Annála Tiarnaigh

lámhscríbhinn a dhéanann cur síos ar stair na hÉireann

Croinic nó leabhar oiris is ea Annála Tiarnaigh (giorrúchán AT), is dócha tosaithe i gCluain Mhic Nóis i nÉirinn. Scríobhadh iad as Laidin, agus Sean- agus Meán-Ghaeilge.

WD Bosca Sonraí LeabharAnnála Tiarnaigh
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Laidin, An tSean-Ghaeilge agus An Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1500

Is é Rawlinson B 502, saothar den 12ú haois, foinse go leor iontráil réamhstairiúil.[1] Is í tábhacht na hannála ámh ná na tréimhsí 489-766, 973–1003 agus 1018–1178.[1] Caomhnaítear trí bhlúirín i lámhscríbhinn den 14ú haois, Rawlinson B 488.[1] Tá na hiontráil dosna blianta 766 go 973 caillte, ach ceaptar go bhfuil achoimre dóibh le fáil sa Chronicon Scottorum (CT).[1] Cé gur lochtach é an saothar úd don tréimhse idir 718 agus 804, tá go leor dá ábhair fréamhaithe ón mbunshaothar teoiriciúil Croinic na hÉireann, agus dá bharr tá eolas againn céard a bhí ann.[1]

Tá na hannála ainmnithe as Tigernach Ua Braín, abb Chluain Mhic Nóis, ach ní hionann sin agus gurbh eisean an t-údar. Deir nóta ámh i Rawlinson B 488 don bhliain 1088, bliain a bháis, gur scríobh Tiarnach an téacs go dtí an t-am sin.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Eagráin cuir in eagar

Tuilleadh le léamh cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Hughes, Early Christian Ireland: Introduction to the Sources, ll. 99-162.
  2. Charles-Edwards, "Ua Braín, Tigernach (d. 1088)"