Cath an Chorrshléibhe (1599)
Tharla Cath an Chorrshléibhe (Battle of Curlew Pass) ar 15 Lúnasa 1599 sa Chorrshliabh, gar do Mhainistir na Búille (ar theorainn Ros Comáin / Sligeach).[2] Bhí Cogadh na Naoi mBliana ar siúl ag an am; d'éirigh na clanna deireanacha de chuid na nGael amach in éadan na Sasanach. Bhí Aodh Rua Ó Domhnaill ag cosaint teorainn thiar na nUladh in aghaidh ruathair Robert Devereux ('Earl of Essex').
Cogadh na Naoi mBliana | |
---|---|
Cineál | cath |
Dáta | 15 Lúnasa 1599 |
Comhordanáidí | 53° 59′ 51″ N, 8° 18′ 44″ O / 53.9975°N,8.312222°W |
Áit | Mainistir na Búille |
Tír | Ríoghacht Éireann |
Rinne arm, faoi stiúir Aodha Rua Uí Dhomhnaill, luíochán ar fhórsaí Sasanacha, faoi stiúir Conyers Clifford, nuair a bhí fórsaí na Corónach ag máirseáil trí mham sa Chorrshliabh. Bhí an lá leis na Gaeil.
Dhícheannadh Clifford agus cuireadh corp an ridire i Mhainistir na Tríonóide suite i lár an oileáin Loch Cé i ndiaidh Cath an Chorrshléibhe.[3]
An suíomh inniu
cuir in eagarBaile fearainn sléibhtiúil atá sa Chorrshliabh inniu agus áirítear suíomh catha, bóthar seanda agus leacht cuimhneacháin i measc séadchomharthaí an bhaile fearainn.
Féach freisin
cuir in eagar- Cogadh na Naoi mBliana
- Bhí ról ag Uí Dhubhda sa chath, ag cuidiú le hAodh Rua Ó Domhnaill
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Foras na Gaeilge. "Ealaín Phoiblí in Éirinn". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ nó Cath Bhearnas an Chorrshléibhe b'fhéidir
- ↑ Ó hAisibéil, Liam (NUI Gaillimh) (2013). "Logainmneacha Mhainistir na Búille". Dáta rochtana: 2021.