Áras Shorcha Ní Ghuairim

ionad Gaeltachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i Roisín na Mainiach

Is ionad Gaeltachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Áras Shorcha Ní Ghuairim. Tá sé suite i Roisín na Mainiach, dhá mhíle taobh thoir de shráidbhaile Charna, i gContae na Gaillimhe, Éire.

Áras Shorcha Ní Ghuairim

Bunaíodh an tÁras sa mbliain 1998 agus ainmníodh in ómós d'amhránaí cáiliúil ón gceantar, Sorcha Ní Ghuairim (1911-1976)[1]. Tá stórchiste de chartlanna á ndigitiú san Áras, ar mhaithe le hacmhainní taighde agus foghlama comhaimseartha a chur ar fáil. Ritear cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge, béaloidis agus ríomhaireachta ann.

Áras Shorcha Ní Ghuairim

Tá áras eile de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh i Roisín na Mainiach: Áras na hOllscoile. Mar chuid d'Áras Shorcha Ní Ghuairim atá sé seo á riaradh.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Sroiste 15 Deireadh Fómhair 2017.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar