Léarscáil
Léiriú grafach eolais spásúil ar áit ar dhromchla plánach trí úsáid siombailí is comharthaí. De ghnáth, táirgtear léarscáil ar chúinsí ar leith. Mar shampla, i léarscáileanna cadastracha léirítear úinéireacht na talún, i léarscáileanna topagrafacha léirítear airíonna rilífe is réimse talún, agus i léarscáileanna téamacha léirítear airíonna ar leith, cosúil le déine daonra, bealaí busanna nó eile. Léiríonn na léarscáileanna is seanda, ar tháibléid chré, eastáit lucht an rachmais sa Bhablóin timpeall 2500 RC. Ó na Gréagaigh ársa a thagann traidisiún na léarscáilíochta san Eoraip.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Léarscáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 400.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |