireacha, dul chun cónaithe lena n-uncail Patrick Conroy i Ros Muc. Cé gurbh é an Béarla teanga an tí, ceantar Gaeltachta a bhí máguaird agus d’fhoghlaim Pádraic an teanga go héasca.

Chuaigh Pádraic ar scoil i dTurlach Beag, sular bhog sé ar aghaidh go dtí Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann (bhí a uncail ina shuí go te) agus Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sé sa rang céanna le hÉamon de Valera.[4]

LondainCuir in Eagar

Bhog an Conaireach go dtí Londain sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach sa Bhord Oideachais ann. Chuir sé suim mhór i gcúrsaí Chonradh na Gaeilge. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile. Scríobh sé cuid mhaith dá scothshaothar i Londain.

Bhí an Conaireach ina chónaí le Molly Ní Mhanais[5] i Londain, gan a bheith pósta (scannalach ag an am). Bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr diftéire. Phós sé Molly faoi dheireadh sa bhliain 1926 (in oifig an chláraitheora in Lambeth).

Ar ais in ÉirinnCuir in Eagar

Ba bhoithéimeach agus fhánaí é agus é go beo bocht i dtreo dheire a shaoil, tugtha don ól. D'fhill an Conaireach ar Éirinn ag tús an Chéad Chogadh Domhanda, sna blianta 1914/1915.[6] D'fhág sé Molly agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann. Cé go raibh post aige sa Bhreatain, rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn.

Ní raibh baint dhíreach ag Ó Conaire leis an Éirí Amach sa bhliain 1916. Ach ba mhinic é i gcomhluadar na ndaoine a raibh baint acu leis tríd a chuid oibre le Conradh na Gaeilge.[7][8] Agus ba é Ó Conaire a scríobh an leabhar Seacht mBua an Éirí Amach.[9]

Bhí an-ghean ag daoine air, cé nár shaothraigh sé mórán airgid as a chuid saothar liteartha le linn a shaoil. Chaith an Conaireach an chuid is mó dá shaol fosta ina chónaí i nGaillimh, ag múineadh sna coláistí samhraidh sna Gaeltachtaí anois is arís, agus é go beo bocht i dtreo dheire a shaoil.[6]

Rinne Liam Ó Flaithearta cur síos uair amháin ar an am a raibh Ó Conaire ag fanacht sa teach aige agus gur mhol an Conaireach dhó scríobh i nGaeilge.[10]

 
Deoraidheacht, lch 149

Bás agus cuimhneCuir in Eagar

 
M'asal beag dubh, An Crann Géagach

Cailleadh é sna fichidí agus gan aige ach 46 bliain. Alcólach déanta ba ea é. Fuair sé bás in ospidéal Richmond i mBaile Átha Cliath i Mí Dheireadh Fómhair 1928 (tar éis dó cuairt a thabhairt ar phríomhoifig Chonradh na Gaeilge).

 
The Land of Wonders le Pádraic Ó Conaire, aistriú b Éamonn Ó Néill, Tír na n Íontas, 1919

Tá an Conaireach curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir i nGaillimh. Tá dealbh ina chuimhne sa bhFaiche Mór i nGaillimh.[11][8]

SaothairCuir in Eagar

Bhí ról tábhachtach ag Ó Conaire i ngluaiseacht na Gaeilge agus bhí sé ar cheann de na scríbhneoirí gearrscéalta ba thábhachtaí san athbheochan liteartha.[4]  Bhí feidhm cheannródaíoch aige ó thaobh na hiriseoireachta de fosta agus é ag scríobh do ‘An Claidheamh Soluis’– is beag duine i dtús an fhichiú haois a bhí ag scríobh alt nuachta i nGaeilge.  Chum sé drámaí, gearrscéalta, aistí critice, scéalta do pháistí agus ábhar eile, saothar mór in ainneoin go bhfuair sé bás gan ach sé bliana is daichead bainte amach aige.

Scríobh an Conaireach dhá úrscéal, Deoraíocht agus Fearfeasa Mac Feasa, chomh maith le go leor aistí agus gearrscéalta. Tá cuid de na gearrscéalta seo ar fáil sa leabhar Scothscéalta, a bhí ar an siollabas Ardteiste in Éirinn le fada an lá.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Ó CONAIRE, Pádraic (1882–1928)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  2. "Ó Conaire, Pádraic | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  3. corkcitylibraries.ie. "Beatha agus Buanna". Dáta rochtana: 2021.
  4. 4.0 4.1 4.2 "BBC - Irish - Pádraic Ó Conaire" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  5. nó Mary Agnes McManus
  6. 6.0 6.1 Seán Hutton. "Mise agus Sean-Phádraic - Pádraic Ó Conaire and me". community.fortunecity.ws. Dáta rochtana: 2021-09-13.
  7. Mar shampla, bhí an Conaireach i láthair ag Oireachtas na Samhna 1913 a reáchtáladh i nGaillimh.
  8. 8.0 8.1 "Suíomh nua do ‘Pádraic Ó Conaire’ agus é le filleadh ar an bhFaiche Mhór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  9. Pádraigín Riggs (2016). "Club Leabhar 1916 – Súil ar Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  10. Seosamh Ó Cuaig (20 Lúnasa 2019). "Pádraic Ó Conaire, Liam Ó Flaithearta agus ‘The Agony of The World’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  11. Breandán Delap (EAGRÁN 111 · IÚIL 2010). "Ó Conaire, ar Troigh gan Tuairisc" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-06.
  12. "Pádraic Ó Conaire Rogha Scéalta | Cló Iar-Chonnacht" (en-US). Dáta rochtana: 2021-10-06.
  13. "Pádraic Ó Conaire Agus Aistí Eile | Cló Iar-Chonnacht" (en-US). Dáta rochtana: 2021-10-06.