Seo a leanas liostaí ríthe Bhreá, idir an ríocht aonthaithe, agus na fo-ríochtaí Cnóbha and Loch Gabhair i ndiaidh críochdheighilte. Is féidir a mheas gurbh Ard-Ríthe iad siúd aibhsithe go trom.

Ríthe BhreáCuir in Eagar

Tá an liosta seo bunaithe ar: Irish Kings and High Kings, Appendix II le Francis J.Byrne; Early Christian Ireland, Appendix II, le T.M.Charles Edwards; agus bearnaí líonta leis an dán Síl Aeda Sláne Na Sleg le fáil sa Leabhar Laighneach.

  1. Áed Sláine (bás 604) mac Diarmada mhic Cearbhaill
  2. Conall Laeg Breg mac Aodha Sláine (bás 612)
  3. Congal mac Áedo Sláine (bás 634)
  4. Ailill Cruitire mac Aodha Sláine (bás 634)
  5. Blathmac (bás 665) agus Diarmait (bás 665), mic Aodha Sláine
  6. Conaing Cuirre mac Congaile (bás 662)
  7. Sechnassach (bás 671) mac Blathmaic
  8. Cenn Fáelad (bás 675) mac Blathmaic
  9. Fínsnechta Fledach (bás 695) mac Dúnchadha mhic Aodha Sláine
  10. Congalach mac Conaing Cuirre (bás 696)
  11. Irgalach mac Conaing Cuirre (bás 702)
  12. Amalgaid mac Congalaig (bás 718)
  13. Conall Grant mac Cernaig (bás 718)
  14. Fogartach (bás 724) mac Néill mhic Chearnaigh Sotail mhic Diarmada
  15. Cináed (bás 728) mac Irgalaigh
  16. Conaing mac Amalgado (bás 742)
  17. Indrechtach mac Dungalaig (bás 748)
  18. Dúngal mac Amalgado (bás 759)
  19. Coirpre mac Fogartaig (bás 771)
  20. Congalach mac Conaing (bás 778)
  21. Diarmait mac Conaing (bás 786)
  22. Flann mac Congalaig (bás 812)
  23. Cernach mac Congalaig (bás 818)
  24. Cummascach mac Congalaig (bás 839)
  25. Conaing mac Flainn (bás 849)
  26. Cináed mac Conaing (bás 851)
  27. Flann mac Conaing (bás 868)
  28. Flannacán mac Cellaig (bás 896)
  29. Máel Finnia mac Flannacain (bás 903)
  30. Máel Mithig mac Flannacain (bás 919)

Ríthe ChnóbhaCuir in Eagar

Bhí Uí Chonaing lonnaithe thart timpeall ar Thailte agus Ráith Airthir i ngleann na hAbhann Móire. Tugadh a ceantear seo don tSíl nDlúthaig (géag eile an tSíl Aodha Sláine) tar éis choncas Chiannachta Breá le linn réimse Chináed mhic Iarghalaigh.[1] Faightear an teideal Rí Chiannachta don chéad uair i nAnnála Uladh don bhliain 742,[2] agus Rí Chnóbha don bhilian 818.[3] Roimhe seo, thugadh na Ciannachta an teideal ar a cheannairí féin. Is féidir ríthe níos luaite a meas mar thaoisigh Uí Chonaing.

Liosta neamhiomlán, féach Mac Samhráin, 2004.

Ríthe Loch Gabhair / Dheisceart BreáCuir in Eagar

Ní fheictear an teideal Rí Deisceird Breg i nAnnála Tiarnaigh go dtí an bhliain 729,[4] agus i nAnnála Uladh go dtí 751.[5] Is féidir a rá gur thaoisigh Uí Chearnaigh den Síol Aodha Sláine iad ceannairí níos luaite.

Tá an liosta a leanas neamhiomlán, féach Mac Samhráin, 2004.

TagairtíCuir in Eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, lch. 551–553
  2. U742.7 Strangulatio Conaing m. Amalgaidh regis Ciannachte
  3. U818.3 Ceallach m. Scannlain, abbas Cille Foibrig, Cernach m. Congalaigh rex Cnodhbai, moriuntur
  4. ?
  5. U751.2 Mors Ferghail l^ Fergusa filii Fogertaigh regis Deisceird Breg.