Taoiseach Gaelach agus foghlaí mara i gCúige Connacht ba ea Gráinne Mhaol Ní MháilleGrace O'Malley (c. 1530 – c. 1603), ar dhuine de na mná is clúití i stair na nGael, agus gadaí mara é de réir gach tuairisce.[1][2][3] Deirtear go raibh cabhlach láidir aici ar an bhfarraige ó Oileán Cliara go Cuan Dhún na nGall. Ba é Caisleán Charraig an Ghabhála an dúnfort ba láidre dá raibh aici. Ba

Infotaula de personaGráinne Ní Mháille

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1530
Contae Mhaigh Eo (Tiarnas na hÉireann)
Bás1603
72/73 bliana d'aois
Contae Mhaigh Eo (Ríoghacht Éireann)
Gníomhaíocht
Gairmfoghlaí mara Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
TeangachaTeangacha Gaelacha, an Laidin, an Fhraincis, an Spáinnis agus an Ghréigis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh na Naoi mBliana
Teaghlach
CéileRisdeárd an Iarainn Búrc Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteTiobóid na Long de Búrca Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEoghan Ó Máille

Bean thar a bheith cróga í Gráinne Mhaol – chomh cróga go ndeachaigh sí go Sasana, agus í ina seascaidí, chun a thathant ar Bhanríon Eilís a mac a scaoileadh ón bpríosún agus a tailte a thabhairt ar ais di.[4]

Beatha cuir in eagar

Ba iníon í d’Eoghan Ó Máille dá ngartaí Dubh-Darach (nó Dubhdara) air.

Bhíodh a iníon Gráinne leis i gcuid mhaith eachtraí contúirteacha. Cailleadh Eoghan agus Gráinne in aois a naoi mbliana déag. Bhí deartháir aici ab óige ná í féin, Dónall an Phíopa, ach tháinig Gráinne i gceannas a muintire gan cead a thabhairt do dhuine ar bith ceist a shárú uirthi.

Bhain mhuintir Mháille a mbeatha as an muir, agus thóg siad a lán caisleán ar an gcósta, leithéid Chaisleán Chill Damhnait. Ghearr siad cáin ar iascairí. Bhí an chuid is mó de bharúnacht Mhuraisce in iardheisceart Chontae Mhaigh Eo faoi smacht acu[5] agus bhí Mac Uilliam Íochtair (de Búrca) in ainm a bheith mar ardtiarna acu. Ba í Gráinne an t-aon duine clainne amháin a bhí ag Dubhdara agus ag Méadhbh Ní Mháille.

Dúirt an béaloideas go raibh fonn ar Ghráinne imeacht chun na Spáinne lena hathair ar thuras trádála ach gur diúltaíodh di toisc go rachadh a folt i bhfostú sna téada; ghearr sí an chuid is mó dá gruaig chun go dtabharfadh a hathair leis í le teann náire. Deirtí gur as seo a tháinig an leasainm Gráinne Mhaol. Ach d’fhéadfadh "Maol" teacht ó Umhaill (ceantar in iarthar Chonnacht a bhí faoi smacht ag muintir Mháille).[6]

Pósadh cuir in eagar

 
Cliara, oileán a luaitear le Gráinne Ó Máille

Bhí sí pósta faoi dhó. Domhnall (Dónal) an Chogaidh Ó Flaithbheartaigh Ó Flaitheartaigh as Conamara i dtosach in 1546. Fear mór troda a bhí ann, rud a mhéadaigh a cumhacht agus a maoin: dúradh go raibh suas le míle beithíoch agus capall aici.

Rug Gráinne triúr clainne:

  • Eoghan Ó Flaithbertaigh:[7] An duine ba shine den chlann agus clú na macántachta air. Thug an Ridire Richard Bingham a bhás agus ghabh a chaisleán.
  • Méadhbh Ní Fhlaithbertaigh:[8] Clú uirthi go raibh sí an-chosúil lena máthair. Phós sí Risteard Deamhan an Chorráin a Búrc agus rug a lán páistí dó. Deirtear go raibh Gráinne agus Deamhan an Chorráin an-mhór le chéile agus gur shábháil sé ar an mbás í cúpla uair.
  • Murchadh (nó Murchad) Ó Flaithbertaigh:[9] Deirtí gur dhual athar do Mhurchadh an sult a bhain sé as an gcogaíocht. Is minic a bhuail sé Méadhbh agus a thug chluas bhodhar dá máthair toisc gur bhean í. Deir a lán foinsí gur fheall sé ar a mhuintir agus gur thaobhaigh sé le Bingham tar éis mharú Eoghain. Nuair a chuala Gráinne é sin dúirt sí nach labhródh sí leis go deo arís, agus is minic a mhaslaigh sí é.

In 1565 mharaigh naimhde Dhónaill é agus é ag sealgaireacht sna sléibhte timpeall Loch Coirib, rud a tharla de thoradh é féin agus na Seoighigh a bheith i gcochall a chéile i ngeall ar Chaisleán na Circe ar an loch.

Tar éis bhás Dhónall an Chogaidh, d’fhág Gráinne ceantar Iar-Chonnacht agus d’fhill ar a fód féin maille le roinnt mhaith Flaitheartach. chun cónaithe ar Chliara.[10] Deirtear gur ghlac sí chuici mairnéalach longbhriste (Aodh de Léis) mar leannán ach gur ghearr a sheal sular mharaigh Mathúnaigh Bhaile Bhóidh é.

D’ionsaigh Gráinne Dún Átha, caisleán de chuid na Mathúnach ag Cuan an Fhóid Duibh agus maraíodh lucht maraithe Dhónaill ar Oileán na Cathrach.[11]

Pósadh le Risteárd an Iarainn cuir in eagar

 
Caisleán Charraig an Chabhlaigh

Faoin mbliain 1566 bhí Gráinne pósta arís, an uair seo le Risdeárd an Iarainn a Búrc, duine de na Búrcaigh (Richard of the Iron), fear a fuair a leasainm ó cheárta iarainn ag Buiríos Umhaill, a áit chónaithe.[12] Rugadh Tiobóid na Long, 1ú Bíocunta Mhaigh Eo, dóibh (1567 -1629).

Bhí sí ag iarraidh díoltais fós ar na Mathúnaigh. D’ionsaigh sí Caisleán Dhún Átha arís agus ghabh é.[13] D’ionsaigh an Sirriam Uilliam Óg Martyn ó Ghaillimh a caisleán féin ar Chliara i Mí Mhárta 1579. Cuireadh an ruaig ar a bhuíon.

Rinneadh ‘Mac William’ de Risdeárd , príomhrialtóir Mhaigh Eo sa mbliain 1580. D'éag Risdeárd in 1583.

 
Chuaigh Gráinne go Sasana, agus í ina seascaidí, chun a thathant ar Bhanríon Eilís a mac a scaoileadh ón bpríosún

Foghlaí mara cuir in eagar

In 1593, i litir a shéan na drochghníomhartha a chuir Gráinne síos dó, dúirt an Ridire Richard Bingham gur dhuine í a chothaíodh ceannairc mar "nurse to all rebellions in the province for this forty years".[14][15]

Ba iondúil san am sin go leor long bheith ag déanamh ar Ghaillimh ón Spáinn, luchtaithe le fíonta, togha síoda, tobac, srl. B’iomaí uair a rinne Gráinne agus a cabhlach slad orthu. Ba chuma le Gráinne céard as ar tháinig long ar bith. Dhéanadh sí creach ar cheann ar bith. Chuir sí isteach chomh mór sin ar loingeas Shasana gur thairg siad £500 lena gabháil, ach bhí sé fánach acu.[1]

In 1588, d’imigh long mhór Spáinneach (400 fear uirthi) i dtír i ngar do Chuan Mó agus corr-áit eile. Maraíodh iad uilig agus ba iad muintir na háite a mharaigh cuid mhaith díobh.[2]

Breis is fiche bliain tar éis a báis, chuimhnigh Fear Ionaid ar an gcumas a bhí inti mar cheannasaí catha agus ar an gcáil a bhí uirthi fós i measc na nÉireannach.[16][17]

Eilís I Shasana cuir in eagar

Mhair Gráinne in aimsir Eilíse Shasana. In 1593, nuair a ghabh Richard Bingham, gobharnóir Chúige Connacht, a mic Tiobóid a Búrc agus Murchadh Ó Flaithbheartaigh agus a leasdeartháir Dónal an Phíopa, chuaigh Gráinne chun Sasana chun a iarraidh go scaoilfí saor iad. Chuir Eilís I liosta ceisteanna chun Gráinne agus cuireadh na freagraí ar ais chun na Banríona. Bhuail siad le chéile ag Pálás Greenwich agus gúna breá ar Ghráinne.[18]

Rinne siad a gcomhrá i Laidin, mar ní raibh Béarla ag Gráinne ná Gaeilge ag Eilís. Rinne siad socrú: bhainfí Bingham dá phost agus stadfadh Gráinne de chabhrú leis na tiarnaí reibeiliúnacha in Éirinn, i measc rudaí eile. Ach ba ghearr gur tháinig Bingham ar ais agus theip ar Ghráinne seilbh a fháil ar an eallach agus an talamh a bhain Bingham di. Thaobh sí leis na hIarlaí i gCogadh na Naoi mBliana.

Níor thaispeáin Eilís umhlaíocht dá laghad di. Thairg Eilís ‘teideal’ di ach d’eitigh Gráinne é ach tugadh an teideal ‘Iarla Mhaigh Eo’ dá mac, Tiobóid na Long.[2]

Bás cuir in eagar

Is dócha go bhfuair sí bás i gCaisleán Charraig an Chabhlaigh timpeall 1603, bliain bhás Eilíse féin. Ba ghnách a muintir a chur i Mainistir Chliara.

Foinsí cuir in eagar

Inniu tá an fíorscéal fite fuaite leis an bhfinscéal go minic. Ó fhoinsí Béarla a thagann an chuid is mó den fhianaise i dtaobh bheatha Ghráinne Ní Mháille, mar ní luaitear sna hannála í. Níl fáil anois ar “leabhar” a muintire, bailiúchán dánta agus ábhair eile den chineál ba ghnách le teaghlaigh uaisle a choinneáil. Níl íomhánna di le fáil a rinneadh lena linn.

Tá eolas go leor le fáil sna "Articles of Interrogatory", ocht gceist déag a breacadh síos ar son na Banríona.[19] Luaitear i bPáipéir Stáit Shasana agus i gcáipéisí eile dá leithéid í, agus sampla de sin is ea litir a chuir an Fear Ionaid Sir Henry Sidney chun a mhic Phillip in 1577: "There came to mee a most famous femynyne sea captain called Grace Imallye, and offred her service unto me, wheresoever I woulde command her, with three gallyes and two hundred fightinge men..."[20]

 
Dealbh i Westport House

Béaloideas cuir in eagar

Bhailigh Seán Ó Donnabháin béaloideas ina taobh sna 1830í agus sna 1840í ar son Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. I litir a scríobh sé in 1838 deir sé go bhfuil sí "most vividly remembered by tradition and people were living in the last generation who conversed with people who knew her personally".

Charles Cormick of Erris, now 74 years and six weeks old, saw and conversed with Elizabeth O'Donnell of Newtown within the Mullet, who died about 65 years ago who had seen and intimately known a Mr Walsh who remembered Gráinne. Walsh died at the age of 107 and his father was the same age as Gráinne.[21]

Deir scéal amháin gur thug Gráinne leadhbairt mhaith den teanga dá mac Tiobóid i rith ionsaí ar Chaisleán Cheann Toirc nuair a shíl sí go raibh sé ag loiceadh na troda: "An ag iarraidh dul i bhfolach ar mo thóin atá tú, an áit a dtáinig tú as?".[22] Dúirt sí freisin, más fíor, "go mb'fhearr léi lán loinge de chlann Chonraoi agus de chlann Mhic an Fhailí ná lán loinge d'ór".[22]

Tá scéal fúithi go mb’éigean di cur isteach go Cuan Bhinn Éadair. Chuaigh sí féin agus a cuid oifigeach chomh fada le caisleán Bhinn Éadair. Bhí na doirse druidte agus muintir an tí i gcionn an dinnéir. Ní bhfuair sí ach an doicheall agus an t-eiteach. Chas sí ar ais chun na farraige agus casadh oidhre an chaisleáin di agus é ag spraoi dó féin agus ag déanamh siamsa. D’fhuadaigh Gráinne léi é. Dhiúltaigh sí an gasúr a thabhairt ar ais go ngealltaí di go bhfágfaí doirse an chaisleáin oscailte feasta am béile. Tugadh an gealladh agus leanadh den nós sa gcaisleán.[2]

Oidhreacht cuir in eagar

Scríobh an cumadóir Éireannach Shaun Davey an tsraith Granuaile sa bhliain 1985, bunaithe ar shaol Ghráinne Mhaol,[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "LITRÍOCHT BHÉIL: Gráinne Ní Mháille" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-09-09). Dáta rochtana: 2023-11-23.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Máire Ní Fhinneadha (26 Eanáir 2018). "Ó DHÚCHAS: Gráinne Ní Mháille – Gráinne na gCearrbhach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-23.
  3. "O'Malley, Gráinne (fl. 1577–1597)". Oxford Dictionary of National Biography (2008).
  4. 4.0 4.1 COGG. "Shaun Davey". Dáta rochtana: 2023.
  5. Chambers, Anne (2003). Ireland's Pirate Queen: The True Story of Grace O'Malley. New York: MJF Books, lch 20. ISBN 978-1-56731-858-6
  6. Chambers 2003, lch 57
  7. Chambers 2003, lch 44
  8. Chambers 2003, lch 44
  9. Chambers 2003, lch 44
  10. Chambers 2003, lch 45
  11. "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press".
  12. Chambers 2003, lch 63
  13. Chambers 2003, lch 55-56
  14. Chambers 2003, lch 52
  15. Lambeth Palace Library MS 601, lch 111
  16. Chambers 2003, lch 53
  17. Calendar of State Papers Relating to Ireland (James I) 1623, no. 997. (London 1860–1912)
  18. Chambers 2003
  19. Féach an forábhar in Chambers, 2003.
  20. Lambeth Palace Library, lámhscríbhinn 601, lch 10, luaite in Chambers 2003, lch 85
  21. Gaisford St Lawrence Papers, luaite in Chambers 2003, lch 73
  22. 22.0 22.1 Ordnance Survey Letters, Mayo, vol. II, luaite in Chambers 2003, litriú nuachóirithe.