Éraic
San Fhéineachas, cáin nó cúiteamh ba ea éraic (nó éric[1]; Gaeilge an lae inniu: éiric[2]) le haghaidh dúnmharaithe nó mórchoireanna eile. B'ionann é as Sean-Ghaeilge agus galanas as Breatnais agus weregild as Angla-Shacsainis agus Lochlainnis. Mhair an téarma mar 'éiric' go dtí an séú haois déag, ach faoin am sin, ag baint ach amháin le cúiteamh as marú duine Éireannaigh. Dá n-éalódh an t-ionsaitheoir, ba chóir dá mhuintir an éiric a íoc.[3]
I miotaseolaíocht na nGael, tá ról lárnach ag baint leis an éraic. Sa scéal Oidheadh Chlainne Tuireann, bhí an chlann úd faoi éiric ag Lugh. Chuir Lugh is mar chúiteamh ar shraith eachtraí dodhéanta, de réir dealraimh. D'éirigh leo i ngach ceann acu, ach bhain gortú marfach díobh agus an ceann deireanach á dhéanamh.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ éric, éraic ar eDIL
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): éiric” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-07-01.
- ↑ Charles Staniland Wake (1878). "The Evolution of Morality": 363–. Trübner & Company.