Tiobóid na Long de Búrca, 1ú Bíocunta Mhaigh Eo

thaoiseach Éireannach
(Athsheolta ó Tiobóid na Long)

Ba thaoiseach Éireannach é Tiobóid na Long de Búrca (1567 - 18 Meitheamh 1629 i gCeann Toirc i gContae Mhaigh Eo). Ba é taoiseach na mBúrcach i gContae Mhaigh Eo é, agus bhronn na Gaill teideal "Viscount Mayo" air.

Infotaula de personaTiobóid na Long de Búrca, 1ú Bíocunta Mhaigh Eo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1567 (Féilire Ghréagóra)
Bás18 Meitheamh 1629
61/62 bliana d'aois
Contae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann
Mac William Íochtar
Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
Eile
Teideal uasalVíosa na Mhaigh Eo (1627–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeach de Búrca Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMaud Sligo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRichard Bourke, David Bourke, Meiler Búrc, 2ú Bíocunta Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRisdeárd an Iarainn Búrc  agus Gráinne Ní Mháille

Rugadh é ar an bhfarraige ach thiontaigh sé a chóta chun troid ar son na banríona. Ba mhar a chéile é ag na Máilligh timpeall ar Chathair na Mart tar éis Chath Chionn tSáile. Rinneadh ‘ridire’ de Thiobóid na Long agus bhí sé ina MP le haghaidh Mhaigh Eo 1613-1627, Viscount Mhaigh Eo. Phós sé Maud, iníon le  Conchubhar i Sligeach.[1]

Muintir cuir in eagar

Rugadh Tiobóid de Búrca ar bord loinge sa bhliain 1567, díreach roimh chath i gcoinne foghlaithe mara de réir na scéalta. Ba í Gráinne Ní Mháille (1530-1603) a mháthair, agus ba é Risteárd an Iarainn ("mac Emainn mic Uillicc"), [2] a athair. Ba é siúd an dara fear céile ag Gráinne.

Phós Tiobóid Méadhbh, iníon Dhónaill Uí Chonchúir Shligigh, sa bhliain 1584 agus rugadh ochtar clainne dóibh.

Saol cuir in eagar

Bhí Tiobóid mar ghiall ag na Gaill sna blianta 1585-1586. D'fhoghlaim sé roinnt Béarla agus é ina phríosúnach, agus bhí sé páirteach i gcathanna i gcoinne na Sasanach sna 1580í agus sna 1590í. Níor throid sé ar son na nGael, áfach, i gCogadh na Naoi mBliana. Ghabh na Sasanaigh é i dtús an chogaidh, rud a lig do Ó Dónaill neartú le fear eile mar thaoiseach na mBúrcach. Bhí cloch sa mhuinchille ag Tiobóid do Ó Dónaill dá bharr.

Fuair Tiobóid cúiteamh i ndiaidh an chogaidh: rinneadh "Sir Tibbot ne Longe Bourke" de sa bhliain 1604 agus rinneadh "Viscount Mayo" de sa bhliain 1627.

Cailleadh Tiobóid de Búrca ar an ochtú lá déag de mhí an Mheithimh sa bhliain 1629 agus cuireadh i Mainistir Bhaile an Tobair é.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Máire Ní Fhinneadha (26 Eanáir 2018). "Ó DHÚCHAS: Gráinne Ní Mháille – Gráinne na gCearrbhach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-23.
  2. "Part 11 of Annals of the Four Masters". web.archive.org (2001-05-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-24. Dáta rochtana: 2023-11-23.

Naisc cuir in eagar