Uí Cheallaigh

clanna Éireannacha

Tá trí chlann ann in Éirinn darb ainm Uí Cheallaigh. Is í clann Uí Cheallaigh Uí Maine an ceann is suntasaí. Tá clann eile i mBreá, de shliocht Uí Néill. Tá clann shóisearach eile ann, Uí Cheallaigh Chualann, de shliocht Uí Mháil, ainmnithe as a n-áit dúchais.

Armas Uí Cheallaigh

Uí Cheallaigh Uí Mhaine cuir in eagar

Ceallach mac Fíonachta, a mhair sa 9ú haois, is ea sinsear Uí Cheallaigh Uí Mhaine. Ba é Tadhg Mór Ó Ceallaigh an chéad duine a ghlac an sloinne,[1] a maraíodh i gCath Chluain Tarbh ag tríd ar son a chomhghuaillí, Brian Bóramha, rí na Mumhan agus Ardrí na hÉireann.

Feictear luathghinealach Uí Cheallaigh i Leabhar Uí Mhaine, scríofa sa 14ú haois, faoi ord ardeaspag Thuama, Muircheartach mac Pilib Ó Ceallaigh, spreagtha ag Liam Ó Ceallaigh, taoiseach Uí Mhaine. Caomhnaítear an leabhar i nAcadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Seo a leanas chur síos ar armas Uí Cheallaigh Uí Mhaine:

"gormghlas, túr trí-chorónach, tacaithe ag dhá leon airgid ina gcolgsheasamh, agus slabhraí ag teacht anuas óna táibhlí idir chosa óir na leon[1]

Is é an mana ná:

"Turris fortis mihi Deus".[2]
Túr láidir is ea Dia dom

Uí Cheallaigh Bhreá cuir in eagar

Ceallach mac Congalaigh mhic Conaing use sinsear chlann Uí Cheallaigh, Brega. Ar cheann de Cheithre Chlann na Teamhrach is ea iad, a mheastar.[3]

Uí Cheallaigh Chuala cuir in eagar

Ceallach Cualann mac Gerthidi is ea sinsear chlann Uí Cheallaigh Chualann,[4]Uí Mháil na Laighean ag deireadh na 7ú haoise.

Caisleán Uí Cheallaigh cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "O'Kelly (No.1) family genealogy - Irish Pedigrees". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
  2. "A Little O'Kelley History". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
  3. "O'Kelly (No.5) family genealogy - Irish Pedigrees". Library Ireland. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
  4. "Ireland's History in Maps - Leinster, Laigin - The Tribes of Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-23. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.

Teimpléad:Connachta