Uí Mhaine
Rocht mhór ársa i gcúige Chonnacht ba ea Uí Mháine.
Chuimsíodh an ríocht timpeall 1000 mi2, suite in oirthear Chontae na Gaillimhe, deisceart Chontae Ros Comáin agus at one stage had apparently subjugated land on the east bank of the Shannon, Lusmhaigh i gContae Uíbh Fhailí san áireamh.
Uí Cheallaigh | Uí Chonchúir |
Deirtear gur bhunaigh Máine Mór an ríocht timpeall na bliana ba AD 357. Bhí sé i réim le caoga bliain. Roimh a theachtsa, bhí na Fir Bholg lonnaithe sa cheantar, faoi cheannas Cian d'Fhearaibh Bolg.
Bhí dhá mhórghéag Uí Mhaine ann, mar a bhí, Uí Mhaine Tethbae soir agus Uí Mháine Chonnacht siar, agus an tSionainn eatarthu. I measc na dtuath dá gcuid, bhí a leanas: Soghain, Corca Mhogha, Dealbhna Nuad, Síol Anmchadha agus Máenmaige. Idir sliocht Uí Mhaine agus aitheachthuatha a bhí ann.
Tá muintir Uí Mháine aitheanta fosta i measc Cinn na Fine, ag Ó Ceallaigh de Ghallach agus Tycooly (Tír Chúil Aodha?), tiarna Uí Mháine agus Cunta Impireacht Naofa Rómhánach. Is dócha go bhfuil An Sionnach (Ó Cearnaigh) ina ionadaí Uí Mháine as Tethbae.
Chreidtí de shean-nós gur de shliocht Cholla dá Chrioch, duine desna Trí Colla, ba ea muintir Uí Mhaine. Bhí tuath dúchais na dTrí Colla suite i nOirialla. Molann tástáil ADN ar sliochtaigh Uilliam Buidhe Ó Cellaigh, ámh, nach bhfuil muintir Uí Mhaine le fírinne síolraithe óna Trí Colla.[1]
Luathcheannairí
cuir in eagarAinm | Blianta i réim |
Bás |
---|---|---|
Máine Mór | 50 | le hadhairt |
Breasal mac Maine Mór | 30 | le hadhairt |
Fiachra Finn mac Breasail | 17 | maraithe ag deartháir |
Connall Cas Ciabhach mac Breasail | 22 | maraithe |
Dallán mac Breasal | 11 | gointa agus báite |
Duach mac Dalláin | 16 | maraithe ag by Maine Macamh |
Lughaidh mac Dalláin | 14 | le hadhairt |
Feradach mac Lughach | 24 | maraithe ag comharba |
Marcán | 15 | maraithe le claíomh |
Nósanna
cuir in eagarDar le téacs de chuid na luath-15ú haoise, Nósanna Uí Mhaine,[2] tugadh duaiseanna agus taiscí do mhuintir Uí Mhaine amhail is:
- chuid de gach dún agus calafort sa chúige
- cuid de gach raic na mara, san áireamh:
- fíon nó earraí a tháinig i dtír ó longa briste,
- míolta móra agus éisc, ar a glaodh "éisc ríoga" a tugadh ach do ríthe agus banríonacha
- taisce fo-thalamh, mianaigh airgid, óir agus miotal eile
- trian gach cáin de rí na gConnacht nó aon chúige eile ina raibh éagóir déanta
- bhíodh éiric ollmhór ann, mar a bhí "168 bó"
Bhíodh cearta fosta ag clanna a throideadh r son Uí Maine:
- an rogha dul i mbun troda san Earrach nó san Fhómhar.
- cead filleadh abhaile tar éis 6 sheachtain troda san Ulaid nó sa Laigin.
Nósanna breithe agus báis:
- Bhíodh Uí Mhaine le baisteadh ag Comharbaí Naomh Bhríd. Dá mbeadh cónaí ar an teaghlach rófhad i gcéin b'éigean dóibh pingin a íoc
- Bhíodh sgreaball ongtha[3] le híoc dosna Comharba
Príomhchlanna
cuir in eagarSeo a leanas na príomhchlanna atá dírithe ó mhuintir Uí Mhaine:[4]
Pearsana Uí Mhaine
cuir in eagar- Thomas MacNevin
- Albéric O'Kelly de Galway
- William O'Kelly Nevin, poblachtach agus lia pearsanta le banimpire Maria Theresa na Impireachta Naofa Rómhánaí
- Edward Kelley, aitheanta furasta mar Edward Talbot (11 Lúnasa 1555 – 1 Samhain 1597), asarlaí Túdarach agus spioradálaí féin-dearbhaithe in éineacht le John Dee.
- Gerald Lally-Tollendahl, Marquis de Lally-Tollendal, príomh-aire na hAlban faoin rí Séamas I
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Dan.McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath, (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
- Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
- Denis Walsh, Ui Maine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ DNA of the Three Collas
- ↑ The Tribes and Customs of Hy-Many, commonly called O'Kelly's Country, Nósa Ua Maine, cuid 1, CELT
- ↑ screpul(l), scripul(l), scrupall, 3 phingin; ungadh; ar eDIL
- ↑ O'Donovan, John. "The Hy Many": 143–144.