Osclóidh seo an príomhroghchlár

Gleann Cholm Cille

baile i gContae Dhún na nGall
Eaglais Cholm Cille, eaglais Anglacánach an bhaile

Baile in Éirinn is ea Gleann Cholm Cille. Tá sé suite sa Ghaeltacht in iardheisceart Chontae Dhún na nGall. Tá ceanncheathrú Oideas Gael suite sa bhaile[1], chomh maith leis An Clachán, díol turasóireachta a thaispeánas an saol mar a bhí sna 18ú, 19ú agus 20ú céadta in Iarthar Dhún na nGall, chomh maith le siopa ceardaíochta agus caifé a bheith ann.[2] Ritheann an cosán siúlóide Conair Cholm Cille tríd an bhaile fosta.

Sa bhliain 2016, bhí 217 dhuine ina gcónaí ann. Taispeántar sonraí faoi athruithe ins an daonra ins an tábla seo thíos:[3][4]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 238 - -
2011 212 -26 -10.9%
2016 217 +5 +2.4%

LeabhairCuir in Eagar

  • Watson, Seosamh, eag. (1989). Oidhreacht Ghleann Cholm Cille. An Clóchomhar Tta.

TagairtíCuir in Eagar