Rítheaghlaigh in iarthair na hÉireann meánaoise ba ea Na Connachta. Mhaígh siad gurbh é Conn Cétchathach, Ardrí seanscéalach, a sinsear. Tá Cúige Connacht an lae inniu ainmnithe astu. Ag amanna éagsúla ámh, bhí tailte acu fosta san Ulaid, Laighean agus Mumhain. Bhíodh an príomhionad acu ag Ráth Cruachan.[1]

Luath dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Cuireann cúige (cóiced) in úil go raibh peintearcacht ann i réamhstair na hÉireann, agus mar bhaill aici ná na Connachta,[2] na hUlaid, na Laigin, dream na Mumhain, i dteannta le Ríocht na Mí. Is amhlaidh go raibh an réim seo athraithe ag tús na staire sa luath-5ú haois, le maolú na nUlad agus le bunú rítheaghlaigh Chonnacht nua soir agus ó thuaidh.

Rianaigh staraithe meánaoiseacha teaghlaigh na gConnacht stát go ceathrar nó cúigear mac Eachach Mugmedóin: Brian (Brión), Ailill, Fiachra, Fearghas Caoch (Fergus Caech) (curtha go liteartha, b'fhéidir) agus Niall Naoighiallach (Níall Noígíallach). Ghlaoití teóra Connachta ar mhuintreacha Uí Briúin, Uí Fiachrach agus Uí Ailealla (cuireadh Uí Maine níos deireanaí ina n-ionad) sa chúige féin.[3] D'éirigh muintir Uí Néill níos láidre ná a ngaoil, agus bhunaigh nó lean siad leis an Ard-ríogacht ag Teamhraigh.

Ní chreideann David Sproule ámh, go raibh brí 'sliochtaigh Choinn' ag an bhfocal 'Connacht', ag ina ionad sin 'ardcheannas', ón bhfocal conn. Níos deireanaí, cumadh an t-ainm Conn mar sinsear na fine.[4][5]

Tá smaoineamh Sproule glactha ag staraithe amhail is Paul Byrne.[6]

Dar le ginealeolaí meánaoiseacha, ba Connachta iad muintreacha na nOiriall agus Uí Mhaine,[7][8] cé le fírinne nach raibh siad gaolta. Tá sé mollta ag roinnt scoláirí gur cuireadh iad níos deireanaí le ginealach na gConnacht.[9] Is téann iad áfach na naisc idir Uí Mhaine agus clanna na gConnacht.

Na Connachta sa Rúraíocht

cuir in eagar

Feictear na Connachta go suntasach i scéalta na Rúraíochta, faoi cheannas a rí, Ailill mac Máta, agus a mbanríona Maedhbh (ba mhaith an airí sheachanta í) ag Ráth Cruachan, ina naimhde na nUlad faoi cheannas Chonchúir mhic Neasa ag Eamhain Mhacha. Is iad na cogaidh eatarthu, go háirithe Táin Bó Cuailne, an suíomh de mhórchuid desna scéalta. Go traidisiúnta, tá na ságaí seo suite thart ar aimsir Chríost, rud a dhéanann, de réir dealraimh, iomrall aimsire. Deirtear de ghnáth go raibh na Connachta ainmnithe as Conn Céadchathach, a mhair sa 2a haois AD dar le Leabhar Gabhála na hÉireann.[10] Chun gabháil timpeall ar an deacracht seo, bhain téacsanna níos deireanaí úsáid as ainmneacha níos sine sin cheantar, mar a bhí, Cóiced Ól nÉchmacht, ainmnithe as dream ársa an cheantair, agus Cúige Gheanainn (Cóiced Genaind), ainmnithe as Genann, rí seanscéalach na bhFear Bolg.[11]

Is iarracht bhréagach í an chroineolaíocht, ámh, cumtha ag manaigh Chríostaí chun nósanna dúchais le stair chlasaiceach agus bhíobla a chur le chéile. Is níos sine iad na seanscéalta, agus is dóigh go bhfuil na scéalta úd bunaithe ar fíorchogaidh idir na Connachta agus na hUlaid.[12] Mheas Kenneth H. Jackson go dtéann an Rúraíocht siar go dtí an 4ú.[13]

Craobh ghinealaigh

cuir in eagar
 
 
 
 
 
 
 
 
Túathal Techtmar
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fedlimid Rechtmar
 
Cathair Mór
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Conn Cétchathach
 
Eithne Táebfada
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Medb Lethderg
 
Art mac Cuinn
 
Achtan
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cormac mac Airt
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cairbre Lifechair
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fíachu Sroiptine
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eochaid Doimlén
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Muiredach Tirech
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Mongfind
 
Eochaid Mugmedon
 
Cairenn
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Brión
 
Fiachrae
 
Ailill
 
Fergus Caech
 
Niall
 
Airgíalla
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Uí Briúin
 
Uí Fiachrach
 
Uí Ailello
 
 
 
 
 
Uí Néill
 
Uí Maine

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. The Oxford Companion to Irish History, lch. 111, Oxford University Press, 1998. ISBN 0-19-923483-3.
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High Kings, Four Courts Press, 2001, lch. 86
  3. Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  4. conn (b), ceann (na fine) srl., ar eDIL
  5. David Sproule, Origins of the Eoghnachta, Ériu 35, 1984, ll. 31–37.
  6. Paul Byrne, Ciannachta Breg before Sil nAeda Slaine, in Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne, (Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2000), ll. 121–126.
  7. Byrne 2001, ll. 46, 85–86
  8. Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400–800", in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland, Iml. 1, 2005, ll. 182–234
  9. Francis J. Byrne, Irish Kings and High Kings, Four Courts Press, 2001.
  10. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 331-333
  11. Margaret C. Dobs (eag. & aistr.), "La Bataille de Leitir Ruibhe", Revue Celtique 39, 1922, ll. 1–32
  12. Byrne 2001, lch. 50-51.
  13. Kenneth Hurlstone Jackson, The Oldest Irish Tradition: a Window on the Iron Age, Cambridge University Press, 1964


Teimpléad:Connachta