Sorcha Ní Ghuairim

amhránaí Éireannach

Amhránaí agus scoláire léinn Éireannach ab ea Sorcha Ní Ghuairim (10 Deireadh Fómhair 191115 Nollaig 1976). Ba mar amhránaí ba mhó a bhain Sorcha Ní Ghuairim ainm amach.[1] Bhain Sorcha clú agus cáil amach lena fonn breá cinn, ach is ar son chur chun cinn na Gaeilge is mó a thug sí dua.[2]

Infotaula de personaSorcha Ní Ghuairim
Beathaisnéis
Breith11 Deireadh Fómhair 1911
Roisín na Mainiach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1976
64/65 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCeol gutha
Teaghlach
SiblínMáire Ní Ghuairim

Musicbrainz: 5f3ee891-421c-469e-b1b3-16eed4c090cd Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

 
Carna

Rugadh í ar an 10 Deireadh Fómhair 1911 i Roisín na Mainiach, Carna, Contae na Gaillimhe, Éire. D’éirigh sí aníos i gceantar a raibh cáil na fonnadóireachta air agus ní hiontas, dá réir, go raibh na hamhráin ón gcliabhán aici féin.

Chuaigh sí ag Scoil an Chlochair ar an mbaile sin, áit a n‑iarrtaí uirthi amhráin a chasadh ar ócáidí speisialta nó ar chuairt cigire.[1]

 
Coláiste na Tríonóide

Baile Átha Cliath cuir in eagar

Ar chríochnú a cúrsa léinn di i 1932, thug Sorcha a haghaidh ar Bhaile Átha Cliath, áit a raibh post faighte ag a deirfiúr Máire di ag múineadh leis an gCoiste Gairmoideachais.

Ceapadh Sorcha mar léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1941, áit ar fhan sí go 1955. I 1947 bronnadh uirthi an chéim M.A. jure officii.[3]

Bhí sí ina colúnaí do Scéala Éireann faoin ainm cleite "An Coisín Siúlach" agus ceapadh mar eagarthóir Gaeilge í. Scríobhadh sí leathanach na bpáistí faoin ainm "Niamh Chinn Óir". Bhí 'Sgéal Taimín Mhic Luiche' i measc na scéalta seo.

Amhránaíocht cuir in eagar

 
Ó 1939 i leith, bhí lámh mhór ag Sorcha i bhfeiseanna áitiúla a bhunú, trína dtabharfaí an deis don sciar ab fhearr de na hiomaitheoirí páirt a ghlacadh i bpríomhchomórtais an Oireachtais i mBaile Átha Cliath.[4]

Is mar amhránaí sean-nóis is mó a d’fhan cuimhne uirthi.[5]

Thaifead cartlannaí Choimisiún Béaloideasa Éireann, Seán Ó Súilleabháin, ó Shorcha i 1940, taifead atá anois le cloisteáil ar an dlúthdhiosca (CEF182), a léirigh Ríonach Uí Ógáin agus a d’fhoilsigh Gael Linn agus Comhairle Bhéaloideas Éireann a bhliain 2002.[1]

Is í a chur an chéad cheirnín sean-nóis amach a taifeadadh i Meiriceá i 1945. I Nua-Eabharc agus í ar cuairt ag a deartháir i 1945, thaifid sí amhráin i stiúideo agus d’eisigh an comhlacht Folkways ar cheirnín i 1957 iad. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht mar chaiséad i 1990 é faoin teideal "An Chéad Dólás"  (CIC008).[1] Tá sé amhrán ar an gceirnín seo - "Brighid Ní Ghaoradh", "Máire Ní Mhaoil Eoin", "hÓbha-Inn", "D-tigeas ó Deabhasa", "Seacht nDólás na Maighdine" agus "An Draighneán Donn" - i dteannta scéal ón mbéaloideas, "An Ceannaidhe Fíreannach agus an Ceannaidhe Breagach". D'ath-eisigh Cló-Iar Chonnachta an t-albam seo i riocht caiséid.

 
in aice le Sráid Monck (bóthar Horseferry)ːtá an chathair athraithe go huile is go hiomlán ó shin

Bás agus tionchar cuir in eagar

D’fhág sí Éire tamall sa bhliain 1955 agus bheadh cónaí uirthi feasta i Londain agus obair a bhí go maith faoi bhun a cumais mar shlí bheatha aici. Meastar gurbh é meath na Gaeltachta agus athruithe mar an cló rómhánach agus an caighdeán oifigiúil a d’fhág gan mhisneach í.[5] Deirtear go raibh foclóir de chora cainte curtha i dtoll a chéile aici agus gur cailleadh é thall.

D'éag sí ar 15 Nollaig 1976, ... b'fhéidir, agus in aois 65 di. Bhí sí marbh ina hárasán ar Shráid Monck,[6] i Westminster Londain le tamall sular fritheadh an corp go gairid roimh Nollaig 1976.[5]

Féach freisin   cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Sorcha an t‑Amhránaí | Coisín Shiúlach". www.xn--sorchanghuairim-bpb.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
  2. "Sorcha an Múinteoir | Coisín Shiúlach". www.xn--sorchanghuairim-bpb.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
  3. Ó Glaisne, R. 1992. . Baile Átha Cliath: Preas Choláiste na Tríonóide.
  4. "Oireachtas na Gaeilge | Coisín Shiúlach". www.xn--sorchanghuairim-bpb.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
  5. 5.0 5.1 5.2 "NÍ GHUAIRIM, Sorcha (1911–1976)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
  6. Google Maps. "Monck St" (en). Monck St. Dáta rochtana: 2021-04-16.