Leabhar Breac (foilsitheoir)
foilsitheoir Éireannach
(Athsheolta ó Leabhar Breac)
Comhlacht foilsitheoireachta Éireannach is ea Leabhar Breac. Bhunaigh Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí an comhlacht sa bhliain 1995.
Ba é an t-úrscéal An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil an chéad leabhar a d'fhoilsigh siad, agus ó shin tá leabhair uile Liam Mhic Cóil foilsithe acu mar aon le mórchuid leabhar eile.
Ón mbliain 2001 is é Darach Ó Scolaí atá i mbun stiúrtha an chomhlachta atá lonnaithe i gClochar na Locha in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige.
Ar na leabhair eile a foilsíodh le Leabhar Breac, tá
- Fontenoy le Liam Mac Cóil, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2006,
- Hula Hul le Seán Mac Mathúna, agus
- An Cléireach le Darach Ó Scolaí a bhuaigh Duais an Oireachtais 2007.