Osclóidh seo an príomhroghchlár
Carna
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Galway Magnified.png
Daonra (2002)
Airde: 4 m
Contae: Contae na Gaillimhe
Cúige: Connachta
radharc, An Coilín

Is sráidbhaile é Carna atá suite in Iorras Aithneach i nGaeltacht Chonamara, Contae na Gaillimhe, timpeall ar 50 ciliméadar siar ó Chathair na Gaillimhe. Tá traidisiún láidir amhránaíochta, ceoil, damhsa Gaelach agus bádóireachta fite fuaite i gcultúr ársa an cheantair.

Tá eaglais Luath-Chríostaí le feiceáil ar Oileán Mhic Dara. Bíonn oilithreacht agus rás bád ar siúl ann gach bliain. Ta gallán le feiceáil ag Loch na Scainimhe.

Tá roinnt oileáin an-ghar don chósta sa cheantar seo. Ina measc tá Fínis, Maínis, Bior Beag agus Bior Mór.

Daoine cáiliúilaCuir in Eagar

B'as Carna don bheirt fhonnadóirí cáiliúla Seosamh Ó hÉanaí (nó Joe Éinniú mar a thugtaí air freisin) agus Sorcha Ní Ghuairim (a bhí ina bhean léinn freisin). Bhí cónaí ar an seanchaí Éamon a Búrc i gCarna freisin. Is i gCarna freisin, a bhailigh Seán Mac Giollarnáth, an bailitheoir béaloidis, an-chuid scéalta agus amhráin. Is ann a bhí cónaí ar Dhara Bán Mac Donnchadha, an t-amhránaí sean-nóis, chomh maith.

OllscoilCuir in Eagar

Tá dhá ionad ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gCarna:

  • Is ionad oideachais 3ú leibhéal é Áras Shorcha Ní Ghuairim. Bíonn réimse leathan de chláir ollscoile agus de ghníomhaíochtaí forbartha pobail idir lámha ag an ionad atá dírithe ar láidriú an phobail Ghaeltachta. Ritear an t-ionad faoi stiúir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
  • Tá ionad bitheolaíochta na mara lonnaithe i Maoinis (oileán in aice le Carna atá ceangal aige leis an mórthír)

StairCuir in Eagar

I Lúnasa 2017, bhí suíomh idirlín[1] faoi stair Loch Conaortha in Iorras Aithneach i gConamara curtha i dtoll a chéile ag coiste áitiúil[2].  Bhí imní ar lucht an choiste faoin laghdú mór atá tagtha ar an daonra i Loch Conaortha le blianta agus iad ag iarraidh go gcoinneofaí cuimhne ar na daoine agus ar na nósanna a bhí ann san aimsir a caitheadh.

I measc an ábhair atá le feiceáil ar an suíomh, tá léarscáil de na garraithe, na fothraigh, na cnoic agus na háiteanna a mbíodh stileanna poitín. Tá cur síos ann ar shlí mhaireachtála na ndaoine srl.

TagairtíCuir in Eagar