Clann Ghaelach is ea Uí Dhubhda (sloinne Ó Dubhda, Ní Dhubhda), suite i gContae Mhaigh Eo agus Contae Shligigh. Ghlacadar an sloinne sa 9ú haois as Dubhda mac Conmhaigh.

Armas Uí Dhubhda, Uí Fiachrach Thoir (Sligeach)
Armas Uí Fhiachrach

Stair cuir in eagar

De shliocht Uí Fhiachrach na gConnacht iad, síolraithe ó Fhiachra mac Eachach Mugmedóin, trína mhac, Dathí, an tArdrí págánach deireanach na hÉireann.[1] Tháinig a gharmhac Ailill Molt i gcomharbacht air mar rí Chonnacht agus níos deireanaí rí na Teamhrach go dtí 482. Áirítear ríthe na gConnacht eile i measc a sinsear, amhail Dúnchad Mhuirisce, Indreachtach mac Dunchadha, Ailill Meadraí mac Indreachtaigh agus Donn Cothú mac Cathail, sular tháinig a ngaoil comhraic Uí Bhriúin chun cinn.

Glaodh Uí Fhiachrach Mhuaidhe ar a gcuid críoch i dtuaisceart na Connachta, ar bhruacha na Muaidhe. Ar a mhéad is mó, bhí ann tuatha Iorrais agus Tír Amhlaidh i Maigh Eo, agus Tir Fhiachrach i Sligeach.

Ríthe Uí Fhiachrach Mhuaidhe ba ea Uí Dhubhda ón 8ú go 15ú haoiseanna. Sa bhliain 982, tuairiscítear go bhfuair Aodh Ó Dubhda (Aedh Ua Dubhda), ri Tuaiscirt Connacht, bás secura morte. Tugadh an teideal tiarna Uí Fhiachrach Muiriscce do Mhaol Ruanaidh mac Aodha uí Dubhda, a fuair bás sa bhliain 1005.[2] Tar éis dá gcríocha a tógadh i Ríocht na hÉireann isteach, bhíodar ina dtiarnaí Tír Fhiacrach.

Ó thaobh ghinealaigh de, tá dlúthghaol acu leis na clanna Uí Sheachnasaigh agus Mhic Fhirbhisigh. Príomhphátrúin Mhic Fhirbhisigh ba ea Uí Dhubhda, agus rinne siadsan mórshaothair staire Gaelacha amhail is Leabhar Mór Leacáin agus Leabhar na nGinealach.

Teacht na Normannaigh cuir in eagar

Cumhacht mhuirí den scoth ba ea Uí Dhubhda le linn na 12ú agus 13ú haoiseanna. Ar thalamh, d'éirigh siad Uí Fiachrach Muaidhe a chosaint in éadan arm uachtarach Burke agus Birmingham, cuidithe le 20 caisleán. Le teacht na Normannach ann sa 13ú haois, laghdaíodh a gcuid críoch, cé go raibh siad fís sach cumhachtach. Sa bhliain 1354, chuir SeanBhrian Ó Dubhda an ruaig ar lonnaitheoirí AnglaNormannacha as Tír Fhiachrach.

16ú haois cuir in eagar

Bhí roinnt fir Uí Dubhda ina n-easpaig Chill Ala. Mairtíreach Proinsiasach ba ea an tAthair John Ó Duada, a céasadh agus a crochadh sa bhliain 1579.

Tharla an toghchán deireanach do thaoiseach Uí Dubhda sa bhliain 1595. Faoin am seo, ní raibh siad ach ina bhfo-chlann Uí Chonchúir Shligigh. Bhí Cogadh na Naoi mBliana ar siúl ag an am, nuair a d'éirigh na clanna neamhspleácha deireanacha Gaelacha amach in éadan na Sasanach. Bhí ról ag Uí Dhubhda, ag cuidiú le hAodh Rua Ó Domhnaill ag cosaint teorainn thiar na nUladh in aghaidh ruathair Robert Devereux ('Earl of Essex') sa bhliain 1599 (Cath an Chorrshléibhe).

Cliseadh na nGael cuir in eagar

Tar éis cliseadh na nGael sa bhliain 1603, chuaigh a gcuid cumhachta go tapaidh i léig agus chailleadar a gcuid tailte. Ba é Daithí Óg Ó Dubhda, a phós sa bhliain 1636, an ghlúin dheireanach taifeadta ag Mac Firbisigh ina ghinealach. Bhí conas Cromwell ar siúl thart ar an an am, tar éis éirí amach na nUladh sa bhliain 1641.

Feictear go leor darbh ainm Uí Dhubhda i measc Caitlicigh na Comhdhála agus níos deireanaí sa 17ú haois ag troid ar son Séamais II i gCogadh an Dá Rí (1688–1691). Deirtear go raibh taoiseach na clainne, a maraíodh i gCath na Bóinne (1690), seacht dtroithe in airde.

Ba é Dubhaltach Mac Firbhisigh, gineolaí den scoth, an seanchaí (staraí oidhreachta) deireanach den chlann. Maraíodh é sa bhliain 1671.

Searmanas insealbhaithe cuir in eagar

Is uathúil iad muintir Uí Dhubhda or go bhfuil ann cur síos cruinn ar a searmanas insealbhaithe. Caomhnaítear é i Leabhar Mór Leacáin, scríofa gar d'Inis Crabhann i dTír Fhiachrach idir na blianta 1397 agus 1418.

Tharlaíodh an searmanas ag Carn Amhalghaigh ar bhruach oirthear Chuan Chill Ala. Bhíodh duine de chlann Mhic Firbisigh, staraithe ó oidhreacht Uí Dhubhda, i gceannas air.

Urraitheoir ar leith de scoláirí Mhic Fhirbisigh ba ea Tadhg Riabhach Ó Dubhda, a d'éirigh ina Thaoiseach Thír Fhiachrach sa bhliain 1417. Cuimhnítear go háirithe é sa Leabhar Mór, ina deirtear ina thásc gur éag sé ag Caisleán Inis Cabhann.

Caisleáin Uí Dhubhda cuir in eagar

Bhíodh 20 caisleán ar theorannacha Uí Dhubhda, an chuid is mó acu inniu ina bhfothraigh.

Luaite go minic mar "Caisleáin 10-bPunt", deirtear gur spreagadh dearadh na gcaisleán ag fóirdheontas 10-bPunt bronnta ag Anraí IV sa bhliain 1429. Tá stair níos ársa ag go leor díobh, óir gur tógadh iad ar daingin na Clochaoise agus na Cré-umhaoise.

Tógadh caisleán Uí Dhubhda i gCarn Amhalghaigh sa bhliain 1477, agus bhíodh siad ann go dtí athchonas Cromail. Gabhadh an caisleán mar champa míleata le linn an chogaidh Rí Liam agus fágadh é go gairid ina dhiaidh sin thereafter.

Thóg taoiseach Conchúr Ó Dubhda daingean níos lú ag Caisleán Mhic Conchúir gar do Bhéal an Átha sa bhliain 1520.

Seo a leanas a suíomhanna:[3]

  1. Loch Con
  2. An Droim Riabhach, An Mhuaidh
  3. Beaufield
  4. Caisleán Bhéal Leice, Béal an Átha
  5. Caisleán Mhic Conchúir, An Mhuaidh
  6. Castleton Manor
  7. Inis Crabhann
  8. Carahduff
  9. Ráth Lao
  10. Rosslee, Iascaigh
  11. An Droim Mór
  12. Dún Uí Chobhthaigh
  13. An Cartún
  14. An Droim Ard
  15. Lomford
  16. Flooneen
  17. Baile an Mhóta
  18. Markcree
  19. Loch Gile
  20. Bá Dhroim Chliabh
 
The ruins of the O'Dowd castle Rathlee. This is castle No:09 and is located close to the harbour of Rathlee village in Sligo. Photo: Subritzky Collection 2007.
 
The ruins of the O'Dowd castle Rosslee. This is castle No:10 and is located just on the seaward side of the village of Easky in Sligo. Photo: Subritzky Collection 2007
 
This marble memorial to the O'Dowd Kings is mounted into the wall of Rathlee castle. Photo: Subritzky Collection 2007.


Tagairtí sna hannála cuir in eagar

As Meán-Ghaeilge:

  • AIF 1126.12: Ua Dubda, ri Ua Amalgada, do badud co lucth da curach immale fris.
  • AIF 1127.11: Gilla Crist Ua Dubdai do Cenal Eogain Aelaig mortuus est.
  • AU 1446.4: Brian h-Ua Dubda do marbadh le Tír Amhalghaidh.

Cinn na Fine cuir in eagar

Féach freisin Ríthe Uí Fhiachrach Mhuaidhe

Armas cuir in eagar

Déanann O'Hart cur síos ar dhá armas le haghaidh na clainne, ceann amháin i Maigh Eo (géag sinsearach) agus an ceann eile i Sligeach.

Tiarnaí Uí Fiachrach (Maigh Eo)[4]

  • Armas – Vert à saltire or, thuas dhá chlaíomh in saltire, pointí aníos, the dexter surmounted of the sinister argent, corra diallaite agus dornchlaí óir.
  • Suaitheantas – over a coronet, a dexter hand in armour, holding a dart, proper.
  • Tacaí – dhá leon ina cholgsheasamh
  • Mana – "Virtus Ipsa Suis Firmissima Nititur Armis", Bíonn crógacht is seasmhaí faoi chothú arm

Tiarnaí Uí Fhiachrach (Sligeach)[5]

  • Armas – or à saltire sable, thuas dhá chlaíomh in saltire, pointí aníos, the dexter surmounted of the sinister argent, corra diallaite agus dornchlaí óir, thíos duilleog darach leaf, gas aníos, vert.
  • Suaitheantas – over a coronet, a dexter hand in armour, holding a dart, proper.
  • SUPPORTERS – dhá leon ina cholgsheasamh
  • Mana – "Virtus Ipsa Suis Firmissima Nititur Armis", Bíonn crógacht is seasmhaí faoi chothú arm

Daoine cuir in eagar

 
Bernard O'Dowd (c.1904)
 
Boy George (2011) photo:Andrew Hurley

Foinsí cuir in eagar

  • "The O'Dubhda Family History" By Conor MacHale, Clan O'Dowd Historian, Inniscrone, 1990.
  • "The Royal New Zealand Fencibles 1847–1852," ISBN 0-473-04716-0, Ruth Alexander, Alan la Roche, Gail Gibson. The New Zealand Fencible Society (Inc), 1997. O'Dowd family papers.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Kings of Pagan Ireland - Concise History of Ireland". www.libraryireland.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  2. ACM 1005.4
  3. Conor MacHale (staraí Uí Dhubhda)
  4. John O'Hart, "Irish pedigrees: or, The origin and stem of the Irish nation”, Imleabhar 1, James Duffy and Co. Limited, 5ú heagrán, 1892, lch. 650
  5. John O'Hart, "Irish pedigrees", imleabhar 2, lch 329