Cogadh na Naoi mBliana (Éire)

cogadh in Éirinn 1594–1603

Sa bhliain 1593, thosaigh Cogadh na Naoi mBliana (dá ngairtear freisin An Cogadh Naoi mBliana, srl),[1][2][3] a mhair ar feadh naoi mbliana. Uaireanta glaoitear Reibiliún Thír Eoghain air (Tyrone Rebellion i mBéarla) nó Cogadh an Dá Aodh, ón cheannaire Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain, agus Aodh Rua Ó Dónaill, taoiseach Thír Chonaill. Freagra a bhí sa chogadh go príomha ar choncas leanúnach na dTúdarach ar Éirinn, agus ba chuid é freisin den Chogadh Angla-Spáinneach agus Cogaí Reiligiúnda na hEorpa.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCogadh na Naoi mBliana
Concas na dTúdarach ar Éirinn
Cineálcogadh
DátaBealtaine 1593 –  30 Márta 1603
ÁitÉire
RannpháirtitheÉire Ghaelach, an Spáinn Hapsburgach, Ríocht Shasana agus Ríoghacht Éireann
1600

Bhunaigh Anraí VIII Shasana Ríocht na hÉireann sa bhliain 1542 mar chríoch faoi smacht Shasana. Ghlac clanna éagsúla le flaitheas Shasana faoin bpolasaí 'Géilleadh agus Athbhronnadh'. Go luath sna 1590idí, bhí fuath agus fearg forleathan i measc uaisle Gaelacha i gcoinne riail Shasana, de bharr taoisigh Ghaelacha a chur chun báis, creachadh a gcuid críoch, agus géarleanúint in aghaidh na gCaitliceach. Meastar gur thosaigh an cogadh nuair a d’éirigh Aodh Mag Uidhir amach in aghaidh cheapachán Humphrey Willis i bhFear Manach. Thosaigh an cogadh in Ultaibh agus i dtuaisceart Chonnacht nuair a d’éirigh tiarnaí Uladh, sé sin Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, agus Aodh Ruadh Ó Domhnaill amach in aghaidh ionraí Shasana ar a gcuid tailte. Leath an cogadh ar fud na tíre ar deireadh agus tháinig cuma reiligiúnach agus náisiúnaíoch air. Bhuaigh an chónaidhm an iliomad bua in aghaidh fhórsaí na Sasanach in Éirinn, mar shampla Cath Chluain Tiobrad (1595) agus Cath Bhéal an Átha Buí (1598), ach bhuaigh na Sasanaigh cath ríthábhachtach i gcoinne an chomhghuaillíochta agus a gcomhghuaillithe Spáinneacha le linn léigear Chionn tSáile (1601–02). Tháinig deireadh leis an gcogadh le Conradh na Mainistreach Móire (1603). D’fhág go leor de thiarnaí tuaisceartacha na tíre Éire tar éis dóibh a bheith cloíte chun tacaíocht a lorg d’éirí amach nua i dTeitheadh na nIarlaí (1607), gan filleadh riamh. Ba é seo deireadh le hÉire Ghaelach agus ba é bunús é do Phlandáil Uladh.[4]

Ba é Cogadh na Naoi mBliana an comhrac ba mhó a throid Sasana i ré Éilíse agus ceann de na cinn ba chostasaí. Nuair a bhí an an chogaíocht faoi lán seoil, idir 1600 sgus 1601, bhí níos mó ná 18,000 saighdiúir ag troid in arm Shasana in Éirinn.[5] I gcodarsnacht leis sin, ní raibh níos mó ná 12,000 saighdiúir riamh in arm Shasana a bhí ag cabhrú leis na Dúitsigh le linn Chogadh na nOcht mBliana Déag.[5]"




Cogaíocht

cuir in eagar

Ar feadh naoi mbliana choinnigh comhghuaillithe an Tuaiscirt cúl ar phleananna plandála na Sasanach. Cé go raibh arm Shasana i bhfad ní ba mhó ná arm na nGael, chaill na Sasanaigh cath i ndiaidh catha, mar shampla Cath Bhéal an Átha Buí (1598) agus Cath an Chorrshléibhe (1599).

Faoi threoir straitéiseach Uí Néill agus díograis agus diongbháilteacht Uí Dhomhnaill, éirí amach éifeachtach a bhí ann. Aodh Ó Néill agus Aodh Rua Ó Dónaill a bhí i gceannas ar fhórsaí na Ghaeil agus bhí cúpla comhghuaillí acu, mar shampla Ó Súilleabháin Béir ina measc, agus fórsaí eile i gCúige Mumhan.

Bhí na Gaeil ag cur i gcoinne riail na Sasanach, go háirithe mar a bhain sí le cúrsaí creidimh agus sealúchais, de réir mar a bhí monarcacht na Sasanach ag iarraidh an Athrú Creidimh a chur i bhfeidhm in Éirinn.

 
Sir Charles Blount c 1594

Thosaigh an cogadh i gCúige Uladh ach de réir a chéile scaip an réabhlóid ar fud na tíre, go háirithe i Cúige Mumhan, agus go tailte Uí Dhónaill i gCúige Chonnacht.

Le Mag Uidhir Fhear Manach lena dtaobh, ghlac siad seilbh ar a gcuid tailte féin agus níos faide ar shiúl.

Sa deireadh thiar, theip orthu ina n-iarracht. Bhí cumhacht Shasana, go háirithe ar muir agus ó thaobh airtléire, róláidir agus tháinig cabhair ó Rí na Spáinne rómhall agus ró-shuarach.

Cuireadh ceannairí nua anonn as Sasana, an Tiarna Mountjoy agus George Carew. D'éirigh leo sin Cúige Mumhan a chur faoi chois.

 
Robert Devereux, 2nd Earl of Essex, circa 1596

Bheartaigh ceannairí Uladh ar a gcuid saighdiúirí a thabhairt aduaidh. Thimpeallaigh siad na Sasanaigh, ach ní raibh taithí ag na Gaeil ar an gcineál cogaíochta a cleachtadh ar thalamh oscailte na Mumhan. Bhí bua éasca ag marcshlua Shasana orthu. Chúlaigh na hUltaigh abhaile agus lean orthu ag troid ar feadh cúpla bliain eile.

Nuair a tháinig an chabhair a bhí iarrtha ag Ó Néill ón Spáinn go Cionn tSáile, bhí arm Shasana ábalta iad a chur faoi léigear láithreach.

Troideadh Cath Chionn tSáile i gContae Chorcaí, sa bhliain 1601, nuair a bhuail arm Shasana na tiarnaí Gaelacha agus fórsaí Spáinneacha.

Tar éis Chath Chionn tSáile i 1601, chúlaigh taoisigh na nGael go Cúige Uladh.

 
George Carew, Earl of Totnes

Tar éis briseadh ar na Gaeil, i leithinis Bhéara, Contae Chorcaí, ar an 31 Nollaig 1602, theith Donal Ó Súilleabháin agus a mhuintir. Mar sin, thosaigh tréigean agus mórshiúil ó Bhéara go Breifne, gníomh gaisce agus teip thubaisteach ag an am chéile.

Sa bhliain 1603, fuair Eilís I bás, agus fuair Séamas coróin Shasana mar ba dhual dó. Tugadh Séamas I air, mar Rí Shasana.

Ghéilleadar do na Sasanaigh sa bhliain 1603, agus tháinig deireadh leis an chogadh. Rinne Ó Néill conradh síochána leis na Sasanaigh ag an Mainistir Mhór.

 
Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain

Iarmhairtí

cuir in eagar

Bheartaigh na hIarlaí teitheadh ina dhiaidh sin go dtí an Mór Roinn, rud a rinne siad sa bhliain 1607, agus ar a dtugtar Imeacht na nIarlaí. De bharr Teitheadh na nIarlaí i 1607 chuir na Sasanaigh Phlandáil Uladh ar bun.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Téarmaí Staire". Acmhainn.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-01-15. Dáta rochtana: 5 Lúnasa, 2012.
  2. Stair-Sheanchas Éireann, Cuid a haon, le Mícheál Ó Siochfhradha, l. 121
  3. Tréibh (2003). "Stair na hEireann a ligean le sruth le fonn agus le failli" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-08-14.
  4. Farrell, Gerard (2017-10-10). "The 'Mere Irish' and the Colonisation of Ulster, 1570-1641" (as en). Springer. 
  5. 5.0 5.1 Falls, Elizabeth's Irish Wars, lch 49