Diarmuid de Faoite

aisteoir Éireannach

Aisteoir agus scríbhneoir as Contae an Chláir is ea Diarmuid de Faoite. Tá cáil bainte amach aige as a bheith ag aisteoireacht ar stáitse, i gcláir teilifíse agus i scannáin.

Infotaula de personaDiarmuid de Faoite
Beathaisnéis
Breith1967
56/57 bliana d'aois
Inis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0208302 Facebook: diarmuid.defaoite Cuir in eagar ar Wikidata

Gairm cuir in eagar

Is as Inis i gContae an Chláir ó dhúchas do Dhiarmuid de Faoite. Rinne sé roinnt aisteoireachta ar scoil ina cheantar dúchais, Inis, Contae an Chláir, ach ní dheachaigh sé léi i gceart go dtí go raibh sé san ollscoil.[1]

Bhain sé Baitsiléir Eolaíochta sa Luibheolaíocht amach ó Ollscoil na Gaillimhe. Chuaigh sé ar ais chun na hollscoile i 1991 agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an mhuireolaíocht i gcomhar céime máistreachta. Bhí sé ag cur faoi i gCarna i gConamara agus ag obair i saotharlann ansin agus bhain sé Ard-Dioplóma san Uisceshaothrú amach.[1]

Fuair sé MA i dTeiripe Dhrámaíochta ó Ollscoil Roehampton i Londain.[2]

Chaith de Faoite seal ag obair mar Fheidhmeannach Drámaíochta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

 

Na hEalaíona cuir in eagar

Nuair a d'fhág an Faoiteach Ollscoil na Gaillimhe, thosaigh sé.ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis Na Fánaithe sna 1980idí, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais. Mic léinn a bhunaigh an compántas seo agus ní raibh sé ach bliain ar an saol nuair a thosaigh sé ag aisteoireacht leis ar dtús. Chaith sé roinnt blianta leis na Fánaithe ach ansin thosaigh an neamhchinnteacht a bhaineann le saol an aisteora ag déanamh tinnis dó. D’fhág an Faoiteach Na Fánaithe i 1992.[1]

D'éirigh sé ina láithreoir do chlár Gaeilge ar RTÉ, ina measc “Ecu! Ecu!”, “Eureka!”, clár thráth na gceist, agus ar “The Morbegs”, clár puipéad a bhí dírithe ar pháistí réamhscoile. I rith na tréimhse seo chomh maith chuaigh sé go hOileán Leodhais in Albain, áit a raibh sé páirteach sa tsobalsraith “Machair”. Sa chlár seo, bhí ról Donoghue aige, caimiléir agus slíodóir as Éirinn a bhí i gcónaí ag iarraidh teacht i dtír ar dhaoine.

Tháinig aithne ag an saol mór ar Dhiarmuid de Faoite mar Jack i sobalchlár TG4, “Ros na Rún”. agus chuaigh sé ar chamchuairt leis.

Léiríodh dráma aonair le Diarmuid de Faoite, “Pádraic Ó Conaire”. sa Taibhdhearc i nGaillimh i mBealtaine 2001.

Fuair an Faoiteach ainmniúchán do gradam IFTA dá ról sa tsraith Corp+Anam (ar TG4 ó 2011 ar aghaidh). Bhí Arracht (2019), Finky (2019) agus Foscadh (2021)[3] i measc na scannán eile a raibh sé ag aisteoireacht iontu.

Tháinig aistriúchán ar an gcnuasach gearrscéalta Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire amach in 2023.

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Gradam Alumni air sa bhliain 2024.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Éamonn Ó Dónaill (Feabhra 2002). "Diarmuid de Faoite" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-04-04.
  2. 2.0 2.1 "Aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do Dhiarmuid de Faoite" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-04). Dáta rochtana: 2024-04-04.
  3. "Foscadh" (as en) (2024-01-22). Wikipedia.