Conaing mac Flainn

Rí Bhreá

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Síl nÁedo Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conaing mac Flainn (bás 849). Flann mac Congalaig (bás 812), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 839 go dtí 849.

Infotaula de personaConaing mac Flainn
Beathaisnéis
Bás849
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Céileiníon anaithnid (?) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCináed mac Conaing, Flann mac Conaing Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFlann mac Conghalaigh

Bhí críche na gCiannacht ó dheas na Bóinne tógtha faoina smacht ag clann Uí Chonaing, agus dá bharr ghlaoití 'ríthe na gCiannacht' orthu le linn na tréimhse seo. Sa bhliain 841, rinne Conaing gaol iomaíochta dá mhuintir féin, Aodh mac Dúnchadha, a mharú an a lucht leanúna agus é i láthair.[2] Ina thásc sna hannála, tugtar dó an teideal rex Bregh, teideal nach n-úsáidtí ón mbliain 771 ar aghaidh.[3]

Rinneadh ríthe Bhreá freisin dá mhic, Cináed (bás 851) agus Flann (bás 868). Bean chéile an Ardrí, Flann Sinna (bás 916), ba ea a iníon, Gormlaith.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Charles-Edwards, Aguisín II
  2. Annála Uladh, 841.3
  3. AU 849.1