Darach Ó Scolaí
Scríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí.
Darach Ó Scolaí | |
Dáta breithe | [[]] |
Éire | |
Náisiúntacht | Éireannach |
Gairm | Scríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir |
Duaiseanna | Gradam Bháitéir Uí Mhaicín, 2005
Stewart Parker Award, 2006 Gradam Uí Shúilleabháin, 2006 Duais an Oireachtais, 2007 Gradam Uí Shúilleabháin, 2008 |
Bhuaigh An Cléireach, úrscéal leis atá suite sa chéad leath den 17ú haois, Duais an Oireachtais 2007. D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar i 2007. Foilsíodh an dara húrscéal leis, Na Comharthaí, in 2014.
Léiríodh dhá dhráma stáitse leis an údar, Coinneáil Orainn (An Taibhdhearc 2005) agus An Braon Aníos (Salamandar 2006, 2007). Scannánaíodh dhá ghearrdhráma eile leis, Cosa Nite (Rosg 1998) agus An Leabhar (Rosg 2000). Bhuaigh Coinneáil Orainn Duais Bhaitéir Uí Mhaicín agus an BBC NI Stewart Parker Award 2006. Tá scripteanna Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos ar fáil ó Leabhar Breac, agus foilsíodh leagan próis de Cosa Nite (Rosg 2000).
Tá leabhair do léitheoirí óga scríofa freisin aige. Sa tsraith Scéalta Staire (Leabhar Breac) scríobh sé Gráinne Mhaol Ní Mháille, Tadhg Dall Ó hUiginn, Mánas Ó Dónaill agus Seán Ó Néill, agus d'fhoilsigh sé aistriúchán ar Treasure Island le Robert Louis Stevenson, Oileán an Órchiste (Leabhar Breac, 2014)
Bhunaigh Darach Ó Scolaí an comhlacht foilsitheoireachta Leabhar Breac i 1995 in éineacht lena dheartháir, an clóghrafadóir, Caomhán Ó Scolaí. Is iad Leabhar Breac a d'fhoilsigh na húrscéalta le Liam Mac Cóil, An Dochtúir Áthas (1995), An Claíomh Solais (2000), agus Fontenoy (2006), agus an t-úrscéal is deireanaí le Seán Mac Mathúna, Hula Hul.
Is é a bhunaigh an chomhdháil ealaíne Ealaín ar Oileán in Inis Oírr i 2004 i gcomhar le Val Ballance, agus is é atá á stiúradh ó shin.
Naisc SheachtrachaCuir in Eagar
- Suíomh gréasáin oifigiúil Dharach Uí Scolaí
- Suíomh gréasáin Leabhar Breac
- Suíomh gréasáin Ealaín ar Oileán
- Suíomh gréasáin Bliainiris
- suíomh gréasáin Rosg
- Suíomh gréasáin Salamandar
- Agallamh leis an údar ar shuíomh Raidió na Gaeltachta
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |