Oireachtas na Gaeilge

féile cultúrtha bliantúil

Féile chultúrtha is ea an tOireachtas.[1][2] Is í an aidhm atá leis an Oireachtas ná na healaíona dúchasacha Éireannacha a chur chun cinn agus a cheiliúradh[3][4] trí mheán na Gaeilge—idir amhránaíocht, cheol, rince, scéalaíocht agus dhrámaíocht.[5]

Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana, go háirithe Oireachtas na Samhna, ar súil thart fá Oíche Shamhna. Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta ag na féilte. Tá i bhfad níos mó imeachtaí agus pléaráca eile ar súil ag an fhéile na laethanta seo m.s. ceolchoirmeacha, drámaí, oíche grinn, seolta dlúthdhioscaí, cláracha teilifís agus raidió á chraoladh beo agus Club na Féile—oíche atá go hiomlán craiceáilte. Tá an taobh sóisialta den fhéile tábhachtach fosta—ag bualadh le daoine ó gach áit in Éirinn agus thar lear.

Na comórtaisCuir in Eagar

Tá na comórtais lárnach don fhéile, mar a bhí siad ón am a bunaíodh é. D’fhéadfá a rá go gurbh é comórtas Chorn Uí Riada mar ‘Chorn an Domhain’ fa choinne amhránaíochta traidisiúnta an tSean-Nóis agus mar buaicphointe na seachtaine.

 
Bhí páirt lárnach ag an Oireachtas in athbheochan damhsa sean nós fosta

Eagraítear sraith comórtas gach bliain do scríbhneoirí óga agus do scríbhneoirí fásta, faoin teideal Comórtais Liteartha an Oireachtais, chun cuidiú le litríocht chomhaimseartha a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do dhaoine atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge a bhaineann ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla oibre.

Bhí páirt lárnach ag an Oireachtas in athbheochan damhsa sean nós fosta . Anois is iad na comórtais sin—no Steip mar a bhearr siad orthu—mar bhuaicphointe eile na féile.

StairCuir in Eagar

Cuireadh tús le féile aon lae i 1897, ceithre bliana tar éis bhunú an Chonartha i 1893. Bhí an chéad Oireachtas ar an Luan, 17 Bealtaine 1897, agus é ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda i mBaile Átha Cliath.[6] Is cúis iontais gur fhreastail os cionn 1,000 duine ar an bhféile leathlae sin.

Tháinig meath ar an Oireachtas ag tús na 1920í agus tar éis Oireachtas na bliana 1923 ní raibh ceann eile go dtí 1939 nuair a bhí aththosú air i mBaile Átha Cliath. D'fhan sé sa phríomhchathair le linn na 1940í, 1950í agus 1960í.

Cuireadh brú a chur ar Chonradh na Gaeilge é a bhogadh amach as an nGalltacht agus reáchtáladh Oireachtas na nGael i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara). Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.

 
Darach Ó Scolaí ag 'Oireachtas na Gaeilge 2015', agus 'Oileán an Órchiste' ina lámh aige, aistriúchan agus oiriúnú a rinne sé ar 'Treasure Island' le Robert Louis Stevenson

Suímh an OireachtaisCuir in Eagar

Ní raibh an tOireachtas ar siúl 1924 go 1938

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Baile | An tOireachtas". www.antoireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-10-26.
  2. "https://twitter.com/oirnagaeilge" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-10-26.
  3. Mairin Nic Dhonncha. "Oireachtas na Gaeilge ar YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2020-10-26.
  4. arts.ulster.ac.uk. "Oireachtas na Gaeilge". Dáta rochtana: 2020.
  5. The Irish Voice. "An Teanga Beo | The Irish Voice" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-10-26.
  6. Féilire (2020-10-26). "Oireachtas na Gaeilge 1897" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-10-26.
  7. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin 2006 ar an leabhar Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac 2005) agus bronnadh Duais Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006 ar Cló Mhaigh Eo, le linn Oireachtas na Samhna i nDoire Cholmcille.