Francis John Byrne
Staraí Éireannach ba ea Francis John Byrne (1934 – 30 December 2017[1]).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1934 Shang-hai, Daon-Phoblacht na Síne |
Bás | 30 Nollaig 2017 82/83 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Chair of Early Irish History at University College Dublin (en) | |
1964 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | údar, staraí |
Rugadh é in Shanghai áit a bhí a athair, as Dún Dealgan ó dhúchas, ina chaptaen báid ar an Abhainn Bhuí. D'aslonnaigh Byrne lena mháthair go dtí an Astráil nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Tar éis an chogaidh, d'fhill idir a athair, a tháinig slán as imtheorannú, agus a mháthair ar ais go hÉirinn. D'éirigh a athair ina mháistir cuain.
Chuaigh Byrne mar dhalta chuig Coláiste na Carraige Duibhe i gContae Bhaile Átha Cliath. D'fhoghlaim sé ann Laidin agus Sean-Ghréigis, chun chur leis an Sínis a bhí aige óna óige. Ghabh sé céim chéad onóracha amach i LuathStair na hÉireann ag An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sé pailéagrafaíocht agus Laidin mheánaoiseach sa Ghearmáin, agus i ndiaidh sin then lectured ar teangacha Ceilteacha sa tSualainn. D'fhill sé ar ais go hÉirinn sa bhliain 1964 chun éirí ina ollamh ag UCD.
Is é Irish Kings and High-Kings (1973) an saothar is mó le rá le Byrne. Bhí sé ina chomheagarthóir New History of Ireland (9 imleabhar) foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann. Foilsíodh festschrift ina onóir sa bhliain 1999 faoi stiúir a iar-dhalta, Alfred Smyth.
Chuaigh Byrne ar scor sa bhliain 2000. Fuair sé bás i mí na Nollag, 2017.
Leabharliosta
cuir in eagar- Irish Kings and High-Kings. 3ú eagrán athbhreithnithe, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001. ISBN 978-1-85182-196-9
- Alfred P. Smyth (eag.), Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne. Baile Átha Cliath: Four Courts, 1999. ISBN 978-1-85182-489-2
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- UCD President's Report 2000, fógra faoi scoir Francis J. Byrne agus nóta beatha
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Fógra Báis: Prof. Francis John Byrne, Monkstown, Dublin, Ireland". Dáta rochtana: 13ú Aibreán 2018.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |